Nuacht Litir 20/21-2-2021

Domhnach 21ú  Feabhra 2021

An Céad Domhnach den Carghas

Nil aifrinntí poiblí ceadaithe i láthair na huaire ach tá na séipéil oscailte chun cuaird príomháideach do thabhairt orthu.  Coinnigí na comhairlí mar atá thios.

There are no public masses allowed at present due to Covid 19 restrictions.  But the churches are open for private prayer.  We ask you to follow the guidelines when visiting – mask. hand sanitation and sign book.

Beidh an t-aifreann beo ó Chúil Aodha arlíne ag a 11:00  ansa  https://www.facebook.com/corcuilaodha

Mass will be streamed live from Cuil Aodha here at 11:00  https://www.facebook.com/corcuilaodha

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

A fuair bás le déanaí

Joan Lynch, Cill na Martra

A fuair bás an taca seo den bhliain

Matthew Matt Ó Tuama Cúm Uí Chlúmháin agus Seana Chluain
Michael J. Ó Tuama. Na Ceapacha.
John Pat agus Margaret Ó Tuama Na Ceapacha
Frances Lordon, Drom Dá Liag
Danny Hyde, Cúm na Cloiche
Margaret Uí Mhuirithe, Bóthar Naomh Abán
Hannah Uí Mhurchú, Baile Mhic Íre
Hannah Uí Thuama, TúnLán
Ann Griffin, Baile Mhic Íre
Denis & Kathleen McSweeney, Iomaire, Machromtha
Cunchúr Ó Loingsigh, Doire na Sagart
Síle Bean Uí Shíocháin
Seán Mac Cárthaigh, Cúil Aodha
Nonie Uí Shíocháin, Ínse Mhór agus Cill Áirne
Michael & Hannah Mac Suibhne, Gort na Scairte
James agus Batt Ó Laoighre, An Ráth
Tim Ó Suilleabháin, Sliabh Riach
Finbarr Ó Críodáin, Cúil Iarthair
Denis & Nellie Uí Bhuachalla, Cúil Iarthair
Michael Twomey, Na Cillíní
Tony Ó Ríordáin, Cúil an Chraosaigh, Lios a’ Chraosaigh,
Joan Uí Cearúil, Mainistir na Corann agus Cill na Martra.

Ráiteas ar throsca an Aoine ó Easboig na hÉireann

Slite éagsúil le ciallachan Aoine do chleachta:

  • Staonadh ó ithe feola nó abhar bídh eile
  • Staonadh ó dheoch meisciúil nó tobac
  • Iarracht ar leith ar pháirt a ghlaca i bpaidireoireacht clainne
  • Iarracht ar leith ar pháirt a ghlaca san Aifreann Aoine
  • Cuairt do thabhairt ar an Sacraimint Naofa
  • Turas na Croise do dhéanamh
  • Staonadh ó ithe ar feadh tréibhse níos faoide ná gnáthach duit is an fuíolach a thabhairt d’éinne i ngátar
  • Cabhrú leis daine bocht , nó breoite nó uaigneach

The link between Friday and penance is extremely ancient and is even reflected in the Irish word for ‘Friday’, An Aoine (the fast).

Forms of Friday Penance

The following are suggested as ways of fulfilling Friday penance:

  • Abstaining from meat or some other food
  • Abstaining from alcoholic drink or smoking
  • Making a special effort at involvement in family prayer
  • Making a special effort to participate in Mass on Fridays
  • Visiting the Blessed Sacrament
  • Making the Stations of the Cross
  • Fasting from all food for a longer period than usual and perhaps giving what is saved to the needy
  • Helping the poor, sick, old, or lonely. 

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as an leabhar Geinesis                         9:8-15
Conradh Dé le Naoi tar éis do é a shábháil on dile.

Noah and rainbowDúirt Dia le Naoi agus lena chlann mhac: “Féach, daingním mo Chonradh leatsa agus le do shíol i do dhiaidh; agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t-eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh. Daingním mo Chonradh libh; go deo arís ní scriosfar an uile fheoil le huiscí díleann, ná ní bheidh go deo arís díle ann chun an domhan a scrios.” Agus dúirt Dia: “Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht. Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh. Nuair a chruinneoidh mé na néalta os cionn na talún agus go bhfeicfear an bogha sna néalta, cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios.

Briathar Dé.

Salm le Freagra              Sm 24
Freagra                               Grá daingean agus dílse do rianta uile, a Thiarna,
dóibh siúd a choimeádann do chonradh.

I. Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,
agus teagasc dom do rianta.
Treoraigh mé i d’fhírinne agus teagasc mé,
óir is tusa, a Dhia, mo Slánaitheoir.       Freagra

2. Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna,
agus ar do bhuanghrá atá ann ó na cianta.
Do réir do bhuanghrá cuimhnigh orm,
as ucht do mhaitheasa, a Thiarna.         Freagra

3. Is maith is is díreach é an Tiarna.
Uime sin múineann sé an tslí do na peacaigh.
Díríonn sé an fear umhal san fhíréantacht;
múineann sé a shlí don fhear umhal.    Freagra

DARA LÉACT

Sliocht as an céad litir ó Peadar            3:18-22
Ba réamhshamhail an t-uisce sin ar an mbaisteadh a shlánaíonn sibh anois.

adult baptismFuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair, iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin. An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost. Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.

Briathar Dé.  

Comhgháir an tSoiscéil                            Mth 4: 4
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine,
ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!

SOISCÉAL

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas       1:12-15
Íosa á phromhadh ag Sátan, agus na haingil ag freastal air.

Chuir an Spiorad Íosa amach faoin bhfásach é agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Jesus and choice

Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.

Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht.
Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”

Soiscéal Dé.


Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/


Leave a Comment