Nuacht Litir 19/20-12-2020

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

19ú & 20ú Nollaig 2020

Ceathrú Domhnach den Aidbhint

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

PREFÁID NA hAIDBHINTE

Thairngrigh na fáithe go leir go raibh seisean le teacht; chothaigh Muire le cion thar barr; d’fhógair Eoin Baiste go raibh sé chugainn agus thaiospeáin don saol é tar éis teacht dó. Dheonaigh sé dúinn fáilte lúcháirech a chur roimh rúndiamhair a theacht, ionas go bhfaigheadh se sinn ag faire gan staonadh san urnaí agus mortas orainn a mholadh.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Pádraig Ó Cróinín, Bél Átha’n Ghaorthaidh

Bríd Uí Chonaill, Cill na Martra

Pádraig Ó Tuama Baile Atha Cliath (Muintir Tadhg Pheig)

A fuair bás le déanaí

Séamus & Síle Ui Laoire, Gort na gCross

Pats & Seán Finnegan, Doire na Sagart

Betty (Ní Thuama) & Alan Freer, Cúl na Cathrach

Joan McCarthy, Lománach

Jack Burke, Ráth Úna

Mattie Ó hÉalaithe, Cúil a’ Bhuachaigh

Diarmuid Matt Twomey, Flatts, Baile Mhic Íre

Patrick D & Mary T Lehane, Daingean na Saileach

Johnny & Kathleen Horgan, Árdán Ghobnatan

Lyle de Gordún, Barr d’Ínse

   A fuair bas ag an taca seo den bhliain

AIFREANNTAÍ

NA NOLLAG:

Baile Mhúirne        

Dé Luain & Dé Máirt                         9.30 r.n.

Dé Céadaoin                                       11.00 r.n.

Déardaoin 24ú Nollaig                       11.00 r.n.

Oíche Nollag / Christmas Eve            6.30 i.n.

Lá Nollag / Christmas Day                 8.30 rn & 11.30rn

Lá le Stiofán / St Stephen’s Day       11.00 r.n.

Cúil-Aodha

Dé Máirt                                           10.30 r.n.

Oíche Nollag                                    9.00 i.n.

Lá Nollag / Christmas Day               10.00 r.n

DEÓISE CHLUAIN-UAMHA – Nóta Tabhachtach

  • Dighalraigh ag doras an tséipéíl.
  • Lean na treóracha scaradh sóisialta i gcónaí.
  • Is 50 duine an uasmhéid atá ceadaithe sa séipéal.
  • Níl ach beirt ceadaithe i suíochán. Ba cheart don céad duine druidim go dtí an taobh istigh sar a shuíonn an dara duine isteach.
  • Is féidir le clann suí le chéile – uasmhéid de cúigear i suíochán.
  • Níl cead seasamh sa phóirse, ar an staighre ná ag cúl an séipéi le linn Aifrinn.
  • Caithfidh gach duine atá ag freastal ar Aifreann bheith suite.
  • Tabhair áird ar na chomharthaí úrláir agus tú ag dul chun Comaoine a ghlacadh.
  • Córas aon-threó a bheidh i bhfeidhm ar an slí chun na hAltóra agus ar ais.
  • Bi aireadh do dhaoine shinsearach i measc a phobail.

CLOYNE DIOCESE GUIDELINES ON ATTENDING PUBLIC MASS IN SÉIPÉAL CHÚIL-AODHA

  • Hand sanitizer must be used when entering and leaving the church.
  • Social distancing must be maintained at all times.
  • Congregaions are limited to 50 people.
  • Only 2 people per seat. The first person entering a seat must move in to the far end of that seat.
  • Members of the same household may share a seat up to a maximum of 5 people.
  • It is prohibited to stand in the porch, on the stairs or at the back of the church during the celebration of Mass.
  • All those attending public Mass must be seated.
  • Particular attention must be paid to floor markings by those wishing to receive communion.
  • One way system must be observed by all those receiving Holy Communion.
  • Please be mindful of the needs of the older members of our parish community.

CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL

De bharr nách féidir bailiúcháin a reachtáil ag geataí na Séipéil i mbliana, táimíd ag cur clúdaigh litreach ar na bóird ag dóirse an dá Shéipéal. Is féidir do shíntiús a fhágaint isteach i mbosca-litreach Gerard Ó Loingsigh i gCúil-Aodha nó bosca-litreach Seán Ó Céilleachair i mBaile Mhic Íre. Cuir d’ainm ar an gclúdach litreach mas mian leat admháil a fháil ar ais.

