Nuacht Litir 23/2/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Seachtú Domhnach Saor – Bliain C

(23/2/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  11:00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11.00rn Adhradh na Croise 10:00 – 5:00in
Dé Máirt   9:30

Deardaoin    7:301n.
Dé hAoine    9:30

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n  (níl cóir ann)

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

 

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT

Sliocht as céad Leabhar Sameuil, Fáidh.        26:2, 7-9; 12-13; 22-23
Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.

D’imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf. D’imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t-arm ina luí timpeall air.

Ansin dúirt Aibísí le Dáiví:
“Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu!
Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin!
Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.

Ach d’fhreagair Dáiví Aibísí:
Ná maraigh é! Óir cé d’fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?
Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d’imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu.

Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu.
Agus d’fhreagair Dáiví:
Seo sleá an rí anseo. Tagadh duine de na saighdiúirí anall agus beireadh sé leis í. Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                     Sm 102
Freagra                                       Is grámhar trócaireach é an Tiarna.

I. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom, beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom, agus ná déan dearmad dá thíolaicí go léir.   Freagra

2. Eisean a mhaitheann do chionta go léir, a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha ón mbás, a chorónaíonn thú le grá is le trua.                             Freagra

3. Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.
Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn: ní de réir ár gcionta a chuitíonn sé sinn.          Freagra

4. Ní faide an t-oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
Amhail is trua leis an athair a chlann is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.                   Freagra

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh         15:45-49

Mar atá scríofa:
“Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.”
Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh. Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh.
Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine. Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh. Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa          Eo 13:34
Alleluia, alleluia!
Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile
Faoi mar a thug mise grá daoibhse, seo a dúirt and Tiarna
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.     Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh  Lúc.  6:27-38       Glóir duit, a Thiarna.
Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach.

Dúirt Íosa lena dheisceabail:
“Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh, beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh. An té a bhuaileann ar an leiceann tú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta.

Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é. Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.

Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh. Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna. Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais.  Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach. Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh. Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

Soiscéal an Tiarna.       Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Dunnta an seachtain seo

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196