Domhnach 7ú Feabhra 2021
Cúigiú Domhnach de Thráth Saor na Bliana
A fuair bás le déanaí
Dónal Ó Loingsigh, Baile Mhúirne & Co na Mí
Máire Uí Ríordáin, Cill na Martra
Des Hearns Dún Garbháin
A fuair bás an taca seo den bhliain
Bríd Ní Lionáird Uí Ríordáin, Luimineach agus Gort na Scairte
Dónal Ó Luasa, Sliabh Riach
Kathy Healy Baile Mhic Íre
Tomás De Gordún, Barr d’Inse
Danny Ó Ríordáin Rathúna
Gobnait Ní Scannail Ínse Mhór, Cuil Aodha
Seán agus Siobhán Uí Luasa, Na Milíní, Cúil aodha
Colm Standún Gaillimh
Charlie O Neill Montenette Corcaighe
Pat & Pauline Hughes, Ahascra, Béal Átha na Slua
Lá le Gobnait – Déardaoin seo chugainn.
- Ní bheidh aon Aifreann poiblí ar an lá agus ni bheidh an dealbh arthaispeáint sa Séipéal
- Craolfar Aifreann Príobháideach ar line ag 11.30 ar an Déardaoin ó Séipéal Bhaile Mhúirne – nasc Paroiste Ghobnatan ar Facebook https://www.facebook.com/paroisteghobnatan
- Le cúnamh Dé agus Naomh Gobnait, beidh ar ár gcumas an scéal seo a chur ina cheart Domhnach Cincinse 25/05/21.
St Gobnait’s Day – Thursday next
- No Public Mass, sadly, this year and the statue will not be displayed in the Chruch.
- Private Mass from Ballyvourney Church at 11.30am on Thursday can be viewed on Paróiste Ghobnatan Facebook – https://www.facebook.com/paroisteghobnatan
- Hopefully, we will be able to make up for all this on Penticost Sunday.
LÁ LE GOBNAIT (Déardaoin)
Go mbeannui Dia dhuit a Ghobnait Naofa.
Go mbeannaí Muire dhuit, is beannaím féin duit.
Is chughat-sa a thánag ag gearán mo scéil leat.
A d’iarraidh mo leighis ar son Dé ort.
A Ghobnait an dúchais
a bhíodh i mBaile Bhúirne
Go dtaga tú chughamsa
Led’ chabhair is led’ chúnamh.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Iób 7:1-4. 6-7
Bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Labhair Iób agus dúirt:
Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh?
Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?
Mar dhaor a shantaíonn an scáth,
Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.
Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge
gur gearradh amach dom oícheanta buartha.
I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”
Ar m’éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”
Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,
Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;
Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 146
Freagra Molaigí an Tiarna a shlánaíonn lucht an chroí bhriste.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Alleluia!
Molaigí an Tiarna óir is maith é;
canaigí salm dár nDia óir is grámhar é:
is dósan is cuí ár moladh. Freagra
2. Tá an Tiarna ag tógáil Iarúsailéim,
ta sé ag cruinniú dhíbeartaigh Isráél.
Slánaíonn sé lucht an chroí bhriste
agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
Socraíonn sé líon na réaltaí;
ainmnífonn sé ina gceann agus ina gceann iad. Freagra
3. Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;
níl teorainn ar bith lena eagna.
Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle
agus leagann sé ar lár na héagráifigh. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as an chéad leabhar chuig na Coirintigh 9:16-19. 22-23
Is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt.
Abhráithre, ní aon chúis mhaíte dom bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is domsa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt. Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul
dom; ach más de m’ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm. Cén tuarastal atá ag duldom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.
Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábha díom féin don uile dhuine d’fhonn breis a thabhairt liom. Bhí mé lag leis na laga d’fhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé i mo gach ní do gach duine d’fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin. Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa E0 8: 12
Alleluia, alleluia!
Is mise solas an tsaoil, a deir an Tiarna;
an té a leanfaidh mise beidh solas na beatha aige.
Alleluia!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas 1:29-39
Leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair.
San am sin ar dhul amach as an tsionagóg d Íosa, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D’fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.
D’éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d’imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.” Dúirt sé
leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.” Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
Soiscéal Dé.