Deasghnátha na Mairbh
GLACTAR LEIS AN gCORP SAN EAGLAIS
S. A Thiarna, thóg tú Lazaras ó mhairbh.
Tabhair maithiúnas dár ndeartháir (ndeirfiúr) agus tabhair ionad faoi shíocháin dó (di).
Beanaíotar an corp le uisce coiscrithe
________________________________________
Ón altoir agus an corp réitithe istig:
S. Guímis: Éist, a Thiarna, lenár nguí agus dáil do thrócaire ar anam do sheirbhísigh, A., atá glaoite agat anois as an saol seo. Réitigh áit dó (di) i gcomhluadar na naomh i bhflaitheas na glóire. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin — 14:1-6
San am sin dúirt Íosa:
’Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí; creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis. Is iomaí áras i dteach m’Athar. Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áit i gcóir daoibh, agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin: i dtreo, an áit ina mbeidh mise go mbeidh sibhse chomh maith. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.’
Dúirt Tomás leis: ‘A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?’
Dúirt Íosa leis: ‘Is mise an tSlí, an Fhírinne, agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’
S. Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air (uirthi). Go bhfaighe a (h)anam agus anamacha na bhfíréan go léir trócaire ó Dhia agus cónaí faoi shuaimhneas.
Amen. P
P. Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí solas
suthain air (uirthi). Tabhair maithiúnas dár ndeartháir (ndeirfiúr)
agus tabhair ionad sosa faoi shíocháin dó (di).
S Léacht
Guí an Phobail
Dia, an tAthair uilechumhachtach, S. thóg sé a Mhac, Íosa Críost, ó mhairbh. Le lándóchas iarraimid air a phobal, idir bheo agus mhairbh, a shlánú.Sa bhaisteadh gealladh an bheatha shíoraí dár ndeartháir (ndeirfiúr), A.
Tabhair dó (di), a Thiarna, páirt a bheith aige (aici) i gcomaoin na naomh go deo. A Thiarna, éist linn.
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.P.
Chaith A. arán na beatha síoraí, corp Chríost. Tóg suas é (í), aS.
Thiarna, ar lá an luain. A Thiarna, éist linn.
P.A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
S. Guímid ar ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha, ar ár ngaolta agus orthu siúd go léir ab ionúin linn agus a bhí go maith dúinn. A Thiarna, tabhair dóibh an luach saothair atá tuillte acu. A Thiarna, éist linn.
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.P
S. Guímid orthu sin go léir a fuair bás agus iad ag súil leis an aiséirí.
Tabhair áit shoilseach dóibh, a Thiarna, i do láthair féin. A
Thiarna, éist linn.
A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.P
Guímid orthu sin go léir atá tagtha le cheile anseo le lánchreid-S.
eamh chun tú a adhradh. A Thiarna, aontaigh le chéile sinn i do
ríocht ar neamh. A Thiarna, éist linn.
P. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
S. A Thiarna, éist lenár n-urnaithe ar son ár ndeartháireacha agus
ár ndeirfiúracha atá marbh. Tabhair maithiúnas dóibh ina
bpeacaí go léir agus tabhair iomlán do shlánaithe dóibh. Sin é ár
nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Amen.P.
Is minic a deirtear deichniúr den Choróin Mhuire anois.
Ní miste an clabhsúr a chur ar an searmanas leis an bpaidir seo:
Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air (uirthi). Go bhfaighe a (h)anam agus anamacha na bhfíréan go léir trócaire ó Dhia agus cónaí faoi shuaimhneas.S.
Amen.P