Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach Cásca (A)
(9/4/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone Number for priest)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Paróiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
(Ó Domhnach Cásca 9/4/2023 go 16/4/2023 – Seachtain na Pásie ar Nuacht litir 2/4/23 -See under Nuachtlitir Tab for past Nuachtlitirs )
Baile Mhúirne
Dé Máirt 9.30 rn
Dé hAoine 9.30rn
Dé Sathairn 6.30in
Domhnach 11.30rn
Cúil Aodha
Dé hAoine—10:30rn
Domhnach – 10:00rn
__________________________
Réidh na nDoirí
Sathairn—8.00in
Cill na Martra
Domhnach – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Dónal Lynch, Trá Lí agus Na hUlláin Thoir
Pat Cronin, Tunlán & Na Milíní
Peter Cronin, Screathan
Jermiah Casey, Flatts/ Na Cillíní
Máire Dineen, Na Ceapacha
Bláithín Ní Laoire, An Muileann
Seán de Róiste, Gort na Tiobraid
Maurice Ó Connell, Carraig an Adhmaid
Eugene & Eileen McCarthy, Na Cillíní/The Flats
Nóra Roche, Sliabh Riach
Hugh Mike Hugh Ó Tuama Doire Leathan agus Sliabh Riach
Con Kelleher, Baile an Chollaigh & Seana Chluain
Peadar Ó Liatháin, Cúil-Aodh
Paraic Ó Conghaile Ross a’ Mhíl Co na Gaillimhe
Concubhar Mac Suibhne Cúl a’Bhuachaigh
Nóra & Willie Vaighan, Seanbhaile Sheáin
Mick & Nóra O’Callaghan. Cluainte Uí Chárthaigh
Jerry Vaughan, Teerbeg
Michael & Nóra Uí Thuama, Cnoc Sathairn
Briget, Peg & Hugh O’Sullivan, Kilgarvan
Nealie Murphy, Réidh na nDoirí PO
Seán Herlihey, Seanbhaile Sheáín
Tom & Hannah Herlihey, Seanbhaile Sheáin
-Domhnach Cásca-
AISEIRI AR dTIARNA
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 10:34. 37-4
D’itheamar agus d’ólamar ma chuideachta I ndiaidh a aisáirí ó mhairbh.
Ansin thosaigh Peadar ag labhairt:
“Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis. Agus is finnéithe sinn ar gach ní dá ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é á chrochadh ar chrann, ach thóg Dia ón mbás an treas lá é agus thug le feiceáil é, ní don phobal ar fad é, ach do na finnéithe a bhí réamhcheaptha ag Dia, is é sin le rá, dúinne. Chaitheamar bia agus deoch ina theannta tar éis a aiséirithe ó mhairbh agus d’ordaigh sé dúinn a fhógairt don phobal agus a dhearbhú gurb é atá ceaptha ag Dia ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh. Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 117
Freagra Is é seo an lá a rinne an Tiarna: biodh áthas is gliondar orainn.
Malairt Freagra Alleluia, Alleluia, Alleluia!
I. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é:
óir maireann a ghrá de shíor.
Bíodh teaghlach Isráél a rá:
‘Maireann a ghrá de shíor.’ Freagra
2. D’oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan:
is í a dheaslámh a d’ardaigh mé.
Ní éagfaidh me-mairfidh mé
agus inseoidh mé a mhóréachtaí. Freagra
3. An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
Is é an Tiarna a rinne é seo,
agus is éachtach linne é. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Litir Naomh Pól chuig Colosaigh 3:1-4
Lorgaígí na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost
A bhráithre, ós rud é go bhfuil sibh éirithe ó mhairbh mar aon le Críost, bíodh lorg agaibh ar na nithe atá thuas mar a bhfuil Críost ina shuí ar dheis Dé.Bíodh bhur n-aire ar na nithe atá thuas agus ní ar na nithe atá ar talamh.Mar tá sibh tar éis bháis agus tá bhur mbeatha folaithe i nDia i bpáirt le Críost. Is é Críost bhur mbeatha, agus nuair a nochtfaidh seisean chugainn nochtfaidh sibhse chomh maith faoi ghlóir in éineacht leis.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
________________________________
Malairt Léachta Dara
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Coirintigh 5:6-8
Glanaigí amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua.
