Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach an Trionóid Naofa
(15/6/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11:30
Dé Luain 9:30rn
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Kevin Crowley, Baile ‘n Chollaigh
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
Domhnach an Trionóid Naofa
CÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar na Seanfhocal 8:22-31
Sular cruthaíodh an domhan féin, rugadh an Eagna
Dúirt Dia:
“Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
Ní raibh na duibheagáin fós ann,ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.
Sular cuireadh na sléibhte ina n-áit, sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;
De bhrí nár thóg sibh ceann d’aon chomhairle do mo chuid,
agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim, Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás
agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh, Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil; lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
Óir bhí fuath acu don eolas, agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.
Ní ghlacfaidís le comhairle uaim, agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia.
Salm le Freagra Sm 8
Freagra A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é d’ainm ar fud na cruinne!
1. Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar, an ré agus na réaltaí a rinne tú,
cad is duine ann go dtógfá ceann de, na mac an duine go ndéanfa curam de? Freagra2. Is beag nach ndearna tú dia de; chuir tú barr glóire agus gradaim air.
Thug tú ceannas ar oibreacha do himh dó, agus chuir tú gach aon ní faoina chosa. Freagra3. Caoirigh agus eallach agus eile, agus ainmhithe uile an mhachaire;
éanlaith an aeir agus iasc na mara agus a ngluaiséann ar raonta na farraige. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Romanaigh 5:1-5
Cuig Dia trí Chríost sa ghrá a thug an Spiorad dúinn.
A bhráithre, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn. Agus ní amháin sin ach is ábhar mórála dúinn ár dtrioblóidí agus a fhios againn go dtagann foighne ón trioblóid, agus diongbháilteacht ón bhfoighne agus dóchas ón diongbháilteacht. Ní chliseann an dóchas seo orainn mar tá ár gcroí líonta de ghrá Dé tríd an Spiorad Naomh a tugadh dúinn.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Vearsa Apac 1:8
Alleluia, alleluia!
Glóir don Athair, don Mac agus don Spiorad Naomh, do Dhia, an té ata, a bhí agus atá le teacht.
Alleluia!
SOISCÉIL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 16:12-15 Glóir duit, a Thiarna.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’
Dúirt Íosa leis na deisceabail:
Tá mórán eile le rá agam libh,
ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,
déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.
Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé,
agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.
An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é.
Uime sin a dúirt mé: ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_______________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196