Nuacht Litir 8/5/22022

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

(8/5/2022)

An Ceathrú Domhnach den Cháisc

A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn

Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)

Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie

athsean@paroistebailemhuirne.ie


Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish

Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30
An Luan 2/5/2022 11:00
An Mháirt 9:30
Deardaoin 9:30
Dé hAoine 9:30
Dé Sathairn 6:30

Cuil Aodha
An Domhnach 10:00
Dé Máirt 10:30

Ní bheidh aifreann i gCúil Aodha
An Aoine 6/5/2022 agus
An Mháirt 10/5/2022

Adhradh an Naomh Shacraimint

Gach Dé Luain (seachas Lá Saoire Bainc) bíonn Adhradh na Naomh Sacraiminte i mBaile Mhuirne taréis aifrinn go 5:00in
Every Monday (Except for Bank Holoidays) Adoration of the Blessed Sacrament takes place after Mass, until 5:00 pm, in Baile Mhuirne.

An Céad Comaoine 2022
Cuil Aodha 14/5/2022 @ 11:00
Baile Mhuirne 21/5/2022 @ 11:00

Is do Chostaisí na Deoise an dara bailiúchán gach dara Domhanch den Mhí
The 2nd collection on second Sundays of each month are for Diocesan Purposes

Ár Mairbh

Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain

Nora agus Mairéad Shorten Béal Átha an Ghaorthaigh
Eibhlín Bn Mhic Chárthaigh (Ní hIarfhlaithe) Réidh na bPobal Cúil Aodha
Eileen Murray (Uí Chríodain) Barr a’ Chuma agus Baile an Chollaigh
Dan, Nell agus Con Scannell. Oifig an Phoist. Baile Mhuirne
Jerry agus Mary Uí Loinsigh
Nora bn Uí Chróinín, Baile Mhic Íre
Nóra Lehane, Lios a’ Chraosaigh
Batt Ó Laocha , Na Milíní
Jerry and Mary Lynch
Sr Mary Gabriel Thornton
Paddy Creedon agus Joan, Cúm na Cloiche
Jim & Mary Lyons, Cúil Iarthair
Connie & Julia McCarthy, Screathan
Nóra Uí Chróinín, Na Cillíní
Paddy Twomey, Baile Locha Riach
Ann O’Donoghue, Sliabh Riach
Michael & Hannie Twomey, Prohus
Nóra Lehane, Lios a’ Chraosaigh
Christy Kelleher, Cúl na Cathrach
Jim & Lizzie Moynihan, Na Milíní


CÉAD LÉACHT               

Sliocht as  Gníomhartha na nAspal           13:14. 43-52
Táimidne ag iompú chun na bpágánach.

Ar dhul trí Peirge do Phól agus Barnabas tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu. Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.

An tsabóid dár gcionn tháinig an chathair ar fad beagnach le chéile ag éisteacht le briathar Dé. Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d’fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól. Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach. Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn:
Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin,
ionas go mbeidh tú i d’ábhar slánaithe go himeall an domhain.’”

Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh, agus bhí briathar Dé á fhógairt go forleathan ar fud na tíre go léir.

Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad. Chroith siadsan an deannach dá gcosa orthu agus as go brách leo go hIocoiniam. Agus bhí na deisceabail lán d’áthas agus den Spiorad Naomh.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

Salm le Freagra                     Sm 99
Freagra                                    Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
Malairt Freagra                    Alleluia!

1. Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile.
Fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.    Freagra

2. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn;
sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.   Freagra

3. Á, nach maith é go deimhin an Tiarna,
nach marthanach a thrócaire ghrámhar!
Is dílis é ó ghlúin go chéile                         Freagra

DARA LÉACHT         Apacailipsis 7:9. 14-17
Beidh an tUan  mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha.

Chonaic mise. Eoin, mathshlua mór nárbh fhéidir d’aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.
Dúirt mé mar fhreagra air:
“A Thiarna liom, tá fhios agat.”
Agus dúirt sé liom:
“Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n-éidí i bhfuil an Uain. Uime sin tá siad os comhair ríchathaoir Dé, agus déanann siad seirbhís dó de lá agus d’oíche ina theampall; agus, an té atá ina shuí sa ríchathaoir, beidh sé ina measc á gcosaint; ní bheidh tart orthu feasta, ná ocras, ná ní chiapfaidh an ghrian iad ná an brothall dearg. Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.’

Briathar an Tiarna             Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa               Eo 10: 14
Alleluia, Alleluia!
Is mise an t-aoire maith,’ a deir an Tiarna.
AithnÍm mo chaoirigh féin, agus aithníonn mo chaoirigh féin mé’
Alleluia!

SOISCÉAL                   

Go raibh an Tiarna libh.              Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin         10:27-30         Glóir duit, a Thiarna.

   Eoin 10:27-30á an bheatha shíoraí agam á tabhairt do mo chaoirigh.

San am sin dúirt Íosa:
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór,
agus aithním iad, agus leanann siad mé.
Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh,
agus ní chaillfear go deo iad,
ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.
M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách,
agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar.
Is aon mise agus an tAthair.”

Soiscéal an Tiarna.      Moladh duit, a Chriost

Leave a Comment