A bhráithre, glanaigi amach an tseanghabháil ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua faoi mar atá sibh gan ghabhàil. Oir tâ Críost, ár gCâisc, ofráilte mar íobairt. Dâ bhri sin, caithimis an fhêile, ní leis an tseanghabháil ná le gabhâil na mailise agus na hurchóide, ach le harán neamhghabhálach na dílseachta agus na fírinne.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
___________________________________________-
Moladh na Críostaithean tÍobartach Cásca,
an tUan mingheal na caoirigh a shíorshlánaigh.
Críost is é gan pheaca chuir sé ar ais na peacaigh
in athmhuintearas an Athar.
Bhí comhrac rathmhar idir bas is beatha;
Rí na beatha marbh: sin é ina Rí ina bheatha.
A Mháire, d’úinne cad a chonaic tú sa bhealach?
Chonaic mé tuama Chriost bhiis glóir a aiséirí,
finnéithe ainglí,bréid is culaith.
D‘aiséirigh Críost, mo dhóchas.
Rachaidh go Gailil romhaibh.
Is léir dúinn Críost, ár mbeatha, éirithe 0 na mairbh.
A Rí, do thrócaire luaigh linn,
ós é go bhfuil an bua agat.
Amen. Alleluia
Alleluia Véarsa
Alleluia, Alleluia!
Tá Críost,ár n-uan Cásca, íobartha. Déanaimis an fhéile dá bhrí sin san Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 20:1-9 Glóir duit, a Thiarna.
Níorbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
An chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. “Thog siad an Tiarna as an tuama,” ar sí leo, “agus níl a fhios againn cár chuir siad é.”
Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin.
Ansin. an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Eolas i dtaobh baistí
Ó Mí Bealtaine 2023 ar aghaidh, beidh sochrú Baiste mar seo leanas:
From May 2023, Christenings will be as follows
1ú Sath den mhí i gCluain Drochid
2ra Satharn den mhí I gCill na Martra/Réidh na nDóirí**
3ú Satharn den mhí I mBaile Mhúirne/gCúil Aodha **
Searmanais an Baiste ag a tosnú ag 3.00in
**Pé séipéal atá curtha in áirithe ar dtús beidh an Searmonais an Baiste sa séipéal sin don mhí.
Ní chuireann na socraithe thuasluaite isteach ar scraithe atá déanta cheanna féin.
Whichever Chapel is booked first will be the Church for the Christenings that month.
The above dates do not affect baptisms already booked.
Tá fáilte roim sagairt ar cuaird, le baistí do dheineamh at na h-amannta thuas-luaite nó amannta eile a oiriúnaíonn an clann
Visiting priests are welcome to officiate at baptisms at these times above or at other times to suit the family.
Cill na Martra
Bláthanna: Tá cúnamh ag teastáil uainn do chóiriú bláthanna séipéil. Más féidir leat cabhrú linn, dein teangbháil led’ thoil, le oifig an Paróiste. Mí sa bhliain a bheadh i gceist.
Flower arrangers needed. Please contact parish office if you are willing to cover a month of the year in rotation
Baile Mhuirne
Comhairle Paróiste: Mo mhíle buíochas le cách a fhreastal ar ár gcuinniú eolais faoi Comhairle Paróiste an deire seachtaine seo caite. Táim ag súil go dtosnóigh Comhairle nua sa Pharóiste.
Thanks to all who attended our Parish Pastoral council information meeting last weekend. It is my hope to begin a new Council soon in the parish
Trócaire
Míle buíochas le gach éinne a thug isteach na boscaí Trócaire go dtí. Má tá bosca Trócaire agaibh sa bhaile is féidír iad a thabhairt isteach chuig an séipéal comh luath agus gur féidir.
Please return all Trócaire boxes to sacristy this week.
Go raibh maith agaibh.
Freastalaí Altóra/Altar Servers
Míle buíochas le gach éinne atá tar éis na foirmeacha iarratais a chur isteach go dtí seo.