St Gobnait’s Conference St Vincent De Paul Society

As the Society is not holding its annual church gate collection we are placing envelopes on porch tables of both churches. We ask anyone wishing to donate to please use one and return it to Gerard Lynch’s letterbox in Cuil Aodha, Sean O Céilleachair’s letterbox in Baile Mhic Ire or any volunteer known to you. We ask that anyone wishing to receive a receipt for their donation to please put their name on the donation envelope.

LEABHAR AR DÍOL / BOOK FOR SALE

Oilirtheacht Fhíorúil go Lourdes 2020:

Ta leabhar chomórtha foilsithe a thugann scéal na hoilirtheachta chugat i bhfoirm pictiúirí, cuimhní, seanmóirí agus teachtaireachtaí ó cháirde na Deóise. Ta an leabhar ar fáil ag Siopa Uí Luasa, Baile Mhic Íre.

‘Cloyne Lourdes a Virtual Pilgrimage 2020’

A recount of the 2020 Virtual Pilgrimage a commemmorative book has been produced. The book includes many photo memories, reflections, homilies and messages from our Cloyne friends. This book is available to purchase from Siopa Uí Luasa.


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an dara leabhar  Samuél       7:1-5. 8-12. 14. 16
Seasfaidh theaghlach Dáiví a i gcónaí go daingean romham.

A luaithe a bhí an rí Dáiví socair ina theach agus go raibh suaimhneas aige óna naimhde go léir ina thimpeall, dúirt an rí leis an bhfáidh Nátán: “Féach, táimse ag cur fúm i dteach céadrais, ach áirc Dé i mboth!” Dúirt Nátán leis an rí: “Imigh agus déan an uile ní is áil le do chroí, óir tá an Tiarna leat.” An oíche cheannann chéanna tháinig briathar an Tiarna go Nátán: “Imigh leat agus abair le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Seo mar a labhraíonn an Tiarna: An amhlaidh gur mian leat teach a thógáil dom ina ndéanfaidh mé cónaí? Níor fhan mé i dteach riamh ón lá a thug mé clann Iosrael amach as an Éigipt go dtí an lá inniu, ach chaith mé saol an tseachránaí agus mé i mo chónaí i mboth. Le linn mo chuid taistil go léir le pobal uile Iosrael, an ndúirt mé le haon duine de bhreithiúna Iosrael a bhí ceaptha agam mar thréadaithe ar Iosrael mo phobal: “Cén fáth nár thóg tú teach céadrais dom?’” Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse. Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh an uair úd a cheap mé breithiúna ar mo phobal Iosrael; tabharfaidh mé faoiseamh duit ó do naimhde go léir. Fógraíonn an Tiarna duit go ndéanfaidh an Tiarna teaghlach díot. Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n-adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas. (Eisean a thógfaidh teach do m’ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo. Beidh mé i m’athair aige, agus eisean ina mhac agamsa; má dhéanann sé olc, tabharfaidh mé an tslat dó mar phionós, faoi mar dhéanann daoine, agus buillí mar a thugann an cine daonna. Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat. Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’”

Briathar Dé.  

Salm le Freagra       Sm 88
Freagra Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna.

  1. Canfaidh mé de shíor faoi bhuanghrá, a Thiarna.
    fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
    Óir daingníodh do bhuanghrá go síoraí
    agus tá do dhílseacht chomh buan leis na flaithis.     Freagra
  2. Cheangail mé conradh le m’fhear tofa.
    Dhearbhaigh mé do Dháiví, mo sheirbhíséach:
    ‘Socróidh mé do shliocht ar feadh na síoraíochta,
    agus bunóidh mé do ríchathaoir go síoraí’                 Freagra
  3. Déarfaidh sé liom: ‘Is tú m’athair,
    is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
    Coinneoidh mé mo bhuanghrá dó go síoraí,
    agus séasfaidh mo chonradh leis go daingean.         Freagra

DARA LÉACHT    

 Sliocht as litir N.Pól chuig na Rómhánaigh       16:25-27
An dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta tá sé  nochta anois.

Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d’fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh. Moladh le Dia, an t-aon Dia eagnaí, trí Íosa Críost le saol na saol. Amen.

Briathar Dé.      

Alleluia   Lc 1:38
Alleluia, alleluia!
Féach mise banóglach an Tiarna:
déantar liom de réir d’thocail.
Alleluia!

AN CHRÉ.

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.     AMEN

________________________________________________

Rúndiamhair an chreidimh.

Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag

comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.

Leave a Comment