Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
(22/5/2022)
An Séú Domhnach den Cháisc
A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 9.30
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30
Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé Máirt & Aoine 10:30
Beidh Aifreann i Scrín Ghobnatan i mbliana ar an 17ú lá de mí Iúil ag 3 a clog iar nóin.
Annual mass at St. Gobnaits Shrine will return on July 17th 2022 at 3pm. Fáilte roimh cách.
Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach céad Domhnach den Mhí
The 2nd collection on First Sundays of each month is for Diocesan Purposes
Ná dearúd bhúr clúdaigh litreach agus boscaí Trócaire do thabhairt tharnais. Go raibh maith agaibh
Please don’t forget to bring back your envelopes and Trócaire boxes.
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Sr. Concepta – Peigí Ní Thuama Cnoc Sathairn Cill na Martra.
Margaret Cronin (Ui Shúilleabháin) Cúil a’ Bhuacaigh
Gobnait Power (Ní Thuama) Baile Mhic Íre Thoir
Nóirín Twomey, Baile Mhic Íre Thoir
Seán agus Sile Uí Éalaithe, Gort Uí Rathaille
Jim agus Lizzie Uí Mhuimhneacháin, Na Milíní
Tom Hallissey, Cill Garbháin
Paudie, Mattie agus Hannah Uí Thuama, Na Milíní
Minnie Nic Cionnaith, Dún na Séad
Peg Uí Bhriain, Eochaill.
Willie Murphy, Árdán Ghobnatan
Katie agus Con Lucey, Baile Mhic Ire.
Peg agus Johnny Hoare, Gort Uí Rathaille
Déirdre Buckley, Coolnadane, Machromtha
Christy Kelleher, Daingean na Saileach
Marge Ni Shuilleabháin Corcaigh
John agus Abbey McCarthy, Sliabh Riach
Nell Casey, Rathúna , Baile Mhic Íre
Ar son daoine atá breoite
Timothy Ó Drisceoil Oilean Cléire
Connie Ó Ceallacháin, Nua Eabhrach agus Cill na Martra
David Lovett
An t-Ollamh Micheál Ó Caoimh (Máinlia Súil/Eye Surgeon) Cill Dara, BAC
Domhnailín John Ó Suilleabháin Na Milíní agus MagCromtha
CÉAD LÉACHT Gníomhartha na nAspal 15:1-2. 22-29
Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach.
Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre:
“Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul I gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Ansin shocraigh na haspail agus na seanóirí agus an Eaglais ar fad ar dhaoine áirithe acu féin a thoghadh agus a chur go hAintíoch in éineacht le Pól agus le Barnabas. Agus chuir siad beirt a raibh ardchéim acu i measc na mbráithre, Iúdás ar a dtugtaí Barsabas agus Síleas. Thug siad dóibh an litir: “Beatha agus sláinte ó na bráithre idir aspail agus sheanóirí, chun na mbráithre de bhunadh págánach atá in Aintíoch agus sa tSír agus sa tSiléis. Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n-aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne. Bheartaíomar dá bhrí sin nár mhiste dúinn teacht le chéile agus teachtaí a thoghadh agus iad a chur chugaibh in éineacht lenár mbráithre ionúine Pól agus Barnabas, beirt a bhfuil a n-anam curtha sa bhfiontar acu ar son ainm ár dTiarna Íosa Críost.
Dá réir sin táimid ag seoladh Iúdáis agus Shíleas chugaibh agus tabharfaidh siadsan an tuairisc chéanna ó bhéal daoibh. Tá beartaithe ag an Spiorad Naomh agus againn féin gan aon ualach breise a leagan oraibh ach an méid seo atá riachtanach: sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 66
Freagra Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.
Malairt Freagra Alleluia
1. Bí trócaireach linn, a Dhia, agus beannaigh sinn;
taispeáin dúinn solas do ghnúise,
chun go n-aithnítear do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún uile. Freagra
2. Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas
toisc go rialaíonn tú an domhan go fíréanta.
Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas;
treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Freagra
3. Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
Go mbeannaí ar nDia i gcónaí sinn,
gurab eagal le críocha na cruinne é. Freagra
DARA LÉACHT Apacailipsis 21:10-14. 22-23
Thaispeáin sé an chathair bheannaithe dom agus í ag tuirlingt ó neamh.
