Nuacht litir 15/5/2022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(15/5/2022)

An Cúigíú Domhnach den Cháisc

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 2/5/2022 11:00
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé Máirt 10:30

Ní bheidh aifreann i gCúil Aodha
An Aoine 6/5/2022 agus
An Mháirt 10/5/2022

Fógra re aifrinntí an seachtain seo chughain.

Ní bheidh aon Aifreann sa Pharóist Dé luain nó Dé Máirt agus ní bheidh Adhradh na Croise an seachtain seo.

An Céad Comaoine 2022
Cuil Aodha 14/5/2022 @ 11:00
Baile Mhuirne 21/5/2022 @ 11:00

Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach céad Domhnach den Mhí
The 2nd collection on First Sundays of each month is for Diocesan Purposes
Beidh dara bailiúchan an seachtain seo do Chomhdháil an Easboig
The second collection this Sunday is for the Bishop’s Conference.

Ná dearúd bhúr clúdaigh litreach agus boscaí Trócaire do thabhairt tharnais. Go raibh maith agaibh

Please don’t forget to bring back your envelopes and Trócaire boxes.

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Anne O Donoghue. Sliabh Riach Baile Mhuirne.
Liam Corcoran, Baile Mhic Íre
Caitríona Hickey (Ni Thuama), Na hUlláin Thiar
Hancy Uí Chéilleachair, Carraig an Adhmaid
Nóra O’Connell, Srón na gCaor, Cluain Droichead
Mary Lucey, Baile Mhic Íre
Danny & Nóra Ó Suilleabháin, Gort na Tiobratan
Andy Scannell, Baile Mhic Íre
Dónal Lehane, Na Cillíní
Eibhlín Uí Shuibhne, Sliabh Riach
John & Abby McCarthy, Sliabh Riach
Jimmy Scannell, Bóthar Abán
Peg Hoare, Gort Uí Rathaille
Patrick Leader, Baile Mhic Íre Thoir
Nóra Bn Uí Fhlanagáin, An Muileann
Paddy Creedon Cúm na Cloiche

Ar son daoine atá breoite
Timothy Ó Drisceoil Oilean Cléire
Connie Ó Ceallacháin, Nua Eabhrach agus Cill na Martra
David Lovett
An t-Ollamh Micheál Ó Caoimh (Máinlia Súil/Eye Surgeon) Cill Dara, BAC
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha


CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Gníomhartha na nAspal             14:21-27
D’eachtraigh siad don an Eaglais le chéile a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo.

D’fhill Pól agus Barnabas arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch, ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.” Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.

Shiúil siad an Phisíde ar fad nó gur tháinig siad go Paimfile; tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go hAtailia agus as sin ar bord loinge go hAintíoch – an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcrích acu.

Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d’eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d’oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Salm le Freagra                   Sm 144
Freagra:                                 Beannóidh mé d’ainm de shíor, a Dhia liom is a Rí
Malairt Freagra                 Alleluia!

I. Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lan de chineáltas.
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile.        Freagra

2. Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna,
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Canfaidh siad glóir do ríochta,
agus foilseoidh siad do chumhacht
chun do chumhacht a nochtadh don chine daonna
agus glóir do ríochta maorga.                  Freagra

3. Ríocht shíoraí do ríochtsa,
is maireann do cheannas ó ghlúin go glúin.
                                                                   Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as an Leabhar  Apacailipsis           21:1-5
Glanfaidh Dé gach deoir óna súile

Ansin chonaic mé neamh nua agus talamh nua. Bhí an chéad neamh agus an chéad talamh bailithe leo agus gan an fharraige ann feasta. Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile. chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru. Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”

Ansin dúirt an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir: “Féach, tá gach aon ní á dhéanamh nua agam.” Agus ar sé: “Scríobh. Óir is dílis agus is fírinneach iad na focail seo.”

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                  Eo 13:34

Alleluia, Alleluia!
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,
go dtabharfadh sibh grá dá chéile
Faoi mar a thug mise grá daoibhse.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin      13:31-35        Glóir duit, a Thiarna.
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile.

