Nuacht Litir 16/17-1-2021

Dara Domhnach de Thráth Saor na Bliana (Bliain B)

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
16ú & 17ú Eanair 2021

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line ansa
Readings can be viewed online here
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website ansa/here
BAISTÍ : Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n.
BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm,
in whichever Church is first booked.

PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.
MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.


Tugaimís ár mbaiste féinig chun cuimhne an deireadh seachtain seo agus déanfaimís geallúinti an bhaiste a ath-dhearbhú.
Let us be conscious this weekend of our own baptism and we remind parents to remember the promises they made when their children were baptised.

Abhair leó:
Go mbeannaí an Tiarna sibh agus go gcumhdaí se sibh. Go dtaitní gnúis an Tiarna oraibh
agus go raibh sé caoin libh.
Go nochta an Tiarna a ghnúis daoibh
agus go dtuga sé síocháin daoibh.”

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Éamonn Ryan, Béal Átna’n Ghaorthaigh & Corcaigh
Jerh Ó Tuama, Doire Fingín, Réidh na nDoirí
De Waal Van Breda An Aifric Theas
Noreen O Sullivan , Beantraí
Tomás Ó Mainín, Tíorabháin, Corca Dhuibhne

A fuair bas le déanaí agus

Austin Ó Tuama Na h-Ulláin
Jerome agus Cáit Bn Uí Choitir Cúil Aodha
Danny Ó Coill, Barr d’Ínse
Máire Lucey, Inse Gheimhleach
Bridget Lynch, Na hUllain
Nellie McSweeney, Cleanrath
Síle Desmond Baile Atha Cliath

A fuair bas ag an taca seo den bhliain

CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL
De bharr nách féidir bailiúcháin a reachtáil ag geataí na Séipéil i mbliana, táimíd ag cur clúdaigh litreach ar na bóird ag dóirse an dá Shéipéal. Is féidir do shíntiús a fhágaint isteach i mbosca-litreach Gerard Ó Loingsigh i gCúil-Aodha nó bosca-litreach Seán Ó Céilleachair i mBaile Mhic Íre. Cuir d’ainm ar an gclúdach litreach mas mian leat admháil a fháil ar ais.

St Gobnait’s Conference St Vincent De Paul Society
As the Society is not holding its annual church gate collection we are placing envelopes on porch tables of both churches. We ask anyone wishing to donate to please use one and return it to Gerard Lynch’s letterbox in Cuil Aodha, Sean O Ceallaichair’s letterbox in Baile Mhic Ire or any volunteer known to you. We ask that anyone wishing to receive a receipt for their donation to please put their name on the donation envelope.

Léachtaí an Aifrinn, 17 Eanáir 2021
AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an dara leabhar Samúéil 3:3-10. 19
“Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”
Bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé. Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D’fhreagair seisean: “Seo anseo mé,” agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D’imigh sé mar sin, agus luigh síos.
Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D’éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d’fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.” Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D’éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr. Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’” D’imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.
Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!” D’fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”
D’fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d’aon fhocal dá chuid titim ar lár.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 39
Freagra Féach, táim ag teacht, a Thiarna, chun do thoil a dhéanamh.
1. Bhí dóchas agam, bhí dóchas agam sa Tiarna,
agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.
Chuir sé amhrán nua i mo bhéal,
amhrán molta dár nDia. Freagra
2.
Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d’oscail tú cluasa dom.
Ioscadh níor theastaigh uait, ná íobairt in éiric an pheaca.
Ansin dúirt mé: ‘Féach, táim ag teacht.’ Freagra
3. ‘I rolla an leabhair tá scríofa I mo thaobh:
is áil liom do thoil a dhéanamh, a Dhia,
agus tá do dlí go domhain i mo chroí’ Freagra
4. D’fhoilsigh mé d’fhíréantacht sa mhórdháil.
Féach, níor chuir mé cosc le mo bheola:
is eol duitse é, a Thiarna. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Coirintigh 6:13-15. 17-20
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp?
A bhráithre, ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann. Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin! An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé d’aon spiorad leis.
Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise. Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Gnomh 16: 14
Alleluia, alleluia!
Oscail ár gcroí,A Thiarna,
Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin 1:35-42
Tháinig siad agus d’fhan siad fairis an lá sin
San am sin bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail. Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.” Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa. D’iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: “Cad tá uaibh?” D’fhreagair siad é: “A raibí” – is é sin le rá “a mháistir” – “Cá bhfuil cónaí ort?” “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d’fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.
Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar. Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: “Fuaireamar an Meisias” – is é sín le rá an tUngthach. Thug sé leis é chun Íosa. D’fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: “Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas” – focal a chiallaíonn Carraig.
Soiscéal Dé.
© Cumann na Sagart 2020

Leave a Comment