Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Ceathrú Domhnach den gCarghas– Bliain C
(30/3/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt 9:30
Deardaoin 7:301n. Adradh 8:00 – 10:00.in
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Sathairn – 11:00 (Stáisiúin an Earraigh) Tá sé seo ar ceall de bharr cúis gan coinne – Níl an aifreann seo ann.
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Iósua 5:9-12
Choimeád muintir Iosrael an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí.
Dúirt an Tiarna le Iósua:
“Inniu féin rinne mé aithis na hÉigipte a dhíbirt uaibh.”
Uime sin tugadh Gilgeál ar an áit go dtí an lá atá inniu ann. Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó. Amárach na Cásca, an lá sin díreach, d’itheadar cuid de thorthaí na tíre, cístí gan ghabháile agus arbhar tíortha. As sin ar aghaidh, ón uair a d’itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d’itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 33
Freagra Blaisigí agus feachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
I. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth, beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna: cluineadh lucht na huirísle is déanaidís lúcháir. Freagra
2. Móraigí an Tiarna mar aon liom, agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna is d’fhreagair sé mé, agus shaor mé ar gach uile eagla. Freagra
3. Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniséoir is chuala an Tiarna é, agus shaor sé é óna anacraí go léir. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as dara Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:7-21
Is é Dia a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí
Aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaitheas an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha.Is é Dia a thug an t-iomlán igcrích, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost a d’fhág ant-athmhuintearas ina chúram orainne.Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gurfúinne a d’fhág sé fógairt an athmhuintearais sin.Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí.Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.Mar an té údnárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d’fhonn go ndéanfaí dínnefíréantacht Dé ann.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Lc 15. 18
Cuirfidh mé chun bóthair agus ráchaidh me chun m’athar agus dearfaidh me leis:
‘A athair. pheacadh mé in aghaidh na bhfaitheas agus i do láthairse.’
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 15:1-3.11-32
Bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís.
San am sin bhí na poibleacánaigh agus na peacaigh, uile ag teacht ina ghar chun bheith
ag éisteacht leis. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar:
“Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”
Agus labhair sé an parabal seo leo:
“Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair:
‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’
Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatar thu. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d’imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.
Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa. D’imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún éag aoireacht mhuc. Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d’itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt:
‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m’athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m’athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus I do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’
Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair.
Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga. Dúirt an mac leis:
‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’ Ach dúirt an t-athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa, agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas; óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’
Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.
“Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d’fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun. Dúirt seisean leis:
‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d’athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’
Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach.
Tháinig a athair amach ag achainí air. Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt:
‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde. Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’
Ach dúirt sé leis:
‘A mhic, bíonn tusa liom i gcónaí, agus gach a bhfuil agam is leat; ach bhí sé ceart aoibhneas a dhéanamh agus áthas, óir bhí an deartháir seo agat marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is
ullmhú é an dul suas ar ‘an sliabh ard’ don dul suas ar Chalbhaire
Comhgaidreachas
Le pobal Chill na Martra agus gach uile duine a ghlac páirt i gcraoladh Aifreann an Domhnaigh seo caite ar RnaG
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Trócaire – feachtas 2025
Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil. Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.
‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.
It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’
The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend
Deireadh seachtaine 09/03/2025
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha
Baile Bhúirne
Cill Na Martra
Reidh Na nDoirí
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196