Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Tríú Domhnach den gCarghas– Bliain C
(23/3/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn
Dé Máirt 9:30
Deardaoin 7:301n.
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 9:30rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:00rn Craoladh Beo ar RnaG
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Siobhán Bean Uí Éalaithe Cúil a Bhuacaigh agus Neidín
Siobhán Bean Uí Dhuinnín Cúil Aodha
A fuair bás an tráth seo bhliana
Laim McKenna Baile Mhuuirne agus Árd Mhacha
John agus Caitlin Uí Thuama Cúm Uí Chlúmháin Cuil Aodha
Gobnait (Ní Scannail) Dempsey Cúil Aodha agus Clonbullogue
Mary O Mahony Baile Mhic Íre
Síle agus Mícheál Uí Luasa Inse Mhór Cuil Aodha
Diarmuid Ó Buachall Bárr d’Ínse
Muirt Ó Buachalla Barr d’Ínse Cuil Aodha
Josephine Twomey Ceatharlach.
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Joey Uí Chonaill Lios Buí Mór
Willie agus Cití Uí Ailíosa Cathair Ceirín
Josie Uí Ailísoa Lios a’Chraosaigh
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Exodus 3:1-8.13-15
An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.
Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé. Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin dó ansiúd i riocht lasair thine ag teacht as lár toir; d’fhéach sé agus b’shiúd an tor ar lasadh ach gan é á dhó.
“Caithfidh mé dul i leataobh,” arsa Maois, “agus an radharc iontach seo a fheiceáil – cen fáth a bhfuil an tor gan do.”
Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor:
“A Mhaois, a Mhaois!”
“Anseo dom,” ar sé.
“Ná tar níos gaire,” arsa an Tiarna, “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”
“Is mise,” ar sé ansin, “Dia d’athar, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib.”
Agus chlúdaigh Maois a aghaidh mar nár leomhaigh sé féachaint ar Dhia.
Ansin dúirt an Tiarna:
“Chonaic mé an cruatan atá ar mo phobal san Éigipt agus chuala mé a screadaíl de bharr a saoistí saothair; is eol dom a bpianta. Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
Ansin dúirt Maois le Dia:
“Má théim go clann Iosrael agus a rá leo: ‘Dia bhur n-aithreacha a chuir mise chugaibh,’ agus go bhfiafraíonn siad díom: ‘Cén t-ainm atá air?’ céard a déarfaidh mé leo?”
Dúirt Dia le Maois: “Is mé an te atá ann,”
agus lean sé air: “agus abair é seo le clann Iosrael: ‘An té atá ann is é a sheol chugaibh mé.’”
Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael:
‘An Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’
Sin é m’ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m’ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 102
Freagra Is grámhar trócaireach é an Tiarna.
I. Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom, beannaíodh a bhfuil istigh ion am a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom, agus ná déan dearmad dá thíolaicí go léir. Freagra
2. Eisean a mhaitheann do chionta go léir, a shlánaíonn d’easláintí go léir,
a fhuasclaíonn do bheatha ón mbás, a chorónaíonn thú le grá is le trua. Freagra
3. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm, túgann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.
Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois agus a ghníomhartha do chlann Isráél. Freagra
4. Is grámhar trócaireach é an Tiarna. foighneach agus lán de cheansacht.
Ní airde neamh os cionn talún na méid a bhuanghrá do lucht a eaglaithe. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 10:1-6.10-12
Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne.
Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill go ndeachaigh siad uile tríd an muir, agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois. Chaith siad uile an bia spioradálta céanna agus d’ól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch gcarraig spioradálta a bhí á leanúint – agus ba é Críost an charraig sin. Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhóragus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach. Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd. Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an Scriosadóir iad.
Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n-aoiseanna. Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Mth 4: 17
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
‘Deanaigi aithri,‘ a deir an Tiarna,‘mar ta riocht na bhflaitheas in achmaireacht.‘
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 13:1-9
Mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.
San am sin féin tháinig daoine I láthair á insint D’Íosa faoi na Gailíligh, go raib Piolát
éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. Dúirt sé leo á bhfreagairt:
“An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d’áitritheoirí Iarúsailéim? Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”
Dúirt sé an parabal seo:
“Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. Dúirt sé le curadóir na fíniúna: ‘Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?’
Ach dúirt seisean leis á fhreagairt:
‘A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, agus b’fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.’”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnaigh
Ceacht ón Garraíodóir
Léitear sa Soiscéal gur chuir an garraíodóir ceist ar úinéar an fhíonghoirt deis eile a thabhairt don chrann fige le súil go mbeadh sé torthúil. Gheall sé go ndéanfadh sé tochailt timpeall air agus go gcuirfeadh sé aoileach air, chun an deis déanach a bhronnadh ar an gcrann. Dála an garraíodóir, b’hfearr dúinn ár gcreideamh a chothú, agus iarracht a dhéanamh ar theacht i gcabhair ar daoine eile. An bhfuil ár gcreideamh á chaomhnú againn, agus grá Dé á chleachtadh chun go mbeimíd torthúil mar a bhfuil súil ag Dia linn?
Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus, Átha Cliath.
********************************************
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is
ullmhú é an dul suas ar ‘an sliabh ard’ don dul suas ar Chalbhaire
Comhgaidreachas
Leis go dtí ár bpáistí a ghlacadh an Chéad Faoisteann an seachatain seo caite i gCúil Aodha, Baile Bhuirne agus Reidh na nDoirí. Ceiliúraí
álainn a bhí ann agus beirim buíochas lenár muinteoirí as ucht na h-ullamhaithe atá déanta acu.
Le Marisa Hoare agus John O Donoghue a phós le searmanas áluinn an Satharn seo caite(15ú Márta) ag 2.00pm i
Séipéal Ghobnatan Baile Bhuirne.
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Trócaire – feachtas 2025
Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil. Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.
‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.
It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’
The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend
Deireadh seachtaine 09/03/2025
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha €345.75 €505
Baile Bhúirne €706.00
Cill Na Martra €405 €135
Reidh Na nDoirí €95 €25
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196