18ú & 19ú Iúil 2020

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

18ú & 19ú Iúil 2020

Seú Domhnach Déag

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

AIFREANN CUIMHNEACHÁIN MÍOSA

á léamh do Dan Twomey, Cúil Iarthair

________________________________________________

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Eileen McCarthy (Ní Luasa, Ínse Mhór)

   A fuair bás le linn na seachtaine  

         Mary Jo O’Riordan, Ráth Úna

A fuair bas ag an taca seo den bhliain         

AIFREANNTAÍ   NA SEACHTAINE

   BAILE MHÚIRNE

Luan go hAoine              9.30 r.n.

Dé Satharn                    11.00r.n. & 6.30i.n.

Dé Domhnaigh                11.30 r.n.

CÚIL-AODHA

Dé Máirt                       10.30 r.n.

Dé hAoine                     7.00 i.n..

Dé Domhnaigh                10.00 r.n.

MINISTÉIRÍ NA HEOCAIRISTE

EUCHARISTIC MINISTERS

Satharn, 25ú Iúil          Stiana Kelleher

Domhnach, 26ú Iúil        Tessie Hallissey & Joan O’Leary

BAILITHEÓIRIÍ – MÍ LÚNASA (GRÚPA E)

DOOR COLLECTORS FOR JULY (Group E)

Satharn, 6.30 i.n.

– Stiana Kelleher & Paudie Murphy

– Gearóid O Scanaill & Seán O Céilleachair

Domhnach, 11.30 r.n.

– Eoin Hoare, Liam Griffin, Denis O’Riordan

BAILIÚCHÁIN / COLLECTONS

Tá alán daoine thíos ó thaobh airgid de, de bharr Covid-19. Deinim amach go bhfuil an paróiste thíos breis is €20,000.

We cannot have collections around the church because of the social distancing requirements but I would ask people to be generous at the doors both entering and leaving the churches.

If people are willing to make special offerings to the church, these would be most welcome.

AIFREANN AG SCRÍN GHOBNATAN

Dé Domhnaigh, 30ú Lúnasa ag 11.00 r.n.

á chraoladh ar RTE1teilifís

Mass at St Gobnait’s Shrine on Sunday 30th August at 11.00 am. The mass will be shown on RTE1 TV.

Comhghairdeas le Peadar Ó Riada

as a bheith roghnaithe mar

pearsan na míosa i gContae Chorcaí.

Guímíd rath air agus é istigh ar phearsa ab liana.

Maith thú !

NÓTAÍ TABHACHTACHA

  1. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as ucht an foighne a léirigh sibh le linn an tréimhse dianghlasála.
  2. Molaim do dhaoine freastal ar na hAifreantaí Luan go hAoine chun cabhrú le scaradh sóisialta ag Aifreanntaí ag an deireach seachtain.
  3. Iarraimid ar dhaoine na treóireacha scaradh sóisialta a leanúint agus úsáid a bhaint as an díghalrán atá ar fáil ag an doras. Molaimíd go gcaithfí aghaidhmhasc sa séipeal i gcónaí.
  4. Iarraim oraibh ofráiltí na Cásca agus na stáisiúin a thabhairt isteach.
  5. +++++++++++++++++++

IMPORTANT INFORMATION

  1. I would like to thank people for their patience during lockdown.
  2. I would suggest that, during the restrictions, people could avail of weekday Masses so that social distancing can be maintained at weekend Masses.
  3. I would ask people to observe social distancing in the church and use the hand sanitisers provided. People are also welcome to come to the sacristy to wash their hands if they wish. It is also recommended, where possible, that face masks are worn in the church.
  4. Please hand in any Station or Easter offerings outstanding.

             Le Buiochas – Athair Dónal Ó Briain

READING AND EXPLANATION OF THE WORD OF GOD.

When the Sacred Scriptures are read in the Church, God himself speaks to his people, and Christ, present in his word, proclaims the Gospel.

Therefore, the readings from the Word of God are to be listened to reverently by everyone, for they are an element of the great importance of the Liturgy. Although in the reading from Sacred Scripture the Word of God is addressed to all people of whatever era and is understandable to them, a fuller understanding and a greater efficaciousness of the word is nevertheless fostered by a living commentary on the word, that is, by the Homily, as part of the liturgical action.

GIRM 29

CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara LeabharhEagna  12:13. 16-19
Tugann tú maithiúnas i bpeacaí.

Níl aon Dia eile ann seachas thú féin
a bhfuil cúram na cruinne air
le go gcaithfeá-sa a chruthú dó
nár thug tú breith éagórach uait riamh.
Óir is í do chumhachtsa tobar na córa;
is é an tiarnas atá agat ar an uile ní
a thugann ort iad go léir a choigilt.
Taispeánann tú do chumhacht
nuair nach dtugtar aitheantas d’iomláine do nirt
agus daorann tú sotal na ndaoine a bhfuil eolas acu air.
Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agat
is cneasta an bhreith a thugann tú
agus rialaíonn tú sinn le trócaire.
Óir, cibé uair is toil leat é,
is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm.
Mhúin tú do do phobal leis na bearta sin
nach foláir don fhíréan bheith cineálta;
agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainne
de bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí.

Briathar Dé.  

SALM LE FREAGRA    Sm 85

Freagra  Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna.

  1. Tá tú go maith is go ceansa, a Thiarna,
    lán de ghrá do chách a ghlaonn ort.
    Éist le m’urnaí, a Thiarna,
    agus tabhair aird ar ghlór mo ghuí.                   Freagra
  2. Tiocfaidh na ciníocha do d’adhradh, a Thiarna,
    agus déanfaidh siad d’ainm a fhógairt:
    óir is éachtách thú agus is iontach do ghníomhartha,
    óir is tú amháin is Dia.                                         Freagra
  3. A Thiarna Dia na trua agus na taise,
    ar deacair thú a spreagadh chun feirge,
    agus atá lán de ghrá agus d’fhírinne,
    féach orm, agus bíodh trua agat dom.              Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na  Rómhánaigh 8:26-27
Déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail

A bhráithre, tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.

Briathar Dé.

ALLELUIA VÉARSA    Mt 11:25
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú
do naíonáin iad.
Alleluia!

SOISCÉAL     

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Matha  13:24-30
Fágtar le hais a céile ag fás iad araon go dtí an fómhar

      San am sin chuir Íosa parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d’imigh. Tháinig an t-arbhar aníos ina gheamhar, agus ansin ina dhias agus an uair sin chonacthas an cogal freisin.

Tháinig a chuid sclábhaí go dtí an fear tí agus dúirt siad leis: ‘A mháistir, an síol a chuir tú i do ghort, nach síol maith a bhí ann? Agus cad a thug an cogal ann más ea?’ Dúirt sé leo: ‘Namhaid éigin a rinne an méid sin.’ ‘Agus ar mhaith leat,’ deir na sclábhaí leis, ‘go rachaimis á bhailiú chun a chéile?’ ‘Ná déanaigí,’ ar seisean, ‘ar eagla, nuair a bheadh sibh ag bailiú an chogail, go sracfadh sibh an t-arbhar aníos san am céanna. Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’”

Soiscéal Dé.

 

AN CHRÉ.       Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.

AMEN