Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach na Pailme/Páise– Bliain C
(13/4/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt 9:30
Deardaoin 7:301n.
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Sathairn – 12:00 (Stáisiúin an Earraigh)
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
An Mórshiúl
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N.Lúcás 19:28-40
Ghluais Íosa roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.
Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill,
chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá: “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. Agus má fhiafraíonn aon duine díbh:
‘Cad chuige a bhfuil sibh á scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’”
D’imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé
leo. Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?”
Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,” thug siad go dtí Íosa é,
agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.
Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a
mbrat ar an mbóthar. Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg
síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d’áthas, ag moladh Dé de
ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu, á rá:
“Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!
Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”
Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis:
“A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.”
D’fhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost,
screadfaidh na clocha amach.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Hosánna filio David le linn mór shiúl
Hosánna filio David
Benedictus qui venit
In nomine Domine
Rex Israel
Hosánna in excelsis
_______________________________
An tAifreann
CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Ísáia faidh 50:4-7
Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn.
Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta
spreagann sé briathar ionam.
in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm
chun go n-éiste mé ar nós an aos léinn.
An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.
Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,
níor theann mé ar gcúl.
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte
agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;
níor cheil mé mo ghnúis
ar mhasla ná ar sheile.
Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,
is é sin an fáth nach mothaím an masla.
Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,
bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SALM LE FREAGRA. Sm 21
Freagra : A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?
- Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:
cuireann siad cár orthu is croitheann a gceann.
‘Bhí a mhuinín as an Tiarna aige: saoradh séisean é;
fuasclaíodh seisean é, mas air atá a ghreann.’ Freagra - Tá mórán madraí i mo thimpeall:
tá mé crioslaithe ag paca bithiúnach.
Tollann siad mo lámha is mo chosa:
is féidir liom mo chnámha uile a chomhaireamh. Freagra - Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu
agus caitheann siad crainn ar mo chóta.
Ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna.
Is tú mo chúnamh: brostaigh agus cuidigh liom. Freagra - Inseoidh mé d’ainm do mo bhráithre,
molfaidh mé thú i lár na comhdhála:
molaigí an Tiarna, sibhse lerb eagal é;
ceiliuraigí é, a shliocht Iácób go léir;
tugaigí urraim dó, a shíol lsrael go léir. Freagra
DARA LÉACHT
Slíocht as litir N. Pól chuig na Filipigh 2: 6-11
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,
An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas,
níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia,
Ach lom sé é féin.
Agus chuir áir riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.
Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d’ísligh sé é féin
agus bhí umhal go bás – go bás na croise féin.
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm,
i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach
dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann
agus go ndearbhódh gach teangain ómós do Dhia an tAthair,
gurb é Íosa Críost an Tiarna.
Véarsa Fil 2:8-9
D’ísligh Críost é féin
trí bheith umhal go bás,
fiú go bás na croise.
Sin e an fáth ar ardaigh Dia é os cionn cách
agus bhronn air ainm
atá os cionn gach ainm.
SOISCÉAL
Páis ár dTiarna Íosa Chriost de réir Lúcás,
Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris. Agus a dubhairt sé ríu, Do bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas mé: Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé. Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é. Oír a deirim ribh, Nach iobhtha mé do thoradh na fineamhna, no go dtíg rioghachd Dé. Agus ar ngabháil a nárain chuige, ar mbreith buidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oramsa.
Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa. Achd, féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd. Agus imthighidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é! Agus do thionnsgnadarsan a fhíafruigh eatarra féin, cía aca bhíadh ar tí so dheanamh. Agus fós déirghidh imreasain eatarra, cía aca measfuighthe bheith ní as mó.
Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Gcinidheach orrtha; agus an
dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh. Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té as mó eadruibh, bhíodh sé mar an té is lugha; agus an té is áired eadruibh, mar an té do ní
miniosdralachd. Oír cía aca is mó, an té shuigheas ar an mbórd, nó an tí friothólamh? a né nach é an té
shuigheas ag bidh? achd atáimsi eadruibhse mar an té do ní friotholamh. Agus is sibhsi dfan am fhochairsi ann mo chathuighthibh. Ar a nadhbharsin órduighim dháoibhsi rioghachd, mar do órduigh Máthair féin damhsa; Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.
Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd: Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air
bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.
Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air dhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis. Achd a dubhairt seision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séana tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.
Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an
raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhradarsan, Ní raibh.
Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh.
Oír a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus
atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirtheach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca:
Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhairt
seision ríu, Is lór sin. Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh
na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é.
Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déaunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.
Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe, Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: achd cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.
Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd. Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh. Agus an tan déirigh sé ó urnuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fúair sé nagcodladh íad tré thuirsi,
Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.
Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.
Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé póig bhraitheas tú Mac an duine?
Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag teachd, a
dubhradar ris, A Thighearna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?
Agus do bhuáil fear dhíobh searbhfhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas dheas de.
Achd do fhreagair Iósa agus a dubhairt, Fuilngidh go soithe so. Agus ar mbuáin ré na
chluáis súd, do shlánuigh sé é
Agus a dubhairt Iósa ris na hardsagartaibh, agus úachdaránuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh, tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh, amhuil chum bhiothamhnuigh?
An tan do bhí mé gach lá agaibh sa teampall, níor shíneabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.
Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é.
Agus an tráth do lasadar teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar catarra. Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhféachain go gér dhí air, a dubhairt sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd.
Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean, níor bhaithnidh damh é.
Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd
thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh misi.
Agus a dtímcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe eile,
ag rádh, Go fírinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é.
Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball,
an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir ancoileach.
Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chuimhnigh Peadar ar
chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé
trí huáire.
Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.
Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh;
Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar
dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú?
Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.
Agus mar déirigh an lá, do chruiunigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus
na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin,
Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision ríu, Má innisim dháoibh, ní
chreidfidhe mé: Agus fós ma fhíafruighim ní dhíbh, ní thiobhartháoi freagra oram, agus ní léighfi
uáibh mé. San aimsir aig teachd biáidh Mac an duine na shuighe ar deis chumhachd Dé.
Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.
Achd a dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feasda? óir do chúalamar
féin as a bhéul féin é.
Agus ar néirghe dá ccoimhthional uile,rugadar chum Pioláid é. Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag
radh, Fúaramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí.
Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin.
Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso.
Achd do theannadarsan orrtha, ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so.
Agus mar do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfiarfruidh sé dhe nar Ghaliléeach é.
Agus an tan daithin sé gur ab fá chumhachduibh Iorúaith do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí a Níarusalém ann sna láethibh sin.
8 Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada
eision dfaicsin, do bhrígh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go
bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis.
Agus dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith air.
Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.
Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi, agus ar na éadughadh lé héadach, do chúireadar chum Píoláid a rís é.Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith
agus Píoláid na gcáirdibh dhá chéile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.
Agus ar ngairm na nárdsagart agusnúachdarán, agus an phobuil do Phioláid,
A dubhairt sé ríu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air:
Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh ní
ar bith leis do thuillfeadh bás. Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é.
Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda. Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas:
Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann
sa chathraigh. Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean
úadh.
Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é.
Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é.
Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh
eision do chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart.
Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh.
Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus
marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.
Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shirénach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa Agus do lean cuideachda mhór don phobal,
agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan.
Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa,
achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne.
Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid síad, Is beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha nach dtug bainne úatha.
Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh, Tuitigh oruinn; agus ris na cnocaibh, Folnighe sinn.
Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon?
Agus fós tugadh días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion.
Agus an tan tangadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann
sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nídsíad.
Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar ortha.
Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis
fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día.
Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó,
Agus ag rádh, Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin.
Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidni, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.
Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne. Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris?
Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.
Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oramsa an tan thiocfas tú ad rioghachd féin.
Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbía tú am fhochair a niu a bpárrthas.
Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar an dtalamh uile gus a náomheadh húair. Agus do dhorchuigheadh an ghrían agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.
Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé,
thair, táobham mo spioradann do lamhaibhsi:
agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad as.
Agus an tráth do chunnairc an caiptín an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go fírinneach budh firéan an duinesi. Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais.
Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé,
ag féachain ar na neithibhsi. Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean: Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh súil fós ré rioghachd Dé. Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa.
Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a
dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cnireadh áonduine roimhesion a ríamh.
Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.
Agus fós na mná, do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chórpsan ar na chur.
Agus ar bhfilleadh dhóibh dullmhuigheadar spíosruidhe deaghbhaluidh agus uinnímentighe; agus do
chomhnuidheadar lá na sábhoide do réir na háithne.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is
ullmhú é an dul suas ar ‘an sliabh ard’ don dul suas ar Chalbhaire
Comhgaidreachas
Le pobal Chill na Martra agus gach uile duine a ghlac páirt i gcraoladh Aifreann an Domhnaigh seo caite ar RnaG
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Trócaire – feachtas 2025
Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil. Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.
‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.
It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’
The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend
Deireadh seachtaine 09/03/2025
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha
Baile Bhúirne
Cill Na Martra
Reidh Na nDoirí
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196