Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An TRIÚ DOMNACH DEN AIDBHINT – Bliain C
(13/12/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn Adhradh 10-5
Dé Máirt 9.30rn
Dé hAoine: 9.30
Dé Sathairn – 11.00
6.00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
SCEIDEAL NA NOLLAG
CHRISTMAS SCHEDULE
DÉ MAIRT 24Ú OÍCHE NOLLAG
Baile Mhúirne 6.00
Carraig an Ime 6.00
Cluain Droichead 8.00
Réidh na nDoirí 9.00
DÉ CÉADAOIN 25Ú LÁ NOLLAG
Cluain Droichead 9.30
Cúil Aodha 10.00
Cill na Martra 11.30
Baile Mhúirne 11.30
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
John Hoar. Na Cúil Cill na Martra
Cluan Droichead
An Tríú Domnach Den Aidbhint
(Domnach Gaudete (bígí lúcháireach)
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Fáidh Sófania: 3:14-18
Tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
“Déan gairdeas, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a Iosrael;
bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán, a iníon Iarúsailéim.
Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas a bhí ag bagairt ort a thógáil díot
agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait.
Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár agus ní healaí duit eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
An lá sin déarfar le Iarúsailéim: ‘Ná bíodh eagla ort, a Shíón; ná lagtar do lámha!
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach;
déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort.
Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.’
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Is 12:2-5 fr6 Is 12:2-6
Freagra Gáirigí le háthas agus liúirigí óir
is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”
1. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaithe é, tá muinín agam agus níl mé eaglach níos mó,
óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol, is é mo shlánu é!
agus tarraingeoidh sibh uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe. Freagra
2. Túgaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm!
Fógrágí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm. Freagra
3. Canaigí an Tiarna, óir tá iontais déanta aige! foilsítear iad ar fud an domhain chláir.
Gáirigí le háthas agus le lúcháir, a mhuintir Síón!
óir is mór é i do lár Neach Naofa Isráél. Freagra
DARA LÉACHT
Litir Niamh Pól cuig na chuig na Filipigh 4:4-7
Ní fada uainn an Tiarna.
A bhráithre, bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna.
Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh.
Bíodh bhur gceansacht le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna.
Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh
cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.
Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag cosaint bhur gcroí
agus bhur smaointe in Íosa Críost.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Is 61:1
Allelluia Alleluia
Tá Spiorad an Tiarna orm. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil dona bochtáin.
Allelluia Alleluia
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 3:10-18
Cad tá le déanamh againn ?
San am sin bhí na sluaite ag fiafraí d’Eoin: “Cad tá le déanamh againn, más ea?”
Dúirt sé leo á bhfreagairt:
“An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa,
agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”
Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis:
“A mháistir, cad tá le déanamh againne?”
Dúirt sé leo:“Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”
D’fhiafraigh saighdiúirí de, freisin:
“Agus cad tá le déanamh againne?”
Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh;
agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin,
go mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile:
“Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Tá acháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196