Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
5ú & 6ú Nollaig 2020
Dara Domhnach den Aidbhint
|
Athair Dónal Ó Briain 086-2530789.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
Damian Ó Duinnín, Doire ‘n Chuilinn
A fuair bás le déanaí
Máire Ní Laoghaire, Doire n’ Chuilinn
Mary Lynch, Baile Mhic Íre
Denis J Lynch, Na hUlláin
Jimmy Moloney
Máire Twomey, Cúl na Catharach & Leicester
Mary McCarthy, Seana Chluain
Kevin McNamara, Fortane, Tullach, Co an Cláir.
Johnny Perrill, Co an Chláir
Donal agus Tadhg Twomey
Danny agus Judy Lucey Cnoic an Iúir, Baile Mhic Íre
Finbarr Collins, Patrick Cremin agus Shane Murphy
A fuair bas ag an taca seo den bhliain
AIFREANNTAÍ NA SEACHTAINE
BAILE MHÚIRNE
Dé Luain 9.30 r.n. & 6.30 i.n
Dé Máirt, 8ú la 11.30 r.n.
– Féile Giniúint na Maighdine Muire Gan Smál
Céadaoin go hAoine 9.30 r.n.
Dé Satharn 11.00 r.n. & 6.30 i.n.
Dé Domhnaigh 11.30 r.n.
CÚIL-AODHA
Dé Máirt, 8ú lá 10.00 r.n.
– Féile Giniúint na Maighdine Muire Gan Smál
Dé hAoine 7.00 i.n.
Dé Domhnaigh 10.00 r.n.
FÉILE GINIÚINT NA MAIGHDINE MUIRE GAN SMÁL
Is é lá saoire eaglaise Féile na Giniúna gan Smál agus is lá an-tabhachtach é.
Ceiliúrimid an féile seo ar an 8ú lá de mhí na Nollag. “Cuimhnímid gur roghnaigh Dia Muire le bheith ina máthair ag Íosa, Mac Dé. D’ullmhaigh Dia Muire don tasc mór a bhí le déanamh aici. Thainig Muire ar an saol agus í roghnaithe go speisialta ag Dia. Bhí sí beannaithe cheana féin le fabhar Dé, líonta cheana féin leis an Spiorad.
Múineann an Eaglais gurb í Muire an t-aon duine riamh a bhí saor go huile ó rian peaca’ ón gcéad nóiméad dá saol. Tugtar An Ghiniúint gan Smál ar Mhuire agus is é sin an fáth a ndeirimid go bhfuil sí “ lán de ghrásta” agus “beannaithe idir mhná” . (Beo go Deo)
AIFREANNTAÍ NA NOLLAG:
Táthar ag súil na hAifreanntaí a rith mar seo leanas:
It is hoped that Christmas Masses will be as follows:
Baile Mhúirne
Déardaoin 24ú Nollaig 11.00 r.n.
Oíche Nollag / Christmas Eve 6.30 i.n.
Lá Nollag / Christmas Day 8.30 rn & 11.30rn
Lá le Stiofán / St Stephin’s Day 11.00 r.n.
Cúil-Aodha
Lá Nollag / Christmas Day 10.00 r.n
De bharr srianta sábháilteachta sláinte, moltar ná fhreasatlódh duine ar níos mó ná Aifreann amháin le linn an treimhse thuas.
It is suggested that people attend only ONE Mass this Christmas, because of safety regulations.
Déanfaimís go léir ár ndicheall cloí leis na srianta atá orainn ag an am seo.
BLÁTH-FHLEASC NA HAIDBHINTE
Réitítear fleasc don Aidbhint agus tá nós na fleisce go forleathan ar fud na hEorpa leis na cianta.
Déantar í as cuileann agus duilleoga síorghlas i riocht fáinne. Bíonn ceithre coinneal ann, ceann do gach seachtain den Aidbhint. Baineann an fáinne leis an tsíoraíocht toisc nach mbíonn tús ná deireadh leis.
Bíonn dath corcra ar thrí choinneal agus bíonn ceann amháin bándearg. Is deacair slí níos fearr a fháil chun ullmhú cuí a dhéanamh don Nollaig.
Lastar coinneal amháin ar chéad Domhnach na hAidbhinte, dhá cheann ar an dara Domhnach agus mar sin de go mbíonn na ceithre choinneal ar lasadh ar an Domhnach roimh Lá Nollag. Dá bhrí sin faoi mar a bhíonn na seachtainí ag gabháil thart tagann breis solais ó Fhleasc na hAidbhinte go dtí go dtagann an Nollaig féin tráth a lastar Coinneal Mhór Bhán na Nollag i lár na fleisce.
D’fhéadfadh daoine coinnle a lasadh sa bhaile agus paidreacha a rá.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Íseáia 40:1-5. 9-11
Réitigí cosán le haghaidh an Tiarna.
“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”
a deir bhur nDia.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di
go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite,
go bhfuair sí ó láimh an Tiarna
pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Tá glór ag fógairt:
“Réitigí cosán san fhásach
le haghaidh an Tiarna.
Déanaigí díreach thar an machaire
bealach mór dár nDia.
Líontar isteach gach gleann,
agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;
déantar achréidh de na hailteanna
agus míntír den gharbhchríoch.
Ansin foilseofar glóir an Tiarna
agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.
Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
Suas leat ar shliabh ard,
a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir,
a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla,
abair le bailte Iúdá:
“Seo é bhur nDia.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,
agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh,
agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn,
á n-iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA Sm 84
Freagra Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire
agus tabhair dúinn do shlánú
- Éistfidh mé leis an ní a déarfaidh an Tiarna Dia;
déarfaidh sé go deimhin lena phobal: ‘Síocháin daoibh!’
Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe
chun go gcónóidh an ghlóir inár dtir. Freagra - Casadh ar a chéile an trócaire is an dílseacht,
phóg an fhíréantacht is an tsíocháin a chéile.
Eascróidh an dílseacht as an talamh
agus breathnóidh an fhíréantacht anuas ó neamh. Freagra - Tabharfaidh an Tiarna fós an mhaith,
agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.
Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach,
agus an tsíocháin i lorg a choiscéimeanna. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an dara litir Naomh Peadar 3:8-14
Táimid ag súil le spéartha nua agus le domhan nua
A clann ionúin, ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin. Ní dhéanann an Tiarna moill lena ghealltanas, mar a thuigtear moill do dhaoine áirithe, ach tá sé foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí. Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d’oibreacha ann.
Ó tharla go bhfuil gach ní le scriosadh ar an gcuma sin, cén sórt daoine ar cheart daoibh a bheith maidir le hiompar naofa agus le cráifeacht, agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas. Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht. Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.
Briathar Dé.
Alleluia Lc 3:4, 6
Alleluia, alleluia!
Ullmhaigí bóthar an Tiarna,
déanaigi díreach a chosáin.
Agus feicfidh an uile cholainn shánú Dé. Alleluia!
AN CHRÉ. Chré Nicea-Constaintínópail
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. AMEN
________________________________________________
Rúndiamhair an chreidimh.
Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag
comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.
The mystery of faith.
We proclaim your Death, O Lord, and profess
your Resurrection until you come again.