Nuacht Litir 2/3/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An t-Ochtú Domhnach Saor – Bliain C

(2/3/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  11:00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11.00rn Adhradh na Croise 10:00 – 5:00in
Dé Máirt   9:30

Deardaoin    7:301n.
Dé hAoine    9:30

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n  (níl cóir ann)

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as Leabhar Ezícéal, Fáidh Sírach         27:4-7
Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige.

Nuair a chroitear an criathar fágtar an dramhaíl ann.
mar an gcéanna feictear lochtanna an duine trí bhíthin a chuid cainte.
Tástálann an sorn soithí an photaire; agus triailtear an duine trí bhíthin a chomhrá.
Taispeánann toradh an chrainn an aire a tugadh dó;
mar an gcéanna taispeánann briathra an duine claonta a chroí.
Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige; óir is mar sin a dhéantar é a thástáil.

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Salm le Freagra              Sm 91
Freagra                             Is maith an rud é thú a cheiliúradh, a Thiarna.

1. Is maith an rud é an Tiarna a cheiliúradh agus canadh do d’ainm ós tú an Té is Airde
chun do bhuanghrá a fhógairt ar maidin is do dhílse ó oíche go chéile.                             Freagra

2. Bláthóidh an fíréan amhail crann pailme, fásfaidh sé amhail céadras na Liobáine.    Freagra

3. An dream a plandaíodh i dteach an Tiarna, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
Bhéarfaidh siad toradh fiú agus iad sean, beidh siad glas agus lán de shú,
chun a fhoilsiú a dhírí atá an Tiarna. Mo charraig é, nach bhfuil aon urchóid ann.         Freagra

DARA LÉACHT        

Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh        15:54-58
Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost.

Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina
chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:
“Tá an bás slogtha siar ag an mbua. Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua? A bháis, cá bhfuil do chealg?

Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca.
Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost.

Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna
agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.

Briathar an Tiarna                 Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                   Gniom 16:14
Alleluia, alleluia!

Oscail ár gcroíthe, A Thiarna go dtabharfadh siad cluas dá raibh á rá ag do Mhac.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh  Lúcás    6:39-45        Glóir duit a Thiarna.
Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

San am sin dúirt Íosa parabal leis na dheisceabail:

“An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díg? Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail atá i do shúil féin? Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

 Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta.
Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann.
Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.
Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór.
Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

Soiscéal an Tiarna.          Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Dunnta an seachtain seo

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196