Nuacht Litir 16/2/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Séú Domhnach Saor – Bliain C

(16/2/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  11:00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11.00rn Adhradh na Croise 11:30 – 5:00in
Dé Máirt

LÁ GHOBNATAN –  11ú FEABHRA 🇻🇦
Dé Máirt 11ú: 11.00 Aifreann i mBaile Mhúirne
3.00 Paidreacha ag Scrín Ghobnatan
4.00 Aifreann i mBaile Mhúirne
7.30 Aifreann i mBaile Mhúirne
Dealbh agus Tomhas Ghobnatan i rith an lae
Deardaoin    7:301n.
Dé hAoine    9:30
Aifreann Lourdes 7:30in

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Michael Twomey na  Cílliní

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Irimía.      17:5-8
Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine. Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna

Is mar seo a deir an Tiarna:
Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine, agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola,
agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.
Is cosúil é le grágán tóir san fhásach; má thagann maith ní fheiceann sé í;
cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh, i bhfearann saillte atá gan áitreabh.

Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna agus arb é an Tiarna a dhóchas.
Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth;
ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas;
ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.

Briathar an Tiarna     Buíochas le Dia

Salm le Freagra      Sm 1
Freagra                     Is aoibhinn don fhear a chuir a dhóchas sa Tiarna.

I. Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle na n-éagráifeach
is nach seasann i slí na bpeacach is nach suíonn in éineacht le scigirí;
ach a thugann taitneamh do dhlí an Tiarna is a dhéanann machnamh ar a dhlí de lá is d’oíche. Freagra

2. Is cosúil é le crann atá curtha cois na habhann,
a thugann toradh uaidh go tráthúil, nach bhfeonn a dhuilliúr;
agus bíonn an rath ar a ndéanann sé.                                                                                                          Freagra

3. Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh! Ach amhail cáith a scaiptear leis an ngaoth.
Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal.                         Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig n Coirintig.   15:12, 16-20
Más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe tá sibh in bhur bpeacaí go fóill

Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse  a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith?
Mar más rud é nach n-aiséiríonn na mairbh níl Críost aiséirithe ach chomh beag.
Agus más rud é nach bhfuil Críost aiséirithe is baoth bhur gcreideamh agus tá sibh in bhur bpeacaí go fóill.
Agus rud eile de, an mhuintir atá tar éis bháis i gCríost, tá deireadh leo. Más le haghaidh an tsaoil seo amháin atá ár ndóchas as Críost againn níl aon díol trua is mó ná sinn.
Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.

Briathar an Tiarna     Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa   Mt 11:25
Alleluia, alleluia!
Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún,
de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirimeagus
mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad.

Alleluia!

SOISCÉAL  

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúc.  6:17, 20-26         Glóir duit, a Thiarna.
Is méanar daoibhse atá bocht. Is mairg daoibhse atá sách anois.

Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas Íosa ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine.

Agus d’ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt:
“Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.
Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh.
Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.
Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.
Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.

Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana. “Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh.
Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol. “Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh.

Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe bréagacha.

Soiscéal an Tiarna.               Moladh duit, a Chriost

 

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Dunnta an seachtain seo

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196