Rug an t-aingeal leis mé sa spiorad faoi shliabh mór ard, agus thaispeáin sé Iarúsailéim, an chathair bheannaithe, dom agus í ag tuirlingt ó neamh ó Dhia, agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail. Agus múr mór ard ina timpeall, ar a raibh dhá gheata dhéag, agus ar na geataí bhí dhá aingeal déag, agus ainmneacha arna scríobh ar na geataí, ainmneacha dhá threibh dhéag mhac Iosrael; bhí trí gheata ar an taobh thoir, trí gheata ar an taobh thuaidh, trí gheata ar an taobh theas, agus trí gheata ar an taobh thiar. Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain. Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici. Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL Eoin 14:23-29
Cuirfidh an Spiorad Naomh, i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.
San am sin d’fhreagair Íosa a dheisceabail:
“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis,
“coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó,
agus tiocfaimid chuige,
agus déanfaimid cónaí mar aon leis.
An té nach mbíonn grá aige dom,
ní choinníonn sé mo bhriathra.
Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,
ach leis an Athair a chuir uaidh mé.
Tá an méid sin inste agam daoibh,
fad a bhí mé ag fanacht agaibh,
ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh,
a chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse,
múinfidh seisean an uile ní daoibh,
agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh,
ar inis mise daoibh.
Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh.
Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í.
Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.
Chuala sibh mé á rá libh:
‘Táim ag imeacht uaibh,
agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’
Dá mbeadh grá agaibh dom,
bheadh áthas oraibh,
óir táim ag dul go dtí an tAthair,
mar is mó an tAthair ná mise.
Agus anois, tá sé inste agam daoibh,
sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas,
nuair a thiocfaidh sé chun críche,
go gcreidfidh sibh.Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Comhgháirdeachas leis na leannaí iontacha go léir, ó Scoil Abán Naofa, Baile Mhuirne, a ghlac an Céad Comaoine and deire seachtaine seo. Guímíd faoi bhrat Ghobnatan iad uile. Buíochas do gach éinne a chabhraigh in aon slí leis an ullmhúchán, go háirithe na múinteoirí agus cumann na dTuismitheoirí.
Ullamhú don Posadh!
Tá ACCORD, Deoise Chluana ag earcú oibrithe deonacha chun traenáil a dhéanamh chun cursaí ullmhúcháin pósadh a chur i láthair, mar chuid d’fhoireann.
Buntáistí san áireamh ná: Deis chun bheith ag obair in Eagraíocht Náisiúnta, Forbairt Pearsanta iontach, scileanna éascaitheora agus cur i láthair a fhorbairt, teastas in oideachas pósadh (creidiúnaithe). Má tá suim agat i níos mó eolais, téir i dteagmháil le Jean ag 025-31899
Luan-Aoine 9.30 r.n -1.30 i.n ar nó roimh 23ú Bealtaine 2022.Tá ALONE ag lorg oibrithe deonacha i do cheantar. Tacaíocht agus Cairdeas isea gaol idir oibrí deonach agus duine níos sine go bhfuil nasc acu le ALONE. Cuireann an seirbhís tacaíochta agus cairdeas, comhluadar agus tacaíocht praiticiúil ar fáil do dhaoine atá níos sine gur mhaith leo cuairteoir in aghaidh na seachtaine. Tá an seirbhís seo deartha chun mothúcháin d’aonrú agus uaigneas a laghdú, agus chun fadhbanna laethúil a réiteach, agus chun deis a thabhairt do dhaoine atá níos sine mothú slán agus iad sa bhaile. Téir chuig www.alone.ie chun níos mó eolais a fháil agus síniú suas.
Paidir an Phápa do Mhí Bealtaine
A Thairna Dia do roghnaís Muire mar mháthair ar do Mhac.
Do roghnaís í ón gcéad lá don curam seo agus, mar sin, choinnís í saor ó smál Pheaca an tSínnsear.
Iarraimíd ar Mhuire bheith i bpáirt linn inár bpaidreacha. Go n’éistí is go n’iompaí an ghlúinn óg ó pheaca, le glaoch Chríost, trí chumhacht teachtaireacht an tsoiscéil. Treoiraigh a gcosán ionas go roghanóigh siad an maith agus an naofa igcónai.
Osclaigh a gcluasa is a gcroíthe chun do ghlaoch chun freastal ort féin is a gcomharsaine. Tabhair misneach dóibh agus iad ag díriú ar an cruatan ina saol. Daingeanaigh iad ina gcreideamh, agus a muinín, i do ghrá is do thrócaire. Osclaigh a súile chun gátar a ndreatháireacha is a ndriofúireacha ionas go gcabhróigh siad leo igcónai.
Go n’iompaí siad chun Comaoin na Naomh, ach go h-áirithe chun Muire, Banríon na nAingeal agus na fearaibh is mnátha óga uile a shiubhalaigh Cosán an tSaoil. Go dtuillfigh siad ar deire, trí’na gcuid paidreacha agus dea shampla, grástaí an Bheatha Shíorraí. Aiméin