Nuacht Litir 17/08/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

Fichiú Domhnach Déag Saor  (Blian C)

(17/8/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish

Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain           11:00rn
Dé hAoine    11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00

 


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Irimia, Fáidh.       38:4-6. 8-10
Rug tú mé i m’fhear achrannach don tír ar fad

Labhair na ceannairí seo leis an rí:
Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n-aimhleas.Jeremiah in well
“Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,” a dúirt an rí Zidicíá, “óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n-aghaidh.” Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.

Chuaigh Eibid Meilic amach as an bpálás agus labhair leis an rí:
“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo, Irimia olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).

Ansin d’ordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach:
“Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.”

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

 Salm le Freagra               Sm 39:2-4,18, R/v 14
Freagra                               Tar i gcabhair orm, a Thiarna.

1. Bhí dóchas agam, Bhí dóchas agam sa Tiarna, agus chlaon sé a chluas chugam
agus d’éist le m’éamh.                                                                                                          Freagra

2. Tharraing sé mé as díog na díthe, as láib an tsalachair.
Chuir mo chosa ina seasamh ar charraig agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.   Freagra

3. Chuir sé amhrán nua i mo bhéal, duan dár nDia.
Feicfidh mórán is beidh eagla orthu, beidh a ndóchas sa Tiarna.                             Freagra

4. Maidir liomsa, cé gur dealbh dearóil mé, tuigeann an Tiarna dom.
Is tú mo tharrthálaí is mo chúnamh: ná déan moill, a Dhia!                                   Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as Litir chuig na  Eabhraig         12:1-4
Rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.

  A bhráithre, ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d’fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn. Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidhchun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d’fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé. Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche. Ag troid in aghaidh an pheaca daoibh ní raibh oraibh seasamh go doirteadh fola fós.

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa              Gníomh 16: 14
Alleluia, Alleluia!
Oscail ár gcroí, A Thiarna, Cun aird a thabhairt ar bhraithra do Mhic

Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.               Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás      12: 49-53        Glóir duit, a Thiarna.
Ní chun síocháin a thabhairt a tháinig mé ach easaontas.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Jesus brings fire    “Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin! Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!

An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.
Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile,
triúr le beirt agus beirt le triúr; athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Comhgaidreachas

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196