Domhnach 7ú Márta 2021
Triú Domhnach den Charghas
Nóta Tabhachtach
Iarraimíd ar dhaoine na treóracha sábháilteachta a bhaineann le Covid-19 a leanúint, chun sinn féin, ár theaghlaigh agus ár gcáirde a choimeád slán sábháilte.
IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH
A fuair bás an taca seo den bhliain
Pat agus Paul Hughes, Áth Eascrach, Co na Gaillimh.
Michael Matt Ó Tuama, Na Cilíní, Baile Mhic Íre agus Cum Ui Clumháin
Ellen Kelleher, Seana Chluain
Eugene Buckley, Carraig an Adhmaid
Dónal Kelleher, Na Cillíní
Paddy Creedon, Gort Uí Rathaille
Betty Ó Suilleahbáin
Peter Ó Cróinín, Screathan
Fr Con Kelleher, Port Láirge
Michael Cremin Birmingham
Naomh Abán – Lá Fhéile 16ú Márta
Deintear ceiliúradh ar Naomh Abár ar an 16ú Márta. Rugadh é i gContae na Mí agus chuaigh le’na uncail go Loch Garman agus bhunaigh a phríomh mainistir i Máigh Árnaí. Thóg scrín de’n Mhaighdean Mhuire in Oileán Mhuire. Dhein mórán taistil agus bhunaigh 10 n-Eaglais ar fad, ina mheasc dhá chlochar. Tá rian a áitreabh agus a uaig i gCill Abáin, Seana Chluain, treasna an tSuláin ó Charraig an Adhmaid. Mainistir an mhór a bhi san áit. Inniú tá tobar, carnán cloch, bullán, crois agus trí clocha ogham san áit. Tá blúire dá chnámh i bpoll in aice an tobar. Deirtear go leigheasann se tinneas cnámha agus tugann cosaint do dhaoine ar a dtaisteal. Cailleadh é i 650 in aois a 104.
Paidir Abáin
A Abán Naofa fóir orm inniú
Coinnibh saor mé ar gach turas
Leighis mo phianta
‘is neartaigh mo chnámha
Is led’ chomharsain Gobnait,
treóraigh sinn go Parrthas
Naomh Abán was born in Co Meath but moved to Wexford with his uncle St. Ibar. Aban built a monastery in Adamstown and St Ibar settled in Begerin Island. He was a great traveller and a good “architect” or designer of Churches. He built 10 monasteries, including 2 convents. He was ‘anamcara’ or confessor to St. Gobnait and consecrates her Mother Abbes of her convent. He died in 650, aged 104. Cill Abain is in the wood in Seana Chluain and all that is left of his large monastery is a mound of stones with a bullán on top, a latter day cross made of cement, a well and 3 ogham stones. People perform a round in the place and his feast is celebrated on 16th March. He is buried in Shanacloon.
LÚIREACH PHÁDRAIG Lá Fhéile 17ú Marta
Críost liom
Críost romham
Críost i mo dhiaidh
Críost istigh ionam
Críost fúm
Críost ós mo chionn
Críost ar mo láimh dheas
Críost ar mo láimh chlé
Críost mar a luífidh mé
Críost mar a suífidh mé
Críost mar a seasfaidh mé
Críost i gcroi gach duine ata ag cuimhneamh orm
Críost i mbeal gach duine a labhraíonn liom
Críost i ngach súil a fhéachann orm
Críost i ngach cluais a éisteann liom.
