Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Cúigiú Domhnach den gCarghas– Bliain C
(6/4/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00 (Stáisiúin an Earraigh)
6:00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adradh 10:00 – 5:00
Dé Máirt 9:30
Deardaoin 7:301n.
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé hAoine – 10:30
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia 43:6-21
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam chun tart mo phobail thofa a chosc.
Seo a deir an Tiarna,
a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;
a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois;
luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:
“Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?
Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.
Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin,
óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc.
An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 125
Freagra Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach.
1. Nuair a thug an Tiarna príosúnaigh Síón abhaile ba chosúil sinn le daoine ag brionglóidigh.
Ansin líonadh ár mbéal le gáire, agus ár dteanga le gairdeas. Freagra
2. Ansin bhíothas á rá i measc na gciníocha: ‘Rinne an Tiarna éachtaí.’
Rinne an Tiarna éachtaí dúinn: táimid go lúcháireach. . Freagra
3. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna, ar nós na sruthanna san fhásach ó dheas.
An mhuintir a chuireann síol le deora, bainfidh siad an fómhar le gairdeas. Freagra
4. Ag iméacht dóibh imíonn siad ag sileadh na ndeor, agus iad ag iompar síl chun a scaipthe;
ag teacht dóibh tiocfaidh siad le gairdeas, agus a bpunanna á n-iompar acu. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Filipigh 3: 8-14
Ar mhaithe le Críost lig mé gach ní ar ceal chun go mbeadh cúid agam ina bhás.
Ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t-iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m’fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.
Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhásle hionchas go dtiocfainn ar shlí éigin chun an aiséirí ó mhairbh. Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost. Sea, a bhráithre, ní dóigh liom go bhfuil an báire liom go fóill: níl á dhéanamh amháin agam ach an bóthar atá gafa a ligean i ndearmad agus luí amach go dícheallach ar an mbóthar atá romham agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam – an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Ez 33:11
‘ Ní mian liomsa bás an chiontaigh,’ a deir an Tiarna,
tach go n-iompódh sé óna aimhleas féin agus go mairfeadh sé.’
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 8:1-11 Glóir duit, a Thiarna.
An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.
San am sin chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis:
“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais.
D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?”
Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith.
Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.
Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo:
“An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”
Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar antalamh. Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi:
“A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”
“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí.
Dúirt Íosa léi:“Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Caiticiosma 568 Tá sé do chuspóir ag Claochlú Chríost creideamh na n-aspal a near- tú I ndúil leis an Pháis: is
ullmhú é an dul suas ar ‘an sliabh ard’ don dul suas ar Chalbhaire
Comhgaidreachas
Le pobal Chill na Martra agus gach uile duine a ghlac páirt i gcraoladh Aifreann an Domhnaigh seo caite ar RnaG
Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana Is féidir áit a chur in áirithe don Oilithreacht go Lourdes leis an Deoise Chluana ón
30ú Bealtaine go dtí 4ú Meitheamh 2025. Cuir glaoch ar Joe Walsh Tours ar 021 2427190 ón Luain – Deardaoin chun do áit a chur in áirithe.
Booking is now open for anyone interested in travelling to Lourdes on the Cloyne Pilgrimage from Fri 30th May to Wed 4th
June 2025. Contact Joe Walsh Tours on 021 2427190 Mon-Thur to book your place. Anyone interested in travelling as an assisted
pilgrim please contact Aindreas Lucey on 0876161022 or Gráinne Lucey on 0879857156.
Trócaire – feachtas 2025
Tá na boscaí Trócaire ar fáil ag cul na séipéil. Géarchéim athrú aimsire an t-uafás a leanna é ábhar an fheachtais i mbliana.
‘It’s hotter, and we have more droughts…then it starts to rain, and it won’t stop raining. It’s a more intense rain, more frequent.
It kills all of our crops. We don’t know what to do anymore.’
The Lenten Trocaire envelopes available at the back of churches this weekend
Deireadh seachtaine 09/03/2025
Doras Srín (coinneal)
Cúil Aodha
Baile Bhúirne
Cill Na Martra
Reidh Na nDoirí
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196