Nuacht Litir 8/11/20

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

7/8ú Samhain

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish   Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

Beidh  Aifreann an Domhnaigh ar arlínne ag 11:00 ansa (Brúigh)

Sunday Mass will be streaming online here at 11:00  Click here

Aifrinntí áirithe dá léamh go príomháideach

Booked Anniversary Masses etc are being celebrated privately

Liostaí na Mairbh / November Lists Brúigh ansa/click here Ofráiltí / Offerings

Ná dearúd cuairt a thabhairt ar bhúr séipéil is reiligí chun guí ar son na mairbh.

 

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Sandra Sprunka, Árdán Ghobnatan, Baile Mhuirne

Brendan Mc Loughlin. Baile Atha Cliath

Michael Jordan, Ros Mhic Treoin agus Corcaigh

a fuair bás le déanaí

agus

Siobhán Parthalán Bn Uí Dhuinnín Cúil Aodha, (aifreann seo dá rá di)

Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Concubhar ‘Néilus’ agus Cáit Uí Liatháin, Cúil Aodha

Mairín Wiseman. Cúil Aodha

Síle Uí Laoire, Gort na gCross

Briain Ó Tuama, Túnláin

Con & Sheila O’Brien, Cúm a Ghadhair

Julia Uí Ealaithe, Sliabh Riach

Gerard Kelleher, Baile Mhic Íre

Conchúr (Curley) agus Nóra Bn. Uí Chróinín Na Miliní

William Twomey An Bhlárnain

Paddy Bobby Cooney , Cill Na Martra

Valerie O Donoghue Ladhair na Gaoithe, Béal Átha an Ghaorthaigh

Nóra Murphy, Cluan Droichead. Padraigin, Proinsias, Máire & Pádraic Ó Fhaoláin .

Eilis & Padraic Ó Cléirighanhaolai

Donncha Olibhear Ó Drisceoil

Timmy Hyde Cill Garbháin

a fuair bás um taca seo den bhliain

Paidir ar son na Mairbh Abraimís cúig Phaidir do na mairbh, le hanam ár n-aithreacha, agus ár máithreacha, ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha, ár gcomhluadar agus ár ngaolta agus ár ndaoine muinteartha go léir a d’fhág an saol seo. Gach n-aon nách bhfuil duine aige, guimíd leis: go dtuga Dia cúnamh na guí seo dó agus dea-bhás dúinn féin an lá déanach, Aiméin. (Ár bPaidreacha Dúchais)

Paidir

As we think of our dead, let us pray. Eternal rest grant to them O Load May perpetual light shine upon them And may they rest in peace. Beannacht Dé le anamnacha ár mairbh agus leis na mairbh go léir.

CHÉAD LÉACHT 

Sliocht as leabhar  hEagna      6:12-16
Gluaiseann Eagna faoina ndéin gach uair a smaoiníonn siad uirthi.


I
s niamhrach domhúchta í an eagna;
na daoine a bhfuil grá acu di,
tugann siad faoi deara í gan dua;
agus na daoine a bhíonn á lorg,
faigheann siad í go furasta.
Ligeann sí a haithne roimh ré
leis na daoine a bhfuil dúil acu inti.
An té a éiríonn go moch ar a tóir
ní bheidh a shaothar in aisce aige,
mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí.
Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi;
agus an té a dhéanann faire ar a son
is gairid go mbeidh sé saor ó imní.
Óir téann sí féin timpeall
ag lorg a díol de dhaoine;
agus le neart dea-mhéine
taispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre,
agus gluaiseann sí faoina ndéin
gach uair a smaoiníonn siad uirthi.

Briathar Dé. 

Salm le Freagra        Sm 62
Freagra                         Ta íota tarta ar m’anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.

1. A Dhia, mo Dhia thú;
iarraim thú go dícheallach.
Ta íota tarta ar m’anam chugat,
santaíonn mo cholainn thú
amhail talamh atá tirim is spalptha cheal uisce.       Freagra

2. Is mar sin a bhím ag breathnú ort sa sanctóir
chun go bhfeicfinn do chumhacht is do ghlóir.
Óir is fearr do bhuanghrá ná an bheatha.
Fógróidh mo bheola do mholadh.                               Freagra

3. Mar sin a bheannóidh mé thú le mo bheo,
i d’ainmse a thógfaidh mé mo lámha.
Líonfar m’anam mar le fleá,
is molfaidh mo bhéal thú le beola lúcháireacha.     Freagra

4. Cuimhním ort agus mé ar mo leaba;
i bhfaireacháin na hoíche déanaim machnamh ort.
Óir tháinig tú i gcabhair orm,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.                          Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as litir Naomh Pól chuig na Teasalónaigh            4:13-18
Déanfaidh Dia and mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost a thabhairt leis chomh maith.

A bhráithre, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás I bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbas chomh maith. Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.

Briathar Dé.  

_______________________________

Comhgháir/Alleluia             Mth 24: 42. 44
Alleluia, alleluia!
Bígí ag faire, dá bhrí sin agus bígí ullamh,
óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha       25:1-13
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:

“Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta.Related image

Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí. Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh. Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’ D’éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’ D’fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b’fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’ Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’ Ach d’fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’ Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.

Soiscéal Dé.

 

Leave a Comment