Lá Fhéile Naomh Sheósamh – 18ú Márta
Paidir chun Naomh Iosaef
Is chugat-sa, a Ioseph Bheannaithe, a rithimid i n-ár dtrioblóidí, agus, ag iarraidh cúnamh do Chéile ró-naofa dúinn, cuirimid sinn féin le lán dóchas faoi do choimirce-se mar an gcéanna. As ucht an ghrá sin a dhlúthuigh thú leis an Mhaighdin gan smál, Máthair Dé, agus na ceana atharúla sin le n-ar fháisc tú an Leanbh Íosa le do chroí, iarramuid go h-umhal ort dearcadh anuas go grásúil ar an oidhreacht a cheannaigh Íosa Críost lena chuid fola, agus cuidiú a thabhairt dúinn i n-ár riachtanas le d’idirghuí chumhachtach. A Chosantóir ro-eagnaí an Teaghlaigh Naofa, glac clann dhílis Íosa Críost faoi do chúram; coinnigh amach uainn, a Athair ró-ghrámhar, gach smál earráide agus truaillíochta; tabhair do chabhair go ceanúil ó neamh dúinn, a Chosantóir ró-chumhachtaigh, san troid seo againn le cumhachtaí an dorchadais; agus mar a shábháil tú an Leanbh Íosa am amháin ar ghar-chontúirt a bháis, cosain Naomh-Eaglais Dé anois ar cheilg a námhad agus ar gach mí-ádh. Cumhdaigh gach aoinneach againn le do shíor-choimirce san chruth go leanfaimid do shompla agus, ar scath do chúnaimh, go mb’fhéidir linn saol cráifeach a chaitheamh, bás naofa a fháil, agus aoibhneas síorraí a ghnóthú ar neamh. Amén.
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an céad leabhar Exodus 20:1-17
Tugadh an Dlí trí Mhaois.
Labhair Dia na briathra seo go léir. Dúirt sé: “Mise an Tiarna do Dhia a thug thú
amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.
Ná bíodh aon déithe eile agat i mo láthair.
Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh. Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé, ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m’aitheanta.
Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í. Caithfidh tú sé lá ag obair agus déanfaidh tú do shaothar go léir, ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre – tú féin ná do mhac, ná d’iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do stoc ná an deoraí atá faoi do dhíon. Óir is i sé lá a rinne an Tiarna neamh agus talamh agus an fharraige, agus gach a bhfuil iontusan, ach ar an seachtú lá scoir sé ó obair. Uime sin bheannaigh an Tiarna lá na sabóide agus naomhaigh é.
Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta
ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.
Ná déan marú.
Ná déan adhaltranas.
Ná déan goid.
Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
Ná santaigh teach do chomharsan; ná santaigh bean do chomharsan, ná a dhaor ná a dhaoirseach, ná a dhamh ná a asal, ná aon ní is leis.”
Briathar Dé.
SALM LE FREAGRA. Sm 18
Freagra Is agatsa, a Thiarna, atá briathra na beatha síoraí
I. Tá dlí an Tiarna go foirfe,
tugann sé fortacht don anam;
ta foráil an Tiarna go daingean,
tugann sí teagase do na haineolaigh. Freagra
2. Tá proiceapta an Tiarna go díreach,
cuireann siad áthas ar an gcroí;
tá aithne an Tiarna go glan,
tugann sí solas don tsúil. Freagra
3. Tá eagla an Tiarna go híon
ag maireachtáil de shíor;
Tá breitheanna an Tiarna go fíor
is tá siad uile go cóir. Freagra
4. Is so-mhianaithe iad ná an t-ór,
fiú na mórán mínóir;
is is milse iad na mil,
is ná sileadh an chriathair mheala. Freagra
DARA LÉACT
Sliocht as an chéad litir N.Pól chuig na Coirintigh 1:22-25
Críost atá céasta atá á fhógairt againne—ceap tuisle do na Giúdaigh, amaidí dar leis na ciníocha; ach dóibh siúd a lean ghairm is é eagna Dé é Criost.
A bhráithre, bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,” ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe; ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é. Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.
Briathar Dé.
Comhgháir an tSoiscéil Mth 4: 4
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine,
ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
Glóir duit, a Chríost: is tú Briathar De!
SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 2:13-25
Leagaigí an teampall seo, agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.
Nuair a bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin. Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird, agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: “Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m’Athar.” Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: “Déanfaidh díograis do thí mé a ithe.” D’fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?” D’fhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.” Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?” Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt. Nuair a d’aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.
Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige. Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir. Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.
Soiscéal Dé.
First reading | Exodus 20:1-17 © |
---|
The Law given at Sinai
Responsorial Psalm |
---|
Psalm 18(19):8-11 © |
Second reading
The crucified Christ, the power and wisdom of God 1 Corinthians 1:22-25 ©
Gospel Acclamation | Jn11:25, 26 |
---|
Gospel | John 2:13-25 © |
---|