33ú Domhnach de Thráth Saor na Bliana
Lá paidireóireachta ar son daoine bochta ar fúid an domhain
Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
14/15ú Samhain
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/ |
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.
Beidh Aifreann an Domhnaigh ar arlínne ag 11:00 ansa (Brúigh)
Sunday Mass will be streaming online here at 11:00 Click here
Aifrinntí áirithe dá léamh go príomháideach
Booked Anniversary Masses etc are being celebrated privately
Liostaí na Mairbh / November Lists Brúigh ansa/click here Ofráiltí / Offerings
Ná dearúd cuairt a thabhairt ar bhúr séipéil is reiligí chun guí ar son na mairbh.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Gemma Brolly, Árd Mhacha
Dan Cooper, Ballyhar, Killarney
Odalys Ramos. Havana, Cuba agus Baile Átha Cliath
a fuair bás le déanaí
agus
Eibhlín Bean Uí Chríodáin, Barr an Chumadh
Seán Ó Loingsigh, An Tóchar
Máire Ní Cheocháin, Baile an Cholaigh agus Murnach beag
Paddy de Búrca liosbuí beag, Cill na Martra
Siobhán de Barra, Baile na Manach (Co Átha Cliath)
Michael Kelly Doire an Chuiling agus Brí Chualann
Mary Meagher, An Bhlárnain
John (Jackie) Twomey. Baile Mhic Íre & Maigh Chromtha
a fuair bás um taca seo den bhliain
Bímís ag cuimhneamh agus ag paidireóireadht ar son cáirde agus gaolta atá imithe ar slí na fírinne.
Paidir: Bás ola, bás sona, bás solais, bás soláis. bás aithreachais. Bás gan chrá, bás gan scáth, bás gan bhás, bás gan scanradh, bás gan dólás. Seacht n-aingeal an Spioraid Naoimh agus an dís aingeal coimhdeachta do m’ dhíonsa anocht agus gach oíche go dtig soils’ is camhaoir.
CHÉAD LÉACHT Sliocht as leabhar Seanfhocal 31:10-13. 19-20. 30-31 Cé ar féidir leis a dhíol de bhean chéile a fháil? Cé ar féidir leis í a fháil? Is luachmhaire í ná péarlaí. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir, agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil. Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha. Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad. Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht. Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh. Tugaigí di toradh a saothair, agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach. Briathar Dé. Salm le Freagra Sm 127: 1-5. Rv:1 Freagra Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna. I. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlite. Íosfaidh tú toradh do shaothair féin. Beidh tú go sona seanmhar. Freagra 2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach i gceartlár do thí; beidh do chlann mar bhuinneáin olóige agus iad mórthimpeall do bhoird. Freagra 3. Is amhlaidh a bheannófar an fear ar a mbíonn eagla an Tiarna. Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach gach lá de do shaol! Freagra DARA LÉACHT Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Teasalónaigh 5:1-6 Ná tagadh Lá úd an Tiarna gan fhios orabh mar a bheadh bithiúnach.
A bhráithre, maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. Is clann an tsolais sibhse, a bhráithre, go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn. Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall. Briathar Dé. Comhgháir/Alleluia Eo 15: 4-5 Alleluia, alleluia! ‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh,’ a deir an Tiarna. ‘ An té a fhanann ionamsa, tugann sé toradh mór uaidh.’ Alleluia! SOISCÉAL Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha 25:14-30 Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna. San am sin d’inis Íosa an parabal seo dá dheisceabail: “duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile – do gach duine de réir an chumais a bhí ann – agus d’fhág an tír. Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú. Mar an gcéanna d’fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá chea
nn eile. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d’fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d’fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’ Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige, óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ Soiscéal Dé.