Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Ochtú Domhnach Déag Saor (Blian C)
(3/8/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Am-chlár éagsúil do mhí Iúil / different time shedule fro the month of July
Baile Mhúirne
Dé Domhnaigh 9:30
Dé Sathairn 11:00
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
De Domhnaigh 11:00
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30
Cill na Martra
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 7:00
Dé Domhnaigh – 12:00rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9:30
Dé Domhnaigh 9.00
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Cóhelet 1:2.2: 21-23
Cén tairbhe a bhaineann duine as a shaothar?
Buaic na baoise a deir Cóheilit, buaic na baoise! Níl in aon ní ach baois!
Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo. Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine?
Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 89:3-6, 12-14, 17. R/v.1
Freagra A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.
1. Déanann tú deannach arís den duine á rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”
Óir níl míle bliain i d’fhianaise ach mar an lá a d’imigh tharainn inné,
nó mar a bheadh faire na hoíche. Freagra
2. Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.
Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé baintear é agus feonn sé um thráthnóna. Freagra
3. Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.
Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna. Freagra
4. Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn, go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.
Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn agus go soirbhí tú saothar ár lámh;
sea, go soirbhí tú saothar ár lámh! Freagra
_____________________
Malairt Salm le Freagra Sm 94
Freagra Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’
1. Tagaigí, déanaimis gairdeas don Tiarna, tógaimis gártha áthais do Charraig ár slánaithe.
Tagaimis ina láthair le moltaí, déanaimis gairdeas dó le laoithe. Freagra
2. Tagaigí, adhraimis agus sléachtaimis, feacaimis ár nglúine don Tiarna a rinne sinn.
Óir is é ar nDia é, agus is sinne pobal a aoireachta agus caoirigh a lámh. Freagra
3. Á, dá n-éistfeadh sibh lena ghuth inniu: ‘Ná calcaigí bhur gcroí.’ mar a tharla i MerÍba,
mar a tharla an lád ud ag Masá san fhásach mar ar chuir bllur n-aithreacha cath orm,
mar ar thriail siad mé cé go bhfaca siad m’obair.’ Freagra
___________________________________________
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 3:1-5. 9-11
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost.
A bhráithre, agus ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé. Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh. Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Básaigí dá bhrí sin an taobh saolta díbh féin: an drúise, an neamhghlaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint úd nach bhfuil inti ach íoladhradh. Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha agus nádúr nua curtha umaibh – nádúr a bhíonn á shíornuachan ar dheilbh an té a chruthaigh é go dtí go mbeidh fíoraithne agaibh air. Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin: Críost an uile agus é san uile ní.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 17: 17
Alleluia, alleluia!
Is fírinne do bhriathar A Thiarna,. déan sinn a naomhú san fhírinne.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 12: 13-21 Glóir duit, a Thiarna.
An cnuasach atá déanta agat, Cé aige a mbeidh sé?
San am sin dúirt duine as an slua le h Íosa :
“A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.”
Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”
Dúirt sé leo ansin:
“Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige,
ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”
Labhair sé parabal leo:
“Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi, agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: ‘Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?’
Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; agus déarfaidh mé le m’anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d’anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196