Baile Mhúirne / Cúil-Aodha
Féile Baiste Ár dTiarna
(9/1/2022)
Uimhir guthán an Ath. Seán 086 8212101 (Fr Seán’s Phone Number)
Nuacht litir/newsletter oifig@paroistebailemhuirne.ie
athsean@paroistebailemhuirne.ie
Cuirfear leis an Nuachtlitir seo suas go tráthnóna Dé hAoine/This newsletter will be edited /added to, up to Friday evening.
Aifrinntí sa Pharóiste / Mass in the Parish
Baile Mhuirne
An Domhnach 11:30 r.n.
Dé Luan, @9:30
Dé Máirt, @9:30
Déardaoin, @9:30
Dé Aoine @9:30
Dé Sathairn @6:30
(Mondays Tuesdays, Thursdays and Fridays) @ 9:30
Cuil Aodha
An Domhnach @10:00
Dé Máirt @ 10:30
Dé hAoine @@ 10:30
Guímís ar son ár mairbh
Dóibh sin a fuair bás le déanaí
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Tadhg Ó Criodáin, Barr an Chumadh
Diarmuid Ó Cathasaigh, Ráthúnach,
Seamus de Róiste, Gort na Tiobraide
Bridgie Bn Uí Dhuinnín Cúil Aodha
Peter Cronin, Béal Átha’n Ghaorthaidh
Sheila Crowley An Muileann
Bridget Lynch, Na hUlláin
John Lehane, Na Cillíní
John Twomey, Baile Mhic Íre Uachtarach
Diarmuid Ó Connail, Baile Mhic Íre
Dónal Shine, Na Cilíní BAile Mhic Íre
Eibhlín J. Uí Chuill, Barr d’Ínse
Jerry J. Ó Cuill, Barr d’Ínse/Melbourne.
Peter Dineen Cúm na Cloiche.
Micheal agus Síle Murphy, Baile Mhuirne
Micheál agus Magaret Uí Mhuimhneacháin Cúil Aodha
Sheila Desmond . Baile Átha Cliath.
Jerome Twomey. Baile Átha Cliath
FÉILE BHAISTEADH ÁR dTIARNA
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Fáidh Irimia, Míocí,Hóséa, Íseáia 40:1-5.9-11
Foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile duine í in éineacht.
“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,”
a deir bhur nDia.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di
go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite,
go bhfuair sí ó láimh an Tiarna
pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Tá glór ag fógairt:
“Suas leat ar shliabh ard,
a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir,
a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla,
abair le bailte Iúdá:
“Seo é bhur nDia.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,
agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh,
agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn,
á n-iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 28
Freagra: Bláthaíodh Síochán is fíréantacht lena linn, lena linn, lena linn.
I. Tugaigí don Tiarna, a chlann Dé,
tugaigí don Tiarna clú agus cumhacht.
Tugaigí don Tiarna glóir a ainm.
Adhraigí an Tiarna ina phálás naofa. Freagra
2. Tá glór an Tiarna ar an uisce,
ta an Tiarna ar na huiscí móra.
Tá glór an Tiarna go lánchumhachtach,
tá glór an Tiarna go lánmhaorga. Freagra
3. Tá Tiarna na glóire ag toirneach.
Cluintear ‘GIóir!’ ó gach aon neach ina theampall.
Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann;
tá an Tiarna ina rí go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Titus 2:2:11-14, 3:4-7
Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh.
Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost. Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
Nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn. Agus ní de bharr aon dea-oibreacha fíréantachta a bheith déanta againne é ach as ucht a thrócaire féin. Shaor sé sinn trí fhothragadh na hathghiniúna agus trínár n-athnuachan ag an Spiorad Naomh. Dháil sé an Spiorad orainn go fras trí Íosa Críost ár slánaitheoir chun go bhfíréanófaí sinn lena ghrásta agus go mbeimis inár n-oidhrí aige agus súil againn leis an mbeatha shíoraí.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Lk 3:16
Alleluia, alleluia!
Tá an duine ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh;
baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 3:15-16. 21-22 Glóir duit, a Thiarna.
Nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis.
San am sin ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile:
“Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis:
“Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Léitheoirí do shéipéal Bhaile Mhuirne
Tá liosta nua agus tráthchlár nua á chur le chéile, i láthair na huaire, i gcomhair Léitheoirí an pharóiste don bhliain 2022. Dá mbeadh suim agat na léachtaí a dhéanamh ag Aifreann 11.30r.n. i mBaile Bhúirne, seol d’ainm go dtí an tAthair Seán ar 086 8212101 nó athsean@paroistebailemhuirne.ie led’ thoil. Ní bheadh ach uair gach dhá mhí nó mar sin i gceist.
Táispeáint na Naomh Shacraiminte
Ní bheidh taispeáint na NAomh Sacraiminte I séipéal Bhaile Mhuirne aon Luan go bhfuil aifreann sochraide sa tséipéal nó aon Luan Saoire Bainc. Beidh Taispeáinn na Naomh Sacariminte arís an an Luan an 10ú Eanair I 2022.
Exposition of the Blessed Sacrament
On Mondays when a funeral Mass will be celebrated in Ballyvourney Church There will be no Exposition of the Blessed Sacrament, likewise there will be no Exposition on Bank Holiday Mondays.
Exposition will resume on Monday 10th January 2022.
Cúpla Focal ón Athair Seán
Is mian liom buíochas ó chrói ag ghabháil le cách a bhí chiomh fial le ofráiltí Stáisiúin an Fhomhair agus arís le Ofráiltí na Miarbh le linn Mí na Samhna. Is iad na ofráiltí seo I dteannta ofráiltí Stáisiúin an Earraigh, na Nodhlag agus na Cásga a chuireann mo thurastal bliana le chéile. Caitear airigead iomlán bailiúcháin doras an tséipéil ar coimead na séipéil féin – teas, eibhléis, árachas agis cothabháil ghinearálta chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil rialacha sláinte is sábhaltachta is dlí eile dá choimead i dtreo.
A word from Fr Sean.
I wish to thank most sincerely all those who have contributed so generously to the Autumn station collection and offerings for the departed throughout November. These offerings along with the Spring station and Christmas and Easter offerings are what provides my personal income for the year.
All church table collections go towards the upkeep of the churches including electricity, heating bills, insurance and general maintenance to ensure the parish is compliant with health and safety and other statutory requirements.
Coinnle ar son na Mairbh
Ós rud é go raibh an oiread san daoine ag cur a mbuíochas in iúil maidir leis an dá chrois coinnle ar son na Miarbh a bhís sad á séipéal, táim chun na coinmle seo do chur ar fail ar feadh tamailín eile ionas gir féidir le daoine iad a bhreith abhaile leo nó a chur ar uaigeanna na mairbh féin. Tá síntús €1 an aghaidh an coinnil chun an costas do chlúdach
Candles for the Faithful Departed
As so many parishioners have expressed their appreciation with regard to the Cross for the Holy Souls in each of the churches, I am making these candles available for the next few weeks for people to take home or place on the graves of loved ones; donations of €1.00 per candle are requested to cover the cost.
An Sacred Heart Messenger 2022
Má tá suim agat anMessenger a fháil don bhliain 2022, cuir glaoch ar Tessie Uí Aileasa 087 9642696 / 026 45418
Anyone interested in getting the Messenger ofr 2022, please contact Tessie Hallisey 087 9642696 / 026 45418 – you Local Promoter