Nuacht Litir 13/14-3-2021

Domhnach 14ú  Márta 2021

Ceathrú Domhnach den Charghas

(Fógraí ar bun an nuacht litir – news at end of post)

Naomh Pádraig
Guímíd beannachtaí ar Éireannaigh sa bhaile agus i gcéin, tré idirghuí ár Naomh Patrún, Pádraig.
Wishing Irish people everywhere all the blessings of our Patron Saint, Patrick.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

A fuair bás an taca seo den bhliain
Diarmuid Ó Buachalla, Barr d’ Ínse
Denny Lar Ó Duinnín, Na Milíní
Murt Ó Buachalla, Barr d’ Ínse
Joe King, Na Milíní
Sheila Cronin, Carraig an Ime
Paddy Buckley. Cúil  a’ Mhothair
Josephine Twomey. Ceatharlach
Sheila Murphy, Árdán Ghobnatan
Margaret Lynch, Na hUlláin
Michael O’ Sullivan, Daingean na Sailleach
Dan Cronin, Carraig an Adhmaid

Naomh Abán  –  Lá Fhéile 16ú Márta
Deintear ceiliúradh ar a fhéile ar an 16ú Márta.  Rugadh é i gContae na Mí agus chuaigh le’na uncail go Loch Garman agus bhunaigh a phríomh mainistir i Máigh Árnaí.  Thóg scrín de’n Mhaighdean Mhuire in Oileán Mhuire.  Dhein mórán taistil agus bhunaigh 10 n-Eaglais ar fad, ina mheasc dhá chlochar.  Tá rian a áitreabh agus a uaig i gCill Abáin, Seana Chluain, treasna an tSuláin ó Charraig an Adhmaid.  Mainistir an mhór a bhi san áit.  Inniú tá tobar, carnán cloch, bullán, crois agus trí clocha ogham san áit.  Tá blúire dá chnámh i bpoll in aice an tobar.  Deirtear go leigheasann se tinneas cnámha agus tugann cosaint do dhaoine ar a dtaisteal.  Cailleadh é i 650 in aois a 104 agus cuireadh sa Seana Chluain é.
Paidir Abáin
A Abán Naofa fóir orm inniú
Coinnibh saor mé ar gach turas
Leighis mo phianta
‘is neartaigh mo chnámha
Is led’ chomharsain Gobnait,
treóraigh sinn go Parrthas
Naomh Abán was born in Co Meath but moved to Wexford with his uncle St. Ibar.  Aban built a monastery in Adamstown and St Ibar settled in Begerin Island.  He was a great traveller and a good “architect” or designer of Churches.  He built 10 monasteries, including 2 convents.  He was ‘anamcara’ or confessor to St. Gobnait and consecrates her Mother Abbes of her convent.  He died in 650, aged 104.  Cill Abain is in the wood in Seana Chluain and all that is left of his large monastery is a mound of stones with a bullán on top, a latter day cross made of cement, a well and 3 ogham stones.  People perform a round in the place and his feast is celebrated on 16th March.  He is buried in Shanacloon.

Naomh Pádraig  Lá Fhéile 17ú Marta

Naomh Pádraigh  (Dónal Ó Liatháin)
A Phádraigh Aspal, Priomháidh Gael
Thug an creideamh chúghainn thar muir
Grásta Dé mar thabharthas duinn
Aiseirí fé Ghlóir mar oidhreacht

An tine a lasais cois na Bóinne
Ar chnoc Sláinghe cnoc na ndruadh
Lonnraigh solas ar fuaid Eireann
Solas Críost le teacht na Cásca.

Mar an fhearainn bhog thar thriuchaibh
No an drúcht fen ngréin ar maidin
Nó an fharraig-cháith ar dhúirling
Dáileadh grástaí ós  na flaithis

Thugais slán sinn-ne led naofacht
Treasna duibheagán na staire
Aisce, a Phádraig Príomháidh Eireann
Treóraigh sinn tré ré an rachmais.

Tusa bheannaig ár ngleannta míne
Gach tobar, abhainn, sruthán is caise,
Ár sléibhte maorga na mbeann mbán
Múrtha fáilte i lár an Earraig.

A Phádraig a chéad las
A Phádraig a chéad las an spré gheal inár dtír,
Is gur neartaigh an Chré sinn trí éifeacht do ghuí,
Ó táir-se anois glórmhar in bhforadh an trír,
Is áitreabh na Fódhla, an cóirchreideamh díon;
In áitreabh na Fódhla, in áitreabh na Fódhla,
In áitreabh na Fódhla an cóirchreideamh díon.

