Satharn 30ú & Domhnach 31ú Eanair 2021
Ceathrú Domhnach de Thráth Saor na Bliana
A fuair bás le déanaí
Timmy Ó hÉalaithe Cnoic an Iúir
Mary Bn Uí Chríodáin (Ní Thuama) Cnoc Sathairn, Cill na Martra
Cara Ó Sullivan. Dubhglas, Corcaigh
Bernadette O’Sullivan. Oileán Béara
A fuair bás an taca seo den bhliain
Eibhlín Bn. Uí Chuill ,Barr d’ Ínse
Jerry J. Ó Cuill , Astráil/Bárr d’ Ínse
Domhnal Ó Riordáin Doirín Áluinn
Kathy agus John Ó Tuama, Na h-Ulláin Thiar
Treasa Ní Mhuimhneacháin Gort na Scairte
Máire Ní Loinsigh Cúil Aodha
Lúc Verling, Barr a’ Doire An Cheathrú Rua
Jamsie Cooney, Cill Na Martra
Timmie & Nell Cooney Cill Na Martra
Margaret agus Micheal Moynihan Cúil Aodha
Micheal agus Síle Murphy Baile Mhuirne
Peter Hyde, Cill na Martra & An Carraig Dubh
LÁ LE BRÍDE – Céad Lá Feabhra
Paidir Naomh Bríd
A Naomh Bríd, a Mhuire na nGael,
scar orainn do bhrat,
A Naomh Bríd, a chroí na féile,
stiúir sinn ar an mbóthar ceart,
A Naomh Bríd gheanúil ghrástúil,
ar ár namhaid cosain sinn,
A Naomh Bríd, a bhean railta álainn,
ar uair ár mbáis glaoigh orainn.
Naomh Bríd, Muire na nGael (Scríofa ag Betsy Ní Shuibhne)
Rugadh Naomh Bríd i gContae Lú timpeall 452. Tá áit speisialta ag Bríd i gcroí muintir na hÉireann gur ainmníodh í mar phatrún orainn, chomh maith le Naomh Pádraig agus Naomh Cholmcille.
Sí patrún na bhfeirmeoirí í leis, pátrún ar ainmhithe na feirme agus obair dhéiríochta, aon rud go raibh baint aige le bainne, im nó cáis. Tá sí mar phatrún ar scoláirí scoile agus ar fhilí chomh maith. Deirtear go bhfuil leigheas do shúile tinne i dtoibreacha a bhí ainmnithe ina honóir.
Bhunaigh a príomh Clochar i gCill Dara agus deirtear gur bhunaigh dhá cheann eile ar a laghad. Tá Cloigtheach (round tower) agus Crois tóghta ina honóir i gCill Dara.
Brat Bríde Ar bhigil na féile cuirtear ribín nó píosa éadaigh ar leac na fuinneoige nó ar thor agus deirtear go mbeannaíonn Brid an brat ar a taisteal ar fuaid na tíre agus cuirtear i dtaisce é mar leigheas ar thinneas cinn nó breoiteachtaí eile.
Crois Bríde Tráth bhí Bríd ag tabhairt aire do cheannaire págánach, faid a bhí sí ina suí in aice leis thosnaigh sí ar an luachair a bhí ar an dtalamh a fhigh i bhfoirm croise agus í ag paidreoireacht léi. D’oscail an fear a shúile agus d’iarr uirthe cad a bhí ar siúl aici. Mhínigh sí dó traidisiún na croise agus conas mar a fuair ár Slánaitheoir bás ar an gcrois. Bhí an t-uasal chomh tógtha san léi gur iarr sé go mbaistfí é sar a bhfuair sé bás. Deintear a lá fhéile a cheiliúradh gach bliain go mór mhór le cros Bríde a dhéanamh agus crochtar é sa tig.
Ba féile págánach ceilteach féile Imbolg, féile ag ceiliúradh teacht an Earraigh agus deineadh feile Críostaíochta den lá ó aimsir Bríde. Dúirt Naomh Bríd go mbeadh athrú aimsire ón a feile féin amach – “Gachre lá go maith óm lá sa amach agus leath mo lae féinig”.
Bean cumhachtach í ach bhi si caoin-cineálta le gach n-aon a casadh uirthe. Dhein sí a lán taisteal. Bhi ana shuim aici i mbia de gach saghas agus i gcócaireacht agus bhí sí ar fheabhas chuige. Thálach a tréad bó nios mó bainne ná aon tread eile in Éirinn.
Go dtí le déanaí bheadh féasta ullamh do’n fhéile – feóil, bairín breac, ullagáin, císte min- choirce. Glantaí an tig agus thugadh na comharsain cuaird ar a cheile. Fágtaí punann coirce nó eórnan lasmuigh de’n doras dá dhá bó bán agus í ar a turas timpeall na tíre ar an bhigil.
A Bhríd, a Mhuire na nGael
A Bhríd, a Mhuire na nGael,
Fé do bhrat tóg ár náisiún uile,
A Bhríd a Mhuire na nGael, guígh orainn.
D’fhág tú do theaghlach,
Scaip tú an creideamh ‘measc ár sinsear fadó.
Le do chrois luachra, scaip tú dea-scéal Íosa Críost,
Le Pádraig agus Colm Cille,
beannaigh muintir na hÉireann anois agus i gconaí.
Lá Fhéile Naomh Blaise – 3ú Feabhra