Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Cead Domhnach den gCarghas – Bliain C
(9/3/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 11:00
6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30
Dé Máirt 9:30
Dé Ceadaoin Ceadaoin an Luaithrigh
9:30
7:30
Deardaoin Dul faoi Láimh an Easbaig
10:00
Dé hAoine 9:30
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Dé Ceadaoin 10:30 (Céadaoin an Luaithrigh)
Dé hAoine 10:30 (Céad Aoine)
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt— 10.30rn
Ceadoin na Lauthaigh 10:30
Dé hAoine 7.00in Adhradh na Croise 6:00 – 7:00
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 7:30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Leabhar Deotranaimí 26: 4-10
Deoraí Aramaeigh a ba ea m’athair.
Labhair Maois leis an bpobal á rá:
Tógadh an sagart ansin an cliabh ó do láimh agus leagadh sé é os comhair altóir an Tiarna do Dhia.
Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas:
‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m’athair. D’imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de. Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn.
Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n-aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n-ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn; agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais.
Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Seo anois mé le céadtorthaí fómhar na hithreach a bhronn tusa, a Thiarna, orm.’Leag i láthair an Tiarna ansin iad agus sléacht go talamh i láthair an Tiarna do Dhia.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 90
Freagra Bí liom, a Thiarna, in am na trioblóide.
I. Túsa a chónaíonn faoi dhídean an Té is Airde, a lonnaíonn faoi scáth an Uilechumhachtaigh,
tig leat a rá leis an Tiarna: ‘Is tú mo thearmann is mo dhún;
mo Dhia thú, ina bhfuil mo mhuinín.’ Freagra
2. Ní thiocfaidh an t-olc in aice leat ná an phlá i ngar do do phuball;
cuirfidh sé thú faoi churam a chuid Aingeal chun tú a chosaint i do shlite go léir. Freagra
3. Déanfaidh siad thú a iompar ina lámha chun nach mbuailfeá do chos i gcoinne cloiche.
Siúlfaidh tú ar an leon is ar an nathair; gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragún. Freagra
4. Saorfaidh mé é mar go gcloíonn sé liom, cosnóidh mé é mar go n-aithníonn sé m’ainm;
éistfidh mé leis nuair a ghlaonn sé orm, beidh mé ina fhochair in am na trioblóide. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 10:8-13
Gach aon duine a chreideann Íosa ní bheidh díomá air.
A bhráithe, deir an Scrioptúr:
“Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt). Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.
Agus deir an scrioptúr:
“Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Mth4: 4
Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 4: 1-13 Glóir duit, a Thiarna.
Íosa, seoladh faoi luím an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh
San am sin tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luím an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.
Dúirt an diabhal leis:
“Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”
Agus d’fhreagair Íosa é:
“Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’”
Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; agus dúirt an diabhal leis:
“Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt:
“Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’”
Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis:
“Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’; agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’”
Dúirt Íosa leis á fhreagairt:
“Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”
Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d’fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196