Nuacht Litir 22/11/20

Féile Criost Rí na n-Uile

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

14/15ú Samhain

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish   Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

Beidh  Aifreann an Domhnaigh ar arlínne ag 11:00 ansa (Brúigh)

Sunday Mass will be streaming online here at 11:00  Click here

Aifrinntí áirithe dá léamh go príomháideach

Booked Anniversary Masses etc are being celebrated privately

Liostaí na Mairbh / November Lists Brúigh ansa/click here Ofráiltí / Offerings

Ná dearúd cuairt a thabhairt ar bhúr séipéil is reiligí chun guí ar son na mairbh.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Eileen Lucey (Ní Bhrosnacháin), Cuimín a’ Bhric, Cluain Chaoin & Cill Áirne.

Rachel Bn Uí Thuama Ínse Geimhleach

Con Nugent Baile Atha Cliath

a fuair bás le déanaí agus

Peigí Bn Uí Loinsigh Cúil Aodha

Séamus Bergin. Mountrath Co Laoise.

Olan Collins, Cúm na Cloiche

Dan O’Brien, Eochail

Peigí Noone (Ní Scannail)

Mary T. Ní Liatháin, Daingean na Saileach

Anne Ó Ríordáin, Cnoic an Iúir agus Árdán Ghobnatan

Síle Free (Ní Loinsigh) Ó Tuama Doire na Sagart agus Sliabh Riach,

Margaret agus Eileen Courtney Droichead Atha

Billy McCarthy, An Trá Mhór (Craoltóir)

a fuair bás um taca seo den bhliain

 

Cúpla Paidir

Fáilte romhat, a Rí an Domhnaigh

fáilte romhat, a Rí na hÓighe gile,

fáilte roimh na trí Aingeal

is airde is is óige sna Flaithis, l

e bheith ag gardáil m’anama is mo choirp,

anois agus i m’ chruchás.

 

Míle failte romhat, a Rí an domhnaigh:

do thabhartas ar gach fíorbhocht

saor sinn ón bpaca

agus beir ár n-anam go Cathair Íosa.

 

Failte romhat, a Rí an Domhnaigh,

a Mhic na hÓighe a rinne an tAiséirí

Coimrí m’anam’ ort, a Iósaf Naofa.

Ó a Íosa, Mac Dháiví, go slánaí tú m’anam.

AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Eziceal 34:11-12. 15-17
Maidir libhse, a thréad, túgaim breith idir caoirigh agus caoirigh.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin. Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an treadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Rachaidh mé i gcabhair orthu nuair a theann siad ar séachrán sa cheo agus sa dorchadas. Beathóidh mise mo chaoirigh agus tabharfaidh mé orthu a scíste a ligean-an Tiarna Dia a labhraíonn. Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh mé ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh mé an t-easlán ina neart. Tabharfaidh mé aire don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaim.
Maidir libhse, a thréad, a deir an Tiarna Dia: tú gaim breith idir caoirigh agus caoirigh, idir reithí agus gabhair fhirinn.
Briathar Dé.  Buíochas le Dia
 
Salm le Freagra Sm 22: 22:1-3. 5-6 Rv 1
Freagra Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.
1. Is é an Tiarna m’aoire,
ní bheidh aon ní de dhíth orm.
Cuireann sé i mo luí me
i móinéar féaruaithne. Freagra
2. Séolann sé ar imeall an uisce mé
mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé mé ar rianta díreacha
mar gheall ar a ainm. Freagra
3. Cóirlonn tú bord chun béile dom
i bhfianaise mo naimhde.
Ungann tú mo cheann Ie hola;
tá mo chupán ag cur thar maoil. Freagra
4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé
gach uile lá de mo shaol.
I dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe. Freagra
 
DARA LÉACHT
Sliocht as céad litir N.Pól chuig na Coirintigh 15:20-26.28
Tabharfaidh séan ríocht suas aige do Dhia an tAthair, agus sa tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán.
A bhraithre, tá Críost aiseirithe ó mhairbh, ina cheann ródaí orthu sin atá ar shlí na fírinne. Faoi mar a tháinig an bás ann trí bíthin duine, tháinig an t-aiséirí ann trí bhíthin duine mar a gcéanna. Faigheann an uile dhuine bás i gcomhar le hAdhamh; ar an dála céanna athbheofar an uile dhuine i gcomhar Ie Críost. Beidh gach aoinneach ina sheal féin afach: Críost i dtosach; ansin, ar theacht do Chríost, an mhuintir a bheidh i bpáirt leis; agus ar ball tiocfaidh an chríoch nuair a bheidh gach tiarnas agus sin beidh Dia ina mhciistir ar an iomlcin udaras agus cumhacht curtha ar neamhní aige agus an ríocht túgtha suas aige do Dhia an tAthair. Mar ní foláir do Chríost a bheith ina rí nó go mbeidh na naimhde uile curtha faoi chois. Agus is é an namhaid deireanach atá le díothú, an bás. Agus nuair a bheidh an uile ní curtha faoi smacht Chríost ag Dia, rachaidh Críost féin , an Mac, faoi smacht Dé agus sa tslí sin beidh Dia ina mháistir ar an iomlán.
Briathar Dé.  Buíochas le Dia
 
Comhgháir/Alleluia
Alleluia, alleluia!
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Daivi!
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N.Matha 25:31-36
Rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile.
San am sin duirt Íosa lena dheisceabail: “Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire. Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t-aoire na caoirigh ó na gabhair. Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m’fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’ Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’ Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’ Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do m’fheiceáil.’ Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’ Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’ Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”

Leave a Comment