Nuacht Litir 26/27-11-2020

Céad Domhnach den Aidbhint Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

26/27ú Samhain

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish   Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

Séipéil ag oscailt i gcóir aifreanntaí Dé Máirt 1/12/2020

Aifrinntí i mBaile Mhuirne Máirt go Aoine 9:30

Aifreann i gCúil Aodha Dé Máirt 10:30 agus Aoine (Céad Aoine) 7:00 pm

Iarrtar ar gach éinne puicíní a chaitheamh agus lámha a ghlanadh i gceart

(People must wear masks and sanitize their hands)

Beidh  Aifreann an Domhnaigh ar arlínne ag 11:00 ansa (Brúigh) agus ar RnaG

Sunday Mass will be streaming online here at 11:00  Click here and on Radio na Gaeltachta

Aifreann Baile Mhuirne @ 12:00 mean lae (Baile Mhuirne mass next Sunday at 12:00)

Caithfighmíd cloí leis na srainnta atá orainn le linn an rabhta Covid.

(We must respect the restrictions that apply during this Covid period)

ARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH  

a fuair bás le déanaí agus

Elsie de Roise, Gort na Tiobratan

Paddy Ó Suilleabháin, Na Milíní Cúil Aodha

Máirín agus Bill Mac an tSaoi, Cúil Aodha

Sile O’Brien, Cúm a’ Ghadhair, Baile Mhuirne

Jimmy Moloney. Gleann Draoi, Tulla, Co an Chláir

a fuair bás um taca seo den bhliain

Bláth-Fhleasc na hAidbhinte Réitítear fleasc don Aidbhint agus tá nós na fleisce go forleathan ar fud na hEorpa leis na cianta. Déantar í as cuileann agus duilleoga síorghlas i riocht fáinne. Bíonn ceithre coinneal ann, ceann do gach seachtain den Aidbhint. Baineann an fáinne leis an tsíoraíocht toisc nach mbíonn tús ná deireadh leis. Bíonn dath corcra ar thrí choinneal agus bíonn ceann amháin bándearg. Is deacair slí níos fearr a fháil chun ullmhú cuí a dhéanamh don Nollaig. Lastar coinneal amháin ar chéad Domhnach na hAidbhinte, dhá cheann ar an dara Domhnach agus mar sin de go mbíonn na ceithre choinneal ar lasadh ar an Domhnach roimh Lá Nollag. Dá bhrí sin faoi mar a bhíonn na seachtainí ag gabháil thart tagann breis solais ó Fhleasc na hAidbhinte go dtí go dtagann an Nollaig féin tráth a lastar Coinneal Mhór Bhán na Nollag i lár na fleisce. D’fhéadfadh daoine coinnle a lasadh ina dtithe féinig agus paidreacha a rá.  

 

Leave a Comment