CHÉAD LÉACHT
Sliocht as leabhar Íseáia fáidh 25:6-10
Ullmhóidh Tiarna na Slua le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, agus triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir.
Ullmhóidh Tiarna na Slua
ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir
cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,
de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin
a bhí ag clúdach na gciníocha go léir,
agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;
cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.
Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;
tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;
óir is é an Tiarna a dúirt é.
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,
a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;
is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.
Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 22, rv 6
Frg : I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.
- Is é an Tiarna m’aoire,
ní bheidh aon ní dé dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí mé
i móinéar féaruaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé,
mar a bhfaighim suaimhneas. Freagra - Seolann sé mé ár rianta díreacha
mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram Ie do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom. Freagra - Cóiríonn tú bord chun béile dom
i bhfianaise mo naimhde,
Ungann tú mo cheann le hola;
tá mo chupán ag cur thar maoil. Freagra - Leanfaidh cineáltas is fabhar mé
gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as litir N.Pól chuig na Filipigh 4:12-14. 19-20
Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.
A bhráithre, tá eolas agam ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse. Tá seantaithí agam ar gach sórt: ar an mórdhóthain agus ar an ocras, ar an bhflúirse agus ar an ngannchuid. Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom. Mar sin féin ba mhaith an mhaise daoibhse teacht i gcabhair orm i mo chruachás. Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
Moladh le Dia, ár nAthair, le saol na saol. Amen.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 1: 14. 12
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!
AN CHRÉ. Chré Nicea-Constaintínópail
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
AMEN
________________________________________________
Rúndiamhair an chreidimh.
Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag
comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.
The mystery of faith.
We proclaim your Death, O Lord, and profess
your Resurrection until you come again.
|
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Dónal Ó Laoire, Reidh na nDoirí
A fuair bás le linn na seachtaine
Síle Uí Cheallaigh – Ní Luasa, Sliabh Riach & Cill Mhichíl
Máire Uí Éigeartaigh, Na Cillíní
Eibhlín Ní Mhuimhneacháin, Gort na Scairte & Cill na Martra.
Máire Ui Shuibhne, Gort na Scairte
Patsy Crowley, Bothar Abán
Free & Pauline Lynch, Cúil-Aodha
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
Nóta tabhachtach / Important note :
Aifreann Chúil-Aodha 11ú Deireadh Fómhair ag 11.00 r.n. Beidh an Aifreann a chraoladh ar Radio na Gaeltachta ag 11.00 r.n De Domhnaigh seo chugainn. Ní bheidh cead freastal ach ag na daoine atá taréis cead a fhail ós na Gardaí. Cúil-Aodha Mass will be broadcast on Radio na Gaeltachta at 11 am on Sunday next. Only those with permission from the Gardaí can attend. |
STÁISIÚÍN AN FHÓMHAIR / AUTUMN STATIONS
Tabhair ofrailtí na staisiúin Please send in station
isteach ag aon am le linn offereings at any time mí Dheireadh Fhómhair. during October.
CÉAD COMAOINE
Cómhgháirdeas le gach duine a fuair Céad Comaoine le déanaí.
CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL
Tá cabhair ar fáil do dhaoine / teaghlaigh atá i ngátár ag an am seo. Déan teagmháil linn, faoi rún, ar 086/2400574 nó 021/4270444
St Gobnait’s Conference, St Vincent de Paul Society.
The Society invites any family or individual who wishes to
avail of supports the Society may be able to provide to contact them in strictest confidence on 086//2400574 or 021/4270444
Paidreacha
- Paidir in am Trioblóide
A Íosa shármhilis, is tusa mo choimirce agus
mo neart in am an chatha, is tú mo gháirdeas
le linn an t-sonais, deónaigh fuascailt orm
insan gcruachás seo.
- Toil Dé go ndéanaimíd
Dlí Dé go leanaimíd
Ár n-antoil féin go smachtaimíd
Srian lenár dteanga go gcuirimíd
Ár pháis Críost go smaoinimíd
Ár gcríoch déanach go mbeabhraimíd
Gach contúirt pheacaí go seachnaimíd
Aithrí thráthúil go ndéanaimíd
Bás naofa go bhfaghaimíd
Gnúis Dé go bhfeicimíd
Ag moladh agus ag onóradh Dé go rabhaimíd
Anois agus ar feadh na síoraíochta
Thanks to all working on the creation of this website.
Gerard & Nora Lynch Cuil Aodha
Míle buíochas