Nuair a d’imigh Iúdás amach, dúirt Íosa:

“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,
agus tá glóir faighte ag Dia ann.
Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin,
agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.
A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.
Beidh sibh ar mo lorg,
agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,
deirim libhse arís:
‘An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’

Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh,
go dtabharfadh sibh grá dá chéile;
faoi mar a thug mise grá daoibhse,
go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.
As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh
má bhíonn grá agaibh dá chéile.”

Soiscéal an Tiarna.                 Moladh duit, a Chriost


Fógraí

Comhgháirdeachas leis na leannaí iontacha go léir, ó Scoil Chúil Aodha/Barr d’Ínse, a ghlac an Céád Comaoine and deire seachtaine seo. Guímíd faoi bhrat Ghobnatan iad uile.

Ullamhú don Posadh!
Tá ACCORD, Deoise Chluana ag earcú oibrithe deonacha chun traenáil a dhéanamh chun cursaí ullmhúcháin pósadh a chur i láthair, mar chuid d’fhoireann.
Buntáistí san áireamh ná: Deis chun bheith ag obair in Eagraíocht Náisiúnta, Forbairt Pearsanta iontach, scileanna éascaitheora agus cur i láthair a fhorbairt, teastas in oideachas pósadh (creidiúnaithe). Má tá suim agat i níos mó eolais, téir i dteagmháil le Jean ag 025-31899
Luan-Aoine 9.30 r.n -1.30 i.n ar nó roimh 23ú Bealtaine 2022.

Bailiúchan na SMA. Is mian leis an Ath Anthony Kelly a bhuíochas do chur in iúil as ucht bhúr flathúlacht leis an vbailiúchan seo seo cúpla seachtina ó shoi, €1573 a bhí san mhéid ionlán bailithe.

Tá ALONE ag lorg oibrithe deonacha i do cheantar. Tacaíocht agus Cairdeas isea gaol idir oibrí deonach agus duine níos sine go bhfuil nasc acu le ALONE. Cuireann an seirbhís tacaíochta agus cairdeas, comhluadar agus tacaíocht praiticiúil ar fáil do dhaoine atá níos sine gur mhaith leo cuairteoir in aghaidh na seachtaine. Tá an seirbhís seo deartha chun mothúcháin d’aonrú agus uaigneas a laghdú, agus chun fadhbanna laethúil a réiteach, agus chun deis a thabhairt do dhaoine atá níos sine mothú slán agus iad sa bhaile. Téir chuig www.alone.ie chun níos mó eolais a fháil agus síniú suas.

Paidir an Phápa do Mhí Bealtaine
A Thairna Dia do roghnaís Muire mar mháthair ar do Mhac.
Do roghnaís í ón gcéad lá don curam seo agus, mar sin, choinnís í saor ó smál Pheaca an tSínnsear.
Iarraimíd ar Mhuire bheith i bpáirt linn inár bpaidreacha. Go n’éistí is go n’iompaí an ghlúinn óg ó pheaca, le glaoch Chríost, trí chumhacht teachtaireacht an tsoiscéil. Treoiraigh a gcosán ionas go roghanóigh siad an maith agus an naofa igcónai.
Osclaigh a gcluasa is a gcroíthe chun do ghlaoch chun freastal ort féin is a gcomharsaine. Tabhair misneach dóibh agus iad ag díriú ar an cruatan ina saol. Daingeanaigh iad ina gcreideamh, agus a muinín, i do ghrá is do thrócaire. Osclaigh a súile chun gátar a ndreatháireacha is a ndriofúireacha ionas go gcabhróigh siad leo igcónai.
Go n’iompaí siad chun Comaoin na Naomh, ach go h-áirithe chun Muire, Banríon na nAingeal agus na fearaibh is mnátha óga uile a shiubhalaigh Cosán an tSaoil. Go dtuillfigh siad ar deire, trí’na gcuid paidreacha agus dea shampla, grástaí an Bheatha Shíorraí. Aiméin

Leave a Comment