15ú & 16ú Lúnasa 2020 Fichiú Domhnach den Bhliain

CÉAD LÉACHT      

Sliocht as an  Leabhar  Íseáia,  Fáidh         56:1. 6-7
Déanfaidh mé clanf na n-eachtranrdch a chinnireacht go dtí shliabh beannaithe.

Seo mar a deir an Tiarna: Coinnígí an ceart, cleachtaigí an fhíréantacht, óir tá m’fhuascailt ar tí teacht agus m’fhíréantacht ar tí a foilsithe.

Agus clann na n-eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d’ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh, déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m’altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n-íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.

Briathar Dé.

Salm le Freagra    Sm 66
Freagra   Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha  go léir thú.

  1. Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn;
    taispeáin duinn solas do ghnúise,
    chun go n-aithnítear do shlí ar talamh
    agus do shlánú i measc na náisiún uile.       Freagra
  2. Go nd’eana na náisiúin lúcháir agus gairdeas
    toisc go rialaíonn tú an domhan go fíréanta.
    Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas;
    treoraíonn tú na náisiún ar talamh.              Freagra
  3. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
    go mola na ciníocha go léir thú.
    Go mbeannaí ar nDia i gcónaí sinn,
    is gurb eagal Ie críocha na cruinne ‘e.          Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as  Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh   11:13-15. 29-32
Ní cús alféala choiche do Dhia a thíolaicí ná an rogha a bhíonn déanta aige.

Tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m’fheidhmeannais a bheidh mé  le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú. Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh? mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige.

Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan. Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith. Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d’fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa      Eo 10: 27
Alleluia, alleluia!
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,a deir the Tiarna
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Alleluia!

SOISCÉAL 
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha          15:21-28
Ó, is mór é do chreideamh, a bhean!

San am sin chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.” Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: “Scaoil uait í,” ar siad, “tá sí ag glaoch inár ndiaidh.” D’fhreagair agus dúirt: “Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.” Ach tháinig an bhean agus d’fhan ar a dhá glúin ina láthair: “A Thiarna,” ar sise, “fóir orm.” D’fhreagair agus dúirt: “Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.” Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

Sin é Soiscéal Dé.

AN CHRÉ.       Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.

AMEN

________________________________________________

Rúndiamhair an chreidimh.

Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag

comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.

The mystery of faith.

We proclaim your Death, O Lord, and profess

your Resurrection until you come again.

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

15ú & 16ú Lúnasa 2020

Fichiú Domhnach den Bhliain

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Siobhán Ui Ealaithe, Ínse Mhór

Stiofán Ó Reachtaire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

John & Julia Dinneen, Carraig an Adhmaid

Maureen Dinneen, An Bhlárna

Con, Flurry & Kathleen O’Sullivan, Baile Mhic Íre

Mary Cronin, Ma Réidh

Joan O’Shea, The Village

Tadhg Twomey, Baile Mhic Íre Uachtarach

Seán Cronin, Cnoc an Iúir

Fallon Butler, Sliabh Riach

Connie Lynch, Doire na Sagart

   A fuair bas ag an taca seo den bhliain

AIFREANNTAÍ   NA SEACHTAINE

   BAILE MHÚIRNE

Luan go hAoine              9.30 r.n.

Dé Satharn                    11.00 r.n. & 6.30i.n.

Dé Domhnaigh                11.30 r.n.

CÚIL-AODHA

Dé Máirt                       10.30 r.n.

Dé hAoine                     7.00 i.n..

Dé Domhnaigh                10.00 r.n.

MINISTÉIRÍ NA hEOCAIRISTE / EUCHARISTIC MINISTERS

Satharn, 22ú Lúnasa   Eileen Corkery & Peggy Lucey

Domhnach, 23ú Lúnasa    Brian Lane & Dan Desmond

BAILITHEÓIRIÍ – MÍ LÚNASA (GRÚPA A)

DOOR COLLECTORS FOR AUGUST (Group A)

Satharn, 6.30 i.n.

