Nuacht Litir 9/2/2025

Tuath na Dromann

Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha

Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí

An Cúigiú Domhnach Saor – Bliain C

(9/2/2025)

“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”

“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”

Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)

085-8783823 (Oifig an pharóiste)

Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne  Dé Luain agus Dé Máirt 10-1

Oifig an pharóiste: Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Fógraí don nuachtlitir istigh roimh 12.00 ar an gCÉADAOIN

Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)

Baile Mhúirne
Dé Sathairn  11:00rn
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 11.00rn Adhradh na Croise 11:30 – 5:00in
Dé Máirt      9.30rn
Deardaoin    7:301n.
Dé hAoine    9:30
Aifreann Lourdes 7:30in

Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Dé hAoine  10:30rn

Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00


Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha

A fuair bás i rith na seachtaine

 

A fuair bás an tráth seo bhliana

Charlie agus Eileen O’Neill

Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana

Cluan Droichead


CÉAD LÉACHT   

Sliocht as Leabhar Íseáia         6:1-8
Seo anseo mise, cuir mise!

A
n bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard agus an sanctóir líonta lena scuaine: bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d’eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.
Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:
“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua. Tá an talamh lán dá ghlóir.”

Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach. Arsa mise:
Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,
tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.

Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir. Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:
“Seo, cuimleadh í seo le do bheola, tá do pheaca scriosta, tá d’urchóid clúdaithe.”

Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá: Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”

D’fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”

Briathar an Tiarna   Buíochas le Dia.  

Salm le Freagra           Sm 137
Freagra                           I bhfianaise na n-aingeal móraim thú, a Thiarna.

I. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán mar gur éist tú e briathra mo bhéil.
I bhfianaise na n-aingeal móraim thú; sléachtaim i dtreo do theampaill naofa.      Freagra

2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílse, mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú.
Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom, agus thug tú neart breise do m’anam.         Freagra

3. Molfaidh ríthe na cruinne go léir thú nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
Canfaidh siad slite an Tiarna: ‘Nach mór í glóir an Tiarna!’                                        Freagra

4. Leathann tú do lámh in aghaidh fhearg mo naimhde; tarrthaíonn do dheaslámh mé.
A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí; ná tréig obair do lámh.                     Freagra

DARA LÉACHT           

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintig         15:3-8. 11
Sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

A bhráithre, ba mhaith liom a mheabhrú anois daoibh, a bhráithre, an dea-scéal úd a d’fhógair mé daoibh agus ar ghlac sibhse leis agus a bhfuil sibh suite go daingean de. Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é – ach mura in aisce a chreid sibh.

Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.
Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir.
Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail – ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

Briathar an Tiarna        Buíochas le Dia.  
____________________________________

Malairt Gearr

DARA LÉACHT      

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintig         15:3-8. 11
Sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr; gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr; gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag; gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.

Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir. Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.

Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail – ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé. Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom. Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia
______________________________

Alleluia Véarsa   Eo 6: 63, 68
Alleluia, alleluia!

Is spiorad agus is beatha iad d’focail.  Is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
Alleluia!

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás       5:1-11       Glóir duit, a Thiarna.
d’Fhág siad gach uile ní agus lean é.

Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit, agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta. Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d’iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón:
“Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”
D’fhreagair Síomón agus dúirt:
A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d’fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.
Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh, agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.

Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá:
“Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad agus mar an gcéanna do Shéamas agus d’Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón.
Agus dúirt Íosa le Síomón:
“Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”
Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d’fhág siad gach uile ní agus lean é.

Soiscéal an Tiarna.               Moladh duit, a Chriost

 

AN BÍOBLA NAOFA

© An Sagart


Fógraí

Oifig an Paróiste

Dunnta an seachtain seo

Deagánach/ Deacons

Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le  Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196

The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196