Domhnach 28ú Feabhra 2021
An Dara Domhnach den Carghas
Nil aifrinntí poiblí ceadaithe i láthair na huaire ach tá na séipéil oscailte chun cuaird príomháideach do thabhairt orthu. Coinnigí na comhairlí mar atá thios.
There are no public masses allowed at present due to Covid 19 restrictions. But the churches are open for private prayer. We ask you to follow the guidelines when visiting – mask. hand sanitation and sign book.
Beidh an t-aifreann beo ó Chúil Aodha arlíne ag a 11:00 ansa https://www.facebook.com/corcuilaodha
Beidh Aifreann na seachtaine seo beo ar RnaG / This weeks mass will be broadcast live on RnaG
Mass will be streamed live from Cuil Aodha here at 11:00 https://www.facebook.com/corcuilaodha
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
A fuair bás le déanaí
Anthony Perry, Cois Locha
Éamonn Cregg, Mala & Béal Átha na Slua
Maureen Dinneen, Cill Garbháin & Baile Átha Cliath
Lorraine Bowe Dublin
Siobhán Uí Dhubháin, Cathair an Treanntaigh
Pádraig Ó hAiniféin, na hAcraí
Brian Brennan. Canada
A fuair bás an taca seo den bhliain
Ciara Bn Uí Dhuinnín
John agus Mary Weir, Baile Mhic Íre
Kathleen O’Keeffe
Jerry Hegarty, Home Farm, Baile Mhuirne
Seán Ó Muirrithe, Cnoc Buí agus Bóthar Abán
Jerry Dineen Lios Buí Beag, Cill na Martra
Maura Kelly Cronin Doire n Chuilinn agus watergrasshill
Tomás Ó Scanláin, Baile an Lochaigh
Seán Ó Riordáin, Baile Mhuirne agus Inis Cara
Jimmy agus Kitty O’Mahony. Kilcrohane, Beanntraí
Stiofán Ó Conaire, Salalee Rosmuc, Co na gaillimhe
Ag léámh agus ag míniú focail Dé
Nuair a léimhtear an scrioptúr naofa sa séipéal, is Dia féin atá ag cainnt lena phobal agus is é Críost ina fhocala féin, a fhógraíon an Soiscéal.
Dá bhrí sin ní mór do gach naon éisteacht le omós do fhocla Dé mar is iad an chuid is tabhachtaí den Liotúrga iad. Gí go bhfuil Briathar Dé, folaithe i léachtaí an Scrioptúr Naofa, dirithe ar gach uile duine ó gach ré agus iontuigthe dóibh uilig, ní foláir a rá go dtuigtear níos fearr agus níos fíor iad le cabhair míniú, beo ar an mBrithar sa tseanamóin, agus é mar chuid gníomhaíocht liotúrgach.
Reading and Explaining the Word of God
When the Sacred Scriptures are read in the Church, God himself speaks to his people, and Christ, present in his own word, proclaims the Gospel.
Therefore, all must listen with reverence to the readings from God’s word, for they make up an element of greatest importance in the Liturgy. Although in the readings from Sacred Scripture God’s word is addressed to all people of every era and is understandable to them, nevertheless, a fuller understanding and a greater effectiveness of the word is fostered by a living commentary on the word, that is, the homily, as part of the liturgical action.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an céad leabhar Genesis 22:1-2. 9-13. 15-18
Íobairt Abráhám, ár n-athair sa chreideamh.
Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean. “Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d’aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”
Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t-adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú.
Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.” Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d’aonmhac, dom.” Ansin d’ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d’ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.
Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh: “Mhionnaigh mé dar mise féin – focail an Tiarna iad seo – ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, d’aonmhac féin, dom, dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde. Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 115
Freagra: Siúlfaidh me i bhfianaise an Tiarna i ndúiche na mbeo.
1. Bhí muinín agam fiú nuair a dúirt mé:
‘Táim do mo bhuaireamh go mór.’
Is luachmhar i bhfianaise an Tiarna
bás a chuid naomh. Freagra
2. A Thiarna, is mise do ghiolla;
scaoil tú mo chuibhreacha díom.
Ofrálfaidh mé duit íobairt an mholta,
gairfidh mé ar ainm an Tiarna. Freagra
3. Comhlíonfaidh mé ar mhóidigh mé don Tiarna
i láthair a phobail go léir,
i gcúirteanna theach an Tiarna,
i do lár baill, a Iarúsailéim Freagra
DARA LÉACT
Sliocht as litir N.Pól chuig na Rómhánaigh 8:31-34
Níor lig Dia uaidh a Mhac Féin.
A bhráithre, má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?
Briathar Dé.
Comhgháir an tSoiscéil Mth 17:5
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 9:2-10
Is é seo mo Mhac muirneach.
San am sin rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl, agus d’éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad. Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis. Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir, “ ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias” – mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu. Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!” Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar.
Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh. Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh.
Soiscéal Dé.
Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish
Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings
Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/