Nuacht Litir 3/4-7-2021

 Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

Dé Domhnaigh 4ú Iúil 2021

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line     https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online  https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website  http://cloynediocese.ie/

BAISTÍ :   Ceiliúrfar baistí ar an gcéad Satharn den mhí ag 3.30 i.n. i pé séipéal is túisce atá curtha in áirithe.

BAPTISMS will be celebrated on the first Saturday of the month at 3.30pm, in whichever Church is first booked.

PÓSTAÍ : Caifear fogra trí mhí a thabhairt don Eaglais & don Stát.

MARRIAGES : Three months notice of intention to marry must be given to both Church & State. Online booking of pre-marriage courses – www.accord.ie.

An Ceathrú Domhnach Déag

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

A fuair bás le linn na seachtaine

Margaret Halissey, Cill Garbháin

A fuair bas ag an taca seo den bhliain

An tSiúr Eibhlín Ní Éalaithe, Na Milíní
Eibhlín Uí Shuibhne, Na Doirí
Paddy Casey, Baile Mhic Íre
Lizzie & Jim O’Brien, Cúil-Aodha
Nell Scannell, An Muileann
Christie Spillane, Carraig Tuathail
Seán Ó Muirithe, Bothar Aban
Mary Murphy, Má Réidh
John McCarthy, Seana Chluain
Gearoid Mac Suibhne, Oifig a’ Phoist
Ned Horgan, Sliabh Riach
Máire Ui Shuibhne, Gort an Acra
Patsy Lyons, Bóthar Abán.

AIFREANNTAÍ
Baile Mhúirne
Satharn                          6.30 i.n.
Domhnach                   11.30 r.n.
Cúil-Aodha
Domhnach                   11.00 r.n.

___________________________________________

CÉAD LÉACHT 

Sliocht as Leabhar Ezícéal, Fáidh.     2:2-5
Is sotalach ceanndána an pobal fad; tabharfarle fios dóibh go raibh fáidh ma measc.

 Tháinig an spiorad ionam agus chuir i mo sheasamh mé, agus chuala mé é ag caint liom. “A mhic an duine,” ar sé, “seolaim thú chuig muintir Iosrael, chuig [na ceannaircigh] a d’éirigh amach i m’aghaidh. Pheacaigh siadsan agus a n-aithreacha i m’aghaidh go dtí an lá inniu féin. Is sotalach ceanndána an pobal iad fosta; seolaim chucu thú agus déarfaidh tú leo: ‘Mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia.’ Éistidís nó ná héistidís, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh fáidh ina measc.

Briathar Dé.

SALM LE FREAGRA   Sm 122
Freagra   Faireann ár súile an Tiarna nó go ndéana sé trócaire.

  1. Is chugatsa a thógaim mo shúile,
    chugatsa a chónaíonn ar neamh,
    mar shúile na ndaor ag faire
    ar lámh a a dtiarnaí.                   Freagra
  2. Mar shúile na mbanseirbhíseach ag faire
    ar lámha a máistreása
    faireann ár shúile an Tiarna ár nDia
    nó go ndéana sé trócaire.           Freagra
  3. Déan trócaire, a Thiarna, déan trócaire,
    óir fuaireamar ár sáith den dímheas.
    De dhímheas lucht díomais agus saibhris
    is dóthanach ár nanam.             Freagra

DARA LÉACHT         

Sliocht as an dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh    12:7-10
Maífidh mé go fonnmhar as mo laigí, ionas go lonnódh cumhacht Chríost orm.

A
 bhráithre, sula gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm. D’agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom, ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm. Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.

Briathar Dé.  

ALLELUIA VÉARSA     Eo 1: 14. 12
Alleluia, alleluia!
Rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh
Alleluia!

SOISCÉAL  

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 6:1-6
Ní bhlonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin.

San am sin tháinig Íosa ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.” Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas, agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.

Soiscéal Dé

AN CHRÉ.  Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.          AMEN

_______________________________________________

NA MOLTA DIAGA

Moladh le Dia,

Moladh lena ainm Naofa,

Moladh le hÍosa Críost, fíorDhia agus fiorDhuine.

Moladh le hainm Íosa.

Moladh lena Chroí ró-naofa.

Moladh lena Fhuil ró-luachmhar.

Moladh le hÍosa i Naomhshacraimint na hAltóra,

Moladh leis an Spiorad Naomh, An Paraiclít,

Moladh le morMháthair Dé, Muire ró-naofa,

MMoladh lena Gabháil Naofa gan smál.

Moladh lena Deastógail ghlormhar.

Moladh le hainm Mhuire, Maighdean agus Máthair.

Moladh le Naomh Iósaef, a ceile ró-gheanmnaí.

Moladh le Dia ina aingil agus ina naoimh.

GNÍOMH DÓCHAIS

A Mhuire na nGrást, a Mháthair Mhic Dé

Go gcuire tú arm o leas mé

Go sábhála tú mé ó gach uile olc

Go sábhála tú me idir anam is corp.

Garda na n-aingeal ós mo chionn

Dia rómham is Dia liom.

ÚDARÁS NA GAELTACHTA

SCÉIM PHRÍNTÍSEACHTA / Apprenticeship Scheme. Beidh ar iarrthóirí Clárú ar-líne ar shuíomh an Údaráis, agus an Foirm léiriú Spéise a líonadh. Tá gach eolas ar le fáil ar  https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/

Leave a Comment

I Líonta Dé go gcastar sinn. Dismiss