Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach Cásga– Bliain C
(20/4/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Domhnaigh 9.30rn (Aiseirí an Tiarna)
Dé Luain 9:30rn Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt 9:30
Deardaoin 6:001n.
Dé hAoine 12:00 (Turas na Croise)
Cúil Aodha
Dé hAoine (An Chéasta – beo ar RnaG) 3:00in
Dé Domhnaigh (Beo ar RnaG) – 11:00rn (Aiseirí an Tiarna)
Réidh na nDoirí
De hAoine 11:00 (Turas na Croise)
Dé Domhnaigh 8:00rn (Aiseirí an Tiarna)
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Deardaoin Naofa 8:00
Dé hAoine 5:00 Searmanas na Páise
Dé Sathairn 8:00 (Bigil na Cásca)
Dé Domhnaigh – 11:30rn (Aiseirí an Tiarna)
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Déardaoin 7.30
Dé hAoine 3:00 Searmanas na Páise
Dé Sathairn 9:00 (Bigil na Cásca)
Dé Domhnaigh 9.30 (Aiseirí an Tiarna)
Carraig an Ime
Dé hAoine 7:30 Turas na Croise
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4
D‘itheamar agus d’ólamar ina chuideachta i ndiaidh a aiséirí ,o mhairbh
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt:
“Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra : Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan: is í a dheaslámh a d’ardaigh me.
Ni éagfaidh me-mairfidh mé agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Colosaigh 3:1-9
Lorgaígí na nitha atá thuas mar a bhuil Críost
A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Leagan Eile
Sliocht as cead Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-8
Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua
A bhráithre, ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh. Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh – agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Rosc
Moladh na Críostaithe
an tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal
na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca
chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar
idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh:
sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d’úinne abair
cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhi
is glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,
bréid is culaith.
D’aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha,
éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Alleluia versa
Alleluia, Alleluia!
Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.
Alleluia!
(Blian C 2025ad)
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9 Glóir duit, a Thiarna.
Níorbh fholáir é aiséirí ó mhairbh
An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa.
“Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
AN SOISCÉAL : (Bliain b) Lucas 24:1-12
An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama; ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa. Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu. Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh? Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa
Ghailíl, mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne.
Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, d’inis siad an méid sin uile don aon duine déag agus don chuid eile go léir. 10Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siadsan freisin an méid sin leis na haspail. Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad.
Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus d’imigh abhaile agus é lán d’ionadh faoin rud a tharla.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is
ullmhú é an dul suas ar ‘an sliabh ard’ don dul suas ar Chalbhaire
Comhgaidreachas
Le pobal Chill na Martra agus gach uile duine a ghlac páirt i gcraoladh Aifreann an Domhnaigh seo caite ar RnaG
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Trócaire – feachtas 2025
Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil. Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.
‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.
It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’
The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend
Deireadh seachtaine 09/03/2025
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha
Baile Bhúirne
Cill Na Martra
Reidh Na nDoirí
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196