Nuacht Litir 2/2/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Ceathrú Domhnach Saor – Bliain C

(2/2/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn

Deardaoin  7:301n.

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as an fáidh Malací              3:1-4
An Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann.

Seo mar a deir an Tiarna
Jesus saviour“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua. Ach cé a fhulaingeoidh lá a theachta? Cé a fhéadfaidh seasamh nuair a thaibhseoidh sé?

Óir, is cuma é nó tine an athleádóra agus buac an úcaire. Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d’íobróirí iontu ag an Tiarna. Ansin, beidh íobairt Iúdá agus Iarúsailéim taitneamhach leis an Tiarna faoi mar a bhí sí anallód, na blianta fada ó shin.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia

 

 

Salm le Freagra            Sm 23
Freagra                           Cé he an Rí seo na glóire? Is é an Tiarna é.

1. Ardaígí bhur lindéir, a gheataí; éirígí suas, a dhoirse ársa,
go dtaga Rí na glóire isteach.              Freagra

2. Cé hé an rí seo na glóire? An Tiarna atá láidir tréan,
an Tiarna atá tréan i gcogadh.           Freagra

3. Ardaígí bhur lindéir, a gheataí; éirígí suas, a d hoirse ársa,
go dtaga Rí na glóire isteach.             Freagra

4. Cé hé an rí seo na glóire? Is é Tiarna mór na slua é.
Is é sin is Rí na glóire ann.                 Freagra

 

Alleluia Véarsa                   Lc 2: 32
Alleluia, Alleluia!
An solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.
Alleluia!

DARA LÉACHT    

Sliocht as litir chuig na Eabhraig             2:14-18
Níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí.

Ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin, agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt.

Óir is cinnte nach aingil is cúram dó ach sliocht Abrahám. Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail. Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu.

Briathar an Tiarna           Buíochas le Dia.  

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.                   Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás        2:22-40          Glóir duit, a Thiarna.
Tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil.

Nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug a thuismitheoirí Íosa go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna – mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” – agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”

Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sPresentation of Jesusé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:
“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir d’fhocail, faoi shíocháin,
mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: solas chun na náisiúin a shoilsi agus glóir do phobail Iosrael.”

Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair:
“Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar – agus gabhfaidh claíomh trí d’anam féin – chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”

Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta. Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d’oíche le troscadh agus le hurnaithe. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.

Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d’fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. Agus d’fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Dunnta an seachtain seo

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196

Leave a Comment