Nuacht Litir 8/06/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Domhnach Cíncíse

(8/6/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn     11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 3:00 in  Scrín Ghobnatan
Dé Luain            9:30rn
Dé Máirt             9:30
Déardaoin          7:30
Dé hAoine           9:30
Cúil Aodha

Dé hAoine          10:30rn

Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


Domhnach Cincisa

 

CÉAD LÉACHT

Sliocht as  Leabhar  Gníomhartha na nAspal        2:1-11
Líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt.

Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair. Agus de phreib tháinig glor ón spéir mar a bheadh séideán gaoithe móire agus líon sé an teach ar fadina raibh siad ina suí. Agus chonacthas dóibh mar bheadh teangacha tine ag scaradh ó chéile nó gur shuigh an tine ar gach duine acu; agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.

Bhí Giúdaigh dhiaganta ó gach cine faoin spéir ag cur fúthu in Iarúsailéim agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acu san. Bhí ionadh agus alltacht orthu:
“Féach,” ar siad, “nach Gailíligh iad seo go léir atá ag caint? Conas a tharlaíonn go gcloiseann gach duine againne iad ag labhairt inár dteanga dhúchais féin? Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise, Frigia agus Paimfíle, áitritheoirí na hÉigipte agus chríocha na Libia thart faoi Chuiréiné, cuairteoirí ón Róimh idir Ghiúdaigh agus iompaithigh, Créitigh agus Arabaigh, agus cloisimid iad seo ag cur síos in ár dteangacha féin ar éachtaí Dé.”

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

Salm le Freagra        Sm 103:1, 24, 29-31, 34
Freagra                       Cuir amach uait do Spiorad, a Thiarna, agus dean agaidh na talún a athnuachan.
Malairt Freagra       Alleluia!

1. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom! A Thiarna Dia, is rómhor thú go dearfa.
tá t’u éadaithe i maorgacht agus maise, tá tú gléasta le solas mar le fallaing                            Freagra

2. Nach lionmhar iad d’oibreacha, a Thiarna! Rinne tú gach aon ní le heagna
Tá an chruinne lán da bhfuil déanta agat. Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom!           Freagra

3. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort chun iad a bheathú in am is a dtráth.
Cruinníon siad le chéile a dtugann tú dóibh: leathann tú do lámh agus liontar iad.               Freagra

4. Má bhaineann tú an anáil díobh, éagann siad agus casann siad ar an luaithreach arís.
Nuair a chuireann tú do spiorad uait, cruthaítear iad, agus athnuann tú aghaidh na talún. Freagra

DARA LÉACHT      

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh         8:8-17
Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad.

Na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh.  faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é.  Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta.  Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh.

Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir.  Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.

Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad.  Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.”  Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn;  agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia

ROSC

Tar-sa chugainn, a Naomh Spioraid,
fear anuas ó na flaitheasa
léas do sholais mharthanaigh.

Tar, a Dhíon na n-easpaitheach,
tar, a Bhronntóir tabhartas,
tar, a Sholais croítheacha.

Só1ásai ró-charthanach,
aoi sámh cneasta an anama,
fionnuaire ‘alainn thaitneamhach.

Sos i measc ár ndeacrachtaí,
fuarthán sóúil i ngreadaithe,
só1ás i ngol is i gcathuithe.

A lasair aoibhinn bheannaithe,
líon is soillsigh croítheacha
na bhfírean mbocht n-anbhann.

Gan do ehumhaeht is d’fhearta-sa
níl ní ar bith in ár bpearsana,
ní ar bith níl gan pheaea ionainn.

Nigh a bhfuil salach ionainn,
an méid is tur dínn, cneasaighse,
tabhair leigheas dúinn in ár geeasnaitheacht

Cuir i mboige ár gerapaitheacht,
a bhfuil fuar dínn, cneasaighse,
a bhfuil earn dínn, ceartaighse.

Do d’fhíréana tabhairsé,
is go bhfuil a seasamh ort,
seoid do sheaeht naomhthabhartas.

Tabhair luach saothair maitheasa,
tabhair bás faoi mhaise dóibh,
tabhai r aoibh neas parthais.
Amen. Alleluia!

Alleluia Vearsa
Alleluia, alleluia!
Tar chugainn, a Naomh Spioraid, lion croíthe na gCríostaithe, agus adhain iontu lasair do ghrá.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                  Agus le do spiorad féin

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin  14:15-16, 23-26      Glóir duit, a Thiarna.
Cuirfidh an Spiorad Naomh i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh
.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail

Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.
Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é,
agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo.

“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.
An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra.
Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,
ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh,

ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse,
múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.

Soiscéal an Tiarna.        Moladh duit, a Chriost

_______________

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

 

Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón

30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.

Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th

June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted

pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.

                                       Doras                Srín (coinneal)

Cúil Aodha

Baile Bhúirne

Cill Na Martra

Reidh Na nDoirí

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196