19ú & 20ú Meán Fhómhair

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

19ú & 20ú Meán Fhómhair

Cúigiú Domhnach is Fiche

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Íseáia 55:6-8 -Ní hiad mo bhearta bhur mbearta.

Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;
glaoigí air, fad atá sé i ngar.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós
agus fear na hurchóide a bhearta.
Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,
agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,
ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.
Is ard iad na spéartha os cionn na talún,
agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí
agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra                  Sm 144
Freagra    Is gairid an Tiarna dá ngaireann air.

  1. Beannóidh mé thú gach uile lá
    agus molfaidh mé thú dé shíor.
    Is mór é an Tiarna, is is ionmholta go mór é,
    ní féidir a mhórgacht a mheas.                Freagra
  2. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
    mall chun feirge agus lán de chineáltas.
    Is maith é an Tiarna don uile ní,
    is is trócaireach é dá oibreacha uile.        Freagra
  3. Is fíréanta an Tiarna ina shlite uile
    is is naofa é ina oibreacha go léir.
    Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
    dá ngaireann air go fírinneach.                Freagra

DARA LÉACHT
Sliocht as litir N.Pól chuig naFilipigh        1:20-24.27
Mar is é Críost is beatha domsa

A bhráithre, nglóireofar Críost i mo chorp, cibé acu beatha nó bás atá i ndán dom. Mar is é Críost is beatha domsa agus ba shochar dom an bás. Ar an taobh eile, áfach, má bhíonn rath ar mo shaothar fad a mhairim sa cholainn, ní fheadar cé acu rogha a dhéanfaidh mé. Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór. Ach is riachtanaí go bhfanfainn sa cholainn ar mhaithe libhse.

Ní mór daoibh, áfach, bhur saol a thabhairt go fiúntach de réir dea-scéal Chríost.

Briathar Dé.  

Alleluia Véarsa                      Lc 19: 38
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar. Alleluia!       

SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Matha     20:1-16
Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad. Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m’fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d’fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’

Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d’fhulaing ualach an lae agus an brothall.’ D’fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’

Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”

Soiscéal Dé.

AN CHRÉ.       Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.

AMEN

________________________________________________

Rúndiamhair an chreidimh.

Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.

The mystery of faith.

We proclaim your Death, O Lord, and profess  your Resurrection until you come again.

 

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Margaret Ann O’Connell, Má Réidh

Mary Horgan, Daingean na Saileach

A fuair bás le linn na seachtaine

Jackie Dinneen, Ballymakeera East

Michael & Nóra Lucey, Cúm a Ghadhair

Michael & Annie O’Brien, Curra Liath

Peig Burke, Ráth Úna

Seán Ó Duinnín, Cúil-Aodha

Gerard & Noreen McSweeney, Oifig an Phoist

   A fuair bas ag an taca seo den bhliain

AIFREANNTAÍ NA SEACHTAINE

   BAILE MHÚIRNE

Luan go hAoine             9.30 r.n.

Dé Satharn                   11.00r.n. & 6.30i.n.

Dé Domhnaigh               11.30 r.n.

CÚIL-AODHA

Dé Máirt                      10.30 r.n.

Dé hAoine                     7.00 i.n..

Dé Domhnaigh               10.00 r.n.

AIFREANN CUIMHNEACHÁIN / ANNIVERSARY MASS

First Anniversary Mass for

Timothy Kelleher, Sliabh Riach

on September 26th @ 6.30pm

BAILIÚCHÁIN

         12 & 13 Meán Fhómhair – €670 curtha sa bhanc.

MINISTÉIRÍ NA hEOCAIRISTE / EUCHARISTIC MINISTERS

Satharn, 26ú MF         Sheila O’ Brien

Domhnach, 27ú MF

BAILITHEÓIRIÍ – MEÁN FHÓMHAIR (GRÚPA B)

DOOR COLLECTORS FOR SEPTEMBER (Group B)

Satharn, 6.30 i.n.

– Séamus O Laoire, Dónal O Céilleachair, Briain Mac Suibhne

Domhnach, 11.30 r.n.

– Seán O Conaill, Pádraig O Deasúna, Diarmuid O Loinsigh

CÉAD COMAOINE  

Beidh searmanaisi Céad Comaoine

á cheiliúradh ar an dátai seo leanas:

Baile Mhúirne – Satharn 03/10/20

Cúil Aodha     – Satharn 10/10/20. 

CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL

Tá cabhair ar fáil do dhaoine / teaghlaigh atá i ngátár ag an am seo. Déan teagmháil linn, faoi rún, ar 086/2400574 nó 021/4270444

St Gobnait’s Conference, St Vincent de Paul Society.

The Society invites any family or individual who wishes to

avail of supports the Society may be able to provide to contact them in strictest confidence on 086//2400574 or 021/4270444

BEANNÚ TÍ

Go mbeannaí Dia an teach so

óna bhun go dtí a bharr,

go mbeannaí sé gach fardoras, gach cloch is gach clár,

go mbeannaí se an teaghlach, an bórd ar a leagtar bia

go mbeannaí sé gach seomra i gcomhair sámh-chodhladh na hoich’

go mbeannaí sé an doras a osclaitear go fial don stróinséir is don bhochtán chómh maith is dár ngaol,

go mbeannaí sé na fuinneoga a ligeann dúinn an léas

ó sholas geal na gréine, na gealaí is na réalt

go mbeannaí sé na frathacha in airde ós ár gcionn

is fós gach balla daingean atá inár dtimpeallú inniú

go bhfana siocháin dá réir sin don ár gcomharsan,

cion is grá

go mbeannaí Dia an mhuirear seo ‘gam agus a choimeád

ó bhaol

is go stiúra se sinn uile go dtí a ribhrú féin.

Leave a Comment