A Phádraig ár ndóchas sa ngleo thú thar chách
Is Sátan is a shluaite gur fhógraís chun fáin.
Cé dásachtach, fíochmhar, cé líonmhar atá,
Ní cás linn a ndíomas má bhíonn tú inár bpáirt.
Ni cás lin a ndíomas, ní cás linn a ndíomas,
Ní cás linn a ndiomas má bíonn tú inár bpáirt.

Dóchas linn Naomh Pádraig 
Dóchas linn Naomh Pádraig aspal mór na hÉireann,
Ainm oirearc gléigeal, solas mór an tsaoil é.
D’fhill le soiscéal grá dúinn d’ainneoin blianta i ngéibheann.
Grá mór Mhac na páirte, d’fhuascail cách ón daorbhruid.

Sléibhte, gleannta máighe, ‘s bailte mór na hÉireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár naomh dhil.
Iarrmaid ort, a Phádraig, guí orainne Gaela,
Dia linn lá ‘gus oíche ‘s Pádraig Aspal Éireann.

Naomh Sheósamh / Saint Joseph
Tá dá lá-fhéile Naomh Sheósamh / Two feast days for St Joseph
19ú Márta      –          Féile Naomh Sheósamh – pátrún bás shona.
Feast of St Joseph – patron saint for a happy death.
1ú Bealtaine   –          Féile Naomh Sheósamh – pátrún oibritheóirí
Feast of St Joseph – patron saint of workers

Paidir chun Naomh Iosaef

Is chugat-sa, a Ioseph Bheannaithe, a rithimid i n-ár dtrioblóidí, agus, ag iarraidh cúnamh do Chéile ró-naofa dúinn, cuirimid sinn féin le lán dóchas faoi do choimirce-se mar an gcéanna. As ucht an ghrá sin a dhlúthuigh thú leis an Mhaighdin gan smál, Máthair Dé, agus na ceana atharúla sin le n-ar fháisc tú an Leanbh Íosa le do chroí, iarramuid go h-umhal ort dearcadh anuas go grásúil ar an oidhreacht a cheannaigh Íosa Críost lena chuid fola, agus cuidiú a thabhairt dúinn i n-ár riachtanas le d’idirghuí chumhachtach. A Chosantóir ro-eagnaí an Teaghlaigh Naofa, glac clann dhílis Íosa Críost faoi do chúram; coinnigh amach uainn, a Athair ró-ghrámhar, gach smál earráide agus truaillíochta; tabhair do chabhair go ceanúil ó neamh dúinn, a Chosantóir ró-chumhachtaigh, san troid seo againn le cumhachtaí an dorchadais; agus mar a shábháil tú an Leanbh Íosa am amháin ar ghar-chontúirt a bháis, cosain Naomh-Eaglais Dé anois ar cheilg a námhad agus ar gach mí-ádh. Cumhdaigh gach aoinneach againn le do shíor-choimirce san chruth go leanfaimid do shompla agus, ar scath do chúnaimh, go mb’fhéidir linn saol cráifeach a chaitheamh, bás naofa a fháil, agus aoibhneas síorraí a ghnóthú ar neamh. Amén.

