Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Naoiú Domhnach Déag Saor (Blian C)
(10/8/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11:00rn
Dé hAoine 11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar na hEagna 18:6-9
Faoi mar a smachtaigh tú ár naimhde, sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinn agus a thug gradam dúinn dá bharr.
Tugadh fáistine dár sinsir i dtaobh na hoíche sin, ionas go nglacfaidís misneach nuair a bheadh a fhios acu go cinnte cén sórt iad na mionnaí ar chuir siad a muinín astu. Bhí do phobal ag súil le slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde.
Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde, sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinn agus a thug gradam dúinn dá bharr.
Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheilt ag clann chráifeach na bhfíréan,
agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo,
go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céanna
agus sna contúirtí céanna chomh maith,
agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acu mar réamhcheol cheana féin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 32: 1, 12, 18-20, 22 R/v 12
Freagra Is méanar don phobal a roghnaigh an Tiarna dó féin.
I. Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; is cóir go molfadh daoine dílse é.
Is méanar dá mbíonn an Tiarna ina Dhia acu, an pobal a roghnaigh sé dó féin. Freagra
2. Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás is go gcothódh sé iad in am an ghorta. Freagra
3. Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna: is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir chuig na Eabhraig 11:1-2. 8-12. or 8:19
Bhí Abráhám ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.
A bhráithre, is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid. Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir.
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna. Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.
Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d’ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh. Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mt 11:25
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime
agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 12:35-40 Glóir duit, a Thiarna.
Bígí sibhse ullamh freisin.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
“ Ná biodh eagla oraibh,a thréad beag, óir ba ghnaoi le bhurn Athair an riocht a taabhairtdaoibh. Díolaigi bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithgear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann anbithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot. Óir, san áita mbíonn bhur stór, in anna bheidh bhur gcroí freisin.
Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh, agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó. Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb’eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.”
Dúirt Peadar ansin: ‘A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le each eile chomh maith?’
Duirt an Tiarna:
‘Cé hé, más ea, an maor úd atá iontaofa gearchúiseach go gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tis e chun. a geion den arbhar a thabhairt dóibh i dtrath? Is meanar don seirbhiseach sin a bhfaighidh a mháistir e ag deanamh amhlaidh ar theacht dó. Deirim Ubh go dearfa, ceapfaidh se os cionn a mhaoine go leir e. Ach ma deir an seirbhiseach sin ina chroí: “Is é an teacht mall ag mo mháistir é “agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachailli aimsire agus na gcaihm, agus ag ithe agus ag, agus ag meisceoireacht, tioefaidh maistir an tseirbhisigh sin sa la nach mbionn suil aige leis agus ar an uair nach eol do, agus coscroidh se e, agus bhéarfaidh cion na mithainseach dó. An seirbhiseach sin arbh eol do toil a mhaistir agus nach ndearna ullmhu na heart de reir a thola, gabhfar de mhoran builli air; ach ante narbh eol do i agus a rinne nithe’ba dhiol builli, gabhfar de bheagan builli air.
An té ar tugadh mórán do, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaiodh moran leis, iarrfar nios mó air.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
_________________________
Leagan gearr
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 12:35-40
Bígí sibhse ullamh freisin.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh, agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó. Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.
Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb’eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach. Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196