– Michael Kelleher, Paddy Hoare, Pat McSweeney,

– Mossy O’Connell

Domhnach, 11.30 r.n.Michael Lucey

BAILIÚCHÁIN

         8ú & 9ú Lúnasa – €665.00 curtha sa bhanc.

AIFREANN AG SCRÍN GHOBNATAN

Dé Domhnaigh, 30ú Lúnasa ag 11.00 r.n.

á chraoladh ar RTE1teilifís

Mass at St Gobnait’s Shrine on Sunday 30th August at 11.00 am. The mass will be shown on RTE1 TV. Please send word to relatives and friends living abroad that they can tune in to this Mass on RTE website.

Important Note : I’d like to remind people that we have to operate within HSE and Diocesan regulations. I’m hoping to give Communion and offer the Sacrament of the Sick to those in the shrine area at the usual time during the Mass and to those outside the shrine area after Mass.                                                Athair Dónal Ó Briain

CÉAD COMAOINE  

Beidh searmanaisi Céad Comaoine

á cheiliúradh ar an dátai seo leanas:

Baile Mhúirne  – Satharn 03/10/20

Cúil Aodha    – Satharn 10/10/20. 

CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL

Tá cabhair ar fáil do dhaoine / teaghlaigh atá i ngátár ag an am seo. Déan teagmháil linn, faoi rún, ar 086/2400574 nó 021/4270444

St Gobnait’s Conference, St Vincent de Paul Society.

The Society invites any family or individual who wishes to

avail of supports the Society may be able to provide to contact them in strictest confidence on 086//2400574 or 021/4270444

LINN SNÁMH CONCHÚBHAR Ó LAOGHAIRE

Tá ana áthas orainn a fhógairt go bhfuil Linn Snamh Conchúbhar Ó Laoghaire ar oscailt. Tá socraithe nua curtha i bhfeidhmn  againn ag claoí le treoirlínte an Rialtas, an HSE agus an WHO le sabhailteacht ár bhfoireann agus ár gcustaiméirí san áireamh. Caithfear do snámh a bhocáil ar líne anois ag an suíomh www.klubfunder.com nó is

féidir glaoch a chuir ar 0830842839 chun

labhairt fé séisiún príobháideach.

We are delighted to announce that Linn Snámh

Conchúbhar Ó Laoghaire  is now open. We have

put measures in place in line with the Government, HSE and the WHO to ensure the safety of our staff and customers. You now have to prebook your swim on www.klubfunder.com or call 0830842839 to speak to someone about a private pool session.

Amannta Oscailte/ Opening Times

Luan-Aoine (Mon-Fri)      5 – 6 & 6 – 7

7 – 8 (Daoine fásta / Adults)

Deireadh Seachtain (Weekends)

12 – 1 (Daoine fásta / Adults)

1 – 2 &  2 – 3

AN CHORÓIN HUIRE / THE ROSARY

Na Rúindiamhara / The Mysteries

Na Doláis / the Sorrowful Mysteries

  1. Urnaí agus allas fola ár Slánaitheóir sa gháirdín

The agony in the garden

  1. Scúirseál ár dTiarna

The scourging at the pillar

  1. Cóiróiniú ár dTiarna le deilgneacha

The crowning with thorns

  1. Íosa ag iompar na Croise

The carrying of the Cross

  1. Céasadh agus bas ár dTiarna ar an gCrois

The crucifiction and death of our Saviour

Na Rúindiamhra Sólasacha / Joyful Mysteries

  1. Teachtaireacht an Aingil

The annunciation.

  1. Cuairt na Maidine Muir ear Elizabeth

The visitation.

  1. Saolú ár dTiarna

The Birth of Jesus

  1. Toirbhirt an Linbh Íosa sa teampall

The presentation in the temple.

  1. Íosa i measc na n-ollamhain

The finding of the Child Jesus in the temple.

 

Leave a Comment