Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
12ú & 13ú Nollaig 2020
An Tríú Domhnach den Aidbhint
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Treasa Ní Mhuimhneacháin Gort na Scairte
Padraig & Síle Uí Liathain Cathair, Beal Atha An Ghaoraidh
Joan (Eugene) Mc Carthy. Cúil Aodha agus Cill Garbháin
John Hoare Claon Ráth
Muintir Ui Uidhir, Carraigín. Sliabh Riabhach
Seán Ó Loinsigh Sliabh Riabhach
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
AIFREANNTAÍ NA SEACHTAINE
BAILE MHÚIRNE
Dé Luain go hAoine 9.30 r.n.
Dé Satharn 11.00 & 6.30
Dé Domhnaigh 11.30 r.n.
CÚIL-AODHA
Dé hAoine 7.00 i.n.
Dé Domhnaigh 10.00 r.n.
AIFREANNTAÍ NA NOLLAG:
Táthar ag súil na hAifreanntaí a rith mar seo leanas:
It is hoped that Christmas Masses will be as follows:
Baile Mhúirne
Déardaoin 24ú Nollaig 11.00 r.n.
Oíche Nollag / Christmas Eve 6.30 i.n.
Lá Nollag / Christmas Day 8.30 rn & 11.30rn
Lá le Stiofán / St Stephin’s Day 11.00 r.n.
Cúil-Aodha
Oiche Nollag 9:00 i.n.
Lá Nollag / Christmas Day 10.00 r.n
De bharr srianta sábháilteachta sláinte, moltar ná fhreasatlódh duine ar níos mó ná Aifreann amháin le linn an treimhse thuas.
It is suggested that people attend only ONE Mass this Christmas, because of safety regulations.
Déanfaimís go léir ár ndicheall cloí leis na srianta atá orainn ag an am seo.
BLÁTH-FHLEASC NA HAIDBHINTE
Réitítear fleasc don Aidbhint agus tá nós na fleisce go forleathan ar fud na hEorpa leis na cianta.
Déantar í as cuileann agus duilleoga síorghlas i riocht fáinne. Bíonn ceithre coinneal ann, ceann do gach seachtain den Aidbhint. Baineann an fáinne leis an tsíoraíocht toisc nach mbíonn tús ná deireadh leis.
Bíonn dath corcra ar thrí choinneal agus bíonn ceann amháin bándearg. Is deacair slí níos fearr a fháil chun ullmhú cuí a dhéanamh don Nollaig.
Lastar coinneal amháin ar chéad Domhnach na hAidbhinte, dhá cheann ar an dara Domhnach agus mar sin de go mbíonn na ceithre choinneal ar lasadh ar an Domhnach roimh Lá Nollag. Dá bhrí sin faoi mar a bhíonn na seachtainí ag gabháil thart tagann breis solais ó Fhleasc na hAidbhinte go dtí go dtagann an Nollaig féin tráth a lastar Coinneal Mhór Bhán na Nollag i lár na fleisce.
D’fhéadfadh daoine coinnle a lasadh sa bhaile agus paidreacha a rá.
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 61:1-2. 10-11
Gáirim le gairdeas sa Tiarna
Tá spiorad an Tiarna Dia orm
de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan,
chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile,
chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite,
chun cead a gcos a fhógairt do na cimíagus fuascailt do phríosúnaigh;
chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna,
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna,tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phóstanó brídeach á maisiú féin lena seoda.Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamharfíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Lc 1
Freagra Tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.
I. Mórann m’anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas inDia mo Shlánaitheoir. .
Óir dhearc sé Ie fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Freagra
2. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom
agus is naofa a ainm,
agus a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh séo ar a mbíonn a eagla. Freagra
3. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Isráél a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Teasalónaigh 5:16-24
Go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna.
A bhráithre,
bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. Bígí ag guí gan staonadh agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost.
Ná múchaigí an Spiorad; ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith agus seachnaígí gach aon sórt oilc.
Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin.
Briathar Dé.
Alleluia Lc 4: 18
Alleluia, alleluia!Tá Spiorad an Tiarna orm.Chuir sé uaidh méag tabhairt an dea-scéil do na bochta.Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin 1:6-8. 19 -28
Tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh.
Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia,agus Eoin a ba ainm dó.Tháinig sé ag déanamh fianaisechun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolaischun go gcreidfeadh cách tríd.Níorbh é féin an solasach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.
Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de: “Cé hé thusa?” D’admhaigh sé agus níor shéan agus d’admhaigh sé: “Ní hé an Críost mé.” D’fhiafraigh siad de: “Cad eile, más ea? An tú Éilias?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d’fhreagair: “Ní mé.” Dúirt siad leis mar sin: “Cé hé thú? – chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?” Dúirt sé:
“Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna.’
Mar a dúirt Íseáia fáidh.” Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí, agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea,” ar siad, “mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?”Thug Eoin freagra orthu: “Déanaim féin baisteadh le huisce,” ar seisean, “ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh, an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh.” I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.
Soiscéal Dé.