Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Sollúntás Chorp Chríost (Blian C)
(22/6/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6:00in
Dé Domhnaigh 11:30
Dé Luain 9:30rn
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
Sollúntás Chorp Chríost (Blian C)
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Geineasas 14:18-20
Thug sé arán agus fíon amach.
Thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le ró-ard é.
Chuir sé a bheannacht air á rá:
“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún.
Moladh le Dia ró-ard mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”
Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 109
Freagra Is sagart thú go brách de réir ord Melcisedec.
I. Dúirt an Tiarna le mo Mháistir: ‘Bí i do shuí ar mo dheis
go gcuire me do naimhde faoi do chosa.’
2. Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach:
bí ag rialú i measc do naimhde. Freagra
3. Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa:
amhail drúcht roimh réalta na maidine ghin mé thú. Freagra
4. Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:
is sagart thú go brách de réir ord Melcisedec. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 11:23-26
Gach uair a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
A bhráithre, is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna le tabhairt ar láimh, thóg sé arán agus, ar altú dó, bhris agus dúirt:
“Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son;
déanaigí é seo mar chuimhne orm.”
Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá:
“Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola.
Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”
A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
Briathar an Tiarna Buíochas le
Alleluia Vearsa Eo 6:51-52
Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh a deir an Tiarna.
Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 9:11-17 Glóir duit, a Thiarna.
D’ith siad uile agus bhí siad sách.
San am sin chuir Íosa fáilte roimh na sluaite agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta. Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis:
“Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil,
óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”
Ach dúirt sé leo:
“Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.”
Dúirt siad:
“Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile”
– óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann.
Dúirt sé lena dheisceabail:
“Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”
Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.
D’ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_______________
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196