Baile Mhúirne / Cúil-Aodha 12ú & 13ú Meán Fhómhair
Ceathrú Domhnach is Fiche
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Shíorach 27:30-28:7
Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé, agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.
Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin,
agus gheofar iad i seilbh an pheacaigh.
An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air,
mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí.
Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé,
agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.
Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile,
conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna?
Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin,
conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?
Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath;
cé a mhaithfidh a pheacaí dó?
Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath;
cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n-aitheanta.
Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa;
Cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 102
Freagra Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán dé cheansacht.
- Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a an am liom,
is ná déan dearmad da thíolací go léir. Freagra - Eisean a mhaitheann do chionta go léir,
a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha on mbás,
a chorónaíonn thú le grá is le trua. Freagra - Ní bheidh sé go míchéata i gcónaí,
ní bheidh sé i bhfeirg de shíor.
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn:
ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé sinn. Freagra - Óir ní airdé neamh os cionn talún
ná méid a bhuanghrá do lucht a eaglaithe;
ní faide an t-oirthear ón iarthar
ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn[. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 14:7-9
Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith.
A bhráithre, ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás. Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn. Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa 1Sam3:9, Eo 6:68
Alleluia, alleluia!
Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.
Is agatsa atá briathra na beatha síoraí. Alleluia!
An Soiscéal
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 18:21-35
Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.
Tháinig Peadar chuig Íosa ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m’aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?”
Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.
“Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air. Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d’ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.’ Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó. Ag dul amach don seirbhíseach sin, casadh air duine dá chomhsheirbhísigh a raibh céad déanar aige féin air, agus rug sé greim scóige air ag rá: ‘Íoc a bhfuil amuigh ort!’ Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’ Ach níorbh áil leis siúd é gan dul agus é theilgean i bpríosún nó go n-íocfadh sé na fiacha. Nuair a chonaic a chomhsheirbhísigh an méid sin, ghabh buaireamh mór iad, agus chuaigh siad ag insint an scéil ar fad dá máistir. Chuir an máistir fios air: ‘A sheirbhísigh mhallaithe,’ ar seisean, ‘mhaith mé féin duitse na fiacha úd ar fad mar go ndearna tú achainí orm. Nár cheart go ndéanfása mar an gcéanna trócaire ar do chomhsheirbhíseach faoi mar a rinne mise trócaire ort?’ Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n-íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán. Sin é freisin mar a dhéanfaidh m’Athair neamhaí libhse ach mura maitheannm gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”
Soiscéal Dé
AN CHRÉ. Chré Nicea-Constaintínópail
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
AMEN
________________________________________________
Rúndiamhair an chreidimh.
Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag
comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.
The mystery of faith.
We proclaim your Death, O Lord, and profess
your Resurrection until you come again.
|
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Mary McSweeney, Gort na Scairte
Betsy Ni Shuibhne, Cúil-Aodha
Gerard Healy, Ballymakeera East.
Tadhg Mac Suibhne, Baile Mhic Ire
Joan, Micheál & Julia Creedon
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
AIFREANNTAÍ NA SEACHTAINE
BAILE MHÚIRNE
Luan go hAoine 9.30 r.n.
Dé Satharn 11.00r.n. & 6.30i.n.
Dé Domhnaigh 11.30 r.n.
CÚIL-AODHA
Dé Máirt 10.30 r.n.
Dé hAoine 7.00 i.n..
Dé Domhnaigh 10.00 r.n.
BAILIÚCHÁIN
5ú & 6ú Meán Fhómhair – € 695 curtha sa bhanc.
MINISTÉIRÍ NA hEOCAIRISTE / EUCHARISTIC MINISTERS
Satharn, 19ú MF Helen O’Shea & Mary Scannell
Domhnach, 20ú MF
BAILITHEÓIRIÍ – MEÁN FHÓMHAIR (GRÚPA B)
DOOR COLLECTORS FOR SEPTEMBER (Group B)
Satharn, 6.30 i.n.
– Séamus O Laoire, Dónal O Céilleachair, Briain Mac Suibhne
Domhnach, 11.30 r.n.
– Seán O Conaill, Pádraig O Deasúna, Diarmuid O Loinsigh
CÉAD COMAOINE
Beidh searmanaisi Céad Comaoine
á cheiliúradh ar an dátai seo leanas:
Baile Mhúirne – Satharn 03/10/20
Cúil Aodha – Satharn 10/10/20.
LITIR BUÍOCHAIS
To the people of St Gobnait’s Parish.
Last Sunday, here in Belfast, I watched the RTE broadcast of Mass celebrating Seán Ó Riada’s music. I just felt compelled to write to tell you how beautiful it was. Such wonderful singing in Irish touched the heart. The Readings and Prayers of the Faithful, in their unique outdoor settings, were perfect. The Lord was truly present. What a lovely Church you have. The creative abilities of whoever designed the Sanctuary, particularly that back wall, were used to give real glory to the God of Creation. I don’t know whether you will ever get this note of appreciation but I’m writing it in hope so you know how much we up here were moved by such a beautiful Mass. You did Sean Ó Riada and St Gobnait proud. I wish you many blessings.
Sincerely, Marie Gough, Belfast.
CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL
Tá cabhair ar fáil do dhaoine / teaghlaigh atá i ngátár ag an am seo. Déan teagmháil linn, faoi rún, ar 086/2400574 nó 021/4270444
St Gobnait’s Conference, St Vincent de Paul Society.
The Society invites any family or individual who wishes to
avail of supports the Society may be able to provide to contact them in strictest confidence on 086//2400574 or 021/4270444
sí sinn agus a thug aire dúinn le míle go leith bliain agus atá fós ag obair ar ár son.
A Prayer During a Pandemic
May we who are merely inconvenienced.
Remember those whose lives are at stake.
May we who have no risk factors,
Remember those most vulnerable.
May we who have the luxury of working from home,
Remember those who must choose between preserving their health or making their rent.
May we who have the flexibility to care for our children when their schools close,
Remember those who have no options.
May we who have to cancel our trips,
Remember those who have no place to go.
May we who are losing our marginal income in the tumult of the economic market,
Remember those who have no margin at all.
May we who settle in for a quarantine at home,
Remember those who have no home.
During this time when we cannot physically wrap our arms around each other, let us yet find ways to be the loving embrace of God to our neighbours.