Léachtaí an Aifrinn, 14 Márta 2021
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Dara Leabhar na gCroinicí 36:14-16. 19-23
Léirítear fearg agus trócaire Dé trí dheoraíocht agus saoradh a pobail.
Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheithm mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim. An Tiarna, Dia a n-aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe. Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.
Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir. Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht. Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”
Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas: “Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: ‘An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!’”
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA. Sm 136 Freagra
Go gceanglaí mo theanga de mo chúláirí
mura mbím ag cuimhneamh ort!
I. Cois srutháin na Baibealóine
a shuíomar ag sileadh na ndeor,
nuair a chuimhníomar ar Síón;
ar shaileoga na tíre sin
chrochamar ár gcruiteanna. Freagra
2. Óir an drong a rinne braighde dínn
d’iarr siad amhráin orainn ansin.
Is an dream a bhíodh dár gciapadh
d’iarr siad lúcháir orainn:
‘Scaoiligí chugainn,’ a deiridís
‘ceann d’amhráin Síón.’ Freagra
3. Conas a chanfaimis
amhrán an Tiarna
i dtír iasachta?
Má dhéanaim dearmad ort, a Iarúsailéim,
go gcrapa mo dheaslámh! Freagra
4. Go gceanglaí mo theanga de mo chúláirí,
mura mbím ag cuimhneamh ort;
mura gcuirim Iarúsailéim
mar bharr m’aoibhnis uile. Freagra
DARA LÉACHT:
Sliocht as litir N.Pól chuig na hEifísigh 2:4-10
Nuair a bhi sibh marbh trí bhur gcionta, slanaíodh sibh tríd an ngrásta.
A bhráithre.
Tá Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost – is in aisce a slánaíodh sibh – gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost, d’fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa. Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia. Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.
Briathar Dé.
Comhgháir an tSoiscéil Eo 3: 16
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!Ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann, tá an beatha shíoraí aige.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL Eoin 3:14-21
Thug Dia a Aonghin Mic uaidh chun go slánófaí an domhan tríd.
Seo mar a dúirt Íosa le Nícodémas :
Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, i dtreo, gach duine a chreideann ann,go mbeidh an bheatha shíoraí aige. Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór singur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.
Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol
a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saolach chun go slánófaí an saol tríd.An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin. Agus an daorbhreith, is mar seo í:mar gur tháinig an solas isteach sa saol,de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha. Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha. Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfí gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha.”
Soiscéal Dé.

Ceolchoirm Lá le Pádraig 2021


Tá áthas ar Choiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh ár gcuid pleananna d’imeachtaí Lá le Pádraig a chur in iúl daoibh. Tá ualach mór físeán ‘taifeadta sa bhaile’ bailithe againn le roinnt seachtainí anuas ó cheoltóirí, amhránaithe, filí, scéalaithe agus rinceoirí áitiúla (& cuid acu ó dhaoine nách bhfuil chomh áitiúil). Seolfar nasc don cheolchoirm ar-líne seo trí mheán ríomhphoist Béal Átha Abú agus ar shuíomh idirlín Béalatha.ie nó Ballingeary.com ar a 12 meán-lae Lá le Pádraig. Má tá aithne agat ar aon comharsana nó gaolta a bhainfeadh taitneamh as an gceolchoirm seo ach nach bhfuil an t-idirlíon nó an teichneolaíocht chuí ar fáil acu, déan iarracht le bhúr dtoil cabhrú leo, ach cloígh le srianta ábhartha Covid-19 gan dabht….. b’fhéidir go bhféadfá nasc a chruthú leis an hotspot ar an bhfón póca agat agus do ríomhaire glúine a thabhairt ar iasacht dóibh ar feadh tamaill.
St Patrick’s Day Concert
Coiste Forbartha Béal Átha’n Ghaorthaidh are delighted to inform you of our planned Lá le Pádraig schedule. In recent weeks we have gathered ‘filmed at home’ performances from many local (& some not so local) musicians, singers, poets, story-tellers and dancers. A link to this online concert will be sent in the Béal Átha Abú email and also released on the Bealatha.ie or Ballingeary.com website at 12 noon on St. Patrick’s Day. If you know of any neighbours or relatives that you think would enjoy this concert but don’t have the internet or technology to do so, please try and arrange to help them out, while adhering to Covid-19 restrictions of course…… maybe you could connect your laptop to the hotspot on your phone & then give your laptop on loan.
Múscraí Glas.  Clár Retrofit
Tá clár nua ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí dírithe ar Chlár Iarfheistithe Fuinnimh. Ba mhaith linn go mbeidh Siopa Aon Stad/One Stop Shop nó ‘hotline’ le saineolas agus comhairle chuí ar fáil do mhuintir na háite.
Beidh an chéad sheisiún eolais againn an 24 Márta ar Zúm agus beidh deis ann do dhaoine clárú do sheisiún chomhairleach 1:1 maidir le do theach féin, saor in aisce.
Más maith leat bheith páirteach is féidir suim a léiriú ar www.muscrai.org/retrofit  nó glaoch/teasc a chur chuig Caroline in the Comharchumann:  0831915432
The Comharchumann has started a Retrofit programme to help people improve the energy efficiency of their homes. We plan to have a One-stop Shop, starting with an independent information hotline in Gaelacht Mhúscraí.  The next information session will be ón 24 March, and it will also be possible to book a 1:1 session with an independent advisor about your own home, for free.   If you would like to take part it is possible to register ón www.muscrai.org/retrofit or call/text Caroline 083 1915432

 

Leave a Comment