Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Dara Domhnach den Cháisc– Bliain C
(27/4/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11:00rn
Dé hAoine 11:00
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 5:12-16
Chuaigh líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna níba mhó i méad.
Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh ach ní leomhfadh duine ar bith eile dul ibpáirt leo. Mar sin féin bhí ardmholadh ag an ngnáthphobal orthu, agus bhí líon nabhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ag dul i mbreis i gcónaí sa tslí go mbíodh nahothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus arshráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ardhuine éigin acu.
Thagadh na sluaite freisin ó na bailte mórthimpeall Iarúsailéim, agtabhairt othar leo agus daoine a bhíodh á gciapadh ag spioraid neamhghlana, agus leigheastaí gach duine acu.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Tugaigí buíochas den Tiarna teisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.
Malairt eile Alleluia, Alleluia, Alleluia,
I. Bíodh teaghlach Isráél á rá: ‘Maireann a ghrá de shíor.’
Bíodh teaghlach Árón á rá:: ‘Maireann a ghrá de shíor.’
Abradh an dream lerb eagal an Tiarna: ‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn, ach chuidigh and Tiarna liom.
Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach: is é a thug slán mé
Cluintear gártha lúcháire is caithréime I bpubaill na bhfíréan Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo, agus is éachtach linne é.
Is é seo an lá a rinne an Tiarna: bíodh áthas is gliondar orainn. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Apacailipsis 1:9-13. 17-19
Ba mharbh dom, achanois is beo dom ar feadh na síoraíochta.
Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa. Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa, á rá:
“Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú agus seol é go dtí na seacht n-eaglaisí, go hEifeasas, go Smiorna, go Peargamas, go Tíaitíora, go Sairdis, go Filideilfia, agus go Láoidícéa.”
D’iompaigh mé timpeall féachaint cén glor a labhair liom, agus, ar iompú dom, chonaic mé seacht gcoinnleoirí óir, agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach. Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic.
Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá:
“Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo; ba mharbh dom,
ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.
Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.
Alleluia Véarsa Eo 20:29
Alleluia, Alleluia!
‘De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú,’ a deir an Tiarna.
‘Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:19-31 Glóir duit, a Thiarna.
Ocht lá ina dhiaidh sin, tháinig Íosa.
Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo:
“Síocháin daoibh!”
Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna.
Dúirt Íosa leo ansin arís:
“Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin.”
Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo:
“Glacaigí an Spiorad Naomh.
Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh;
na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe.”
Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa.
Dúirt na deisceabail eile leis: “Chonaiceamar an Tiarna.”
Ach dúirt seisean leo:
“Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé.”
Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo.
Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt:
“Síocháin daoibh!”
Ansin dúirt sé le Tomás:
“Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach.”
D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna agus mo Dhia!”
Dúirt Íosa leis:
“De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú.
Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”
Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé,
agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is
ullmhú é an dul suas ar ‘an sliabh ard’ don dul suas ar Chalbhaire
Comhgaidreachas
Le pobal Chill na Martra agus gach uile duine a ghlac páirt i gcraoladh Aifreann an Domhnaigh seo caite ar RnaG
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Trócaire – feachtas 2025
Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil. Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.
‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.
It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’
The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend
Deireadh seachtaine 09/03/2025
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha
Baile Bhúirne
Cill Na Martra
Reidh Na nDoirí
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196