Ba mhaith linn grúpa freastalaí Altóra eile a chur le chéile. Má tá suim ag do pháiste bheith páirteach chur a ainm isteach tríd ríomhphoist nó ainm athabhairt chuig an eadraoimh tar éis Aifreann.
Thank you to those who have already submitted appli- cations forms. We would like to put together another group of altar servers. If your child would like to be an altar server please give their name to the sacristan after mass at the weekend or email their name to the parish email.
Airigead /Ofráiltí Aifrinn/Mass Offerings
A cháirde
Mo mhíle buíochas libh uilig as ucht na ofrailtí aifrinn i rith na bliana. Níl cead ag Sagart ach glaca le ofráil aifrinn amháin in aghaidh an lae. Tá an éileamh ar aifrinntí sna paróistí seo agus, mar sin, nílim ábalta iad go léir do rá go pearsanta, gí go mbíonn na cártaí sínithe agam. Mar atá in áiteanna eile, tá sé de nós agam na haifrinntí breise do chur ar aghaidh chun na cumainn mísiúnaithe – chun na sagairt atá ag brath ar charthanacht sinne atá sa bhaile ansa. Ofráileann na sagairt seo, na haifrinntí breise seo go léir, go h-iontaoibheach ar son intinní agus ainmneacha atá ceangailte leo.
Is ar an mbonn seo a chuirimse aifrinntí, agus na ofráiltí a ghabhann leo, chun an eagraíocht misiúnaithe idirnásiúnta a chabhraíon le sagairt, agus na foirgintí eaglasta, díleachtlainn, Osipidéil agus scoileanna atá luaite leo. ACN nó Aid to the Church in Need is ainm don eagraiócht seo i mBaile Atha Cliath agus tá suiomh idirlinn acu faoin ainm sin. Ó am go h-am, cuirfead fógraí admhála ofráiltí ar Chlár na bhFógraí ‘sna séipéil.
I thank you for all of the Mass offerings received this past year.
A priest can accept only one offering or stipend per day for a Mass to be offered.
Because of the huge demand for Masses in the parish it is not possible for me to personally celebrate all of the Masses for which I have signed cards.
As is customary elsewhere these Masses are transferred to missionary societies – to priests who livelihood depends on the generosity of us at home. These priests celebrate the Masses faithfully for those named.
For that reason, I send on many Mass intentions and offerings to the charity Aid to the Church in Need an international missionary organisation which helps priests and the support of Church buildings, orphanages hospitals and schools.
I will post acknowledgment letters for offerings received from time to time on the notice board.
Go raibh maith agaibh
An tAthair Seán
Liosta seachtainiúil Cuimhneacháin ár Mairbh.
Ní mór d’éinne gur mian leo ainm gaol, do bheith ar liosta cuimhneacháin na mairbh, a n’ainm siúd do bheith seolta isteach roim meanlae an Déardaoin roimis foilsiú an Nuachtlitir. Chun na h-ainmneacha seo do bheith ar liosta an Nuachtlitir, úsáid ceann des na pointí teangbhála seo leannas:
· Téacs go uimhir guthán an Paróiste 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Ag Oifig an Paróiste atá lonaithe i dtig an tSagart Paróiste atá oscailte gach Luan agus Máirt óna 10:00 go dtí 1:00 i mBaile Mhuirne
Ní bheidh ainmneacha dá chur ar Liostaí na Mairbh go huathoibríoch, mar thárlaíodh le trí mbliana anuas.
An tAthair Seán.
Anniversary list in remembrance of Our faithful departed
Anyone who wishes to have a relative included in the anniversary list in the parish newsletter and prayed for at the weekend Masses must have their loved ones names submitted no later than the preceding Thursday midday. To ensure inclusion in the newsletter, please use the following contact points only.
· Parish Mobile By Text: 085/8783823
· E-Mail: oifig@paroistebailemhuirne.ie
· Parish Office located in Ballyvourney Parish Priest House: Opened Monday & Tuesday 10.00 am to 1.00 pm.
Names will no longer be automatically included in the anniversary lists as has been the practice since March 2020.
Fr Sean.
Cártaí Aifrinn/Mass Cards
Tá cártaí aifrinn do chuimhneacháin na mairbh agus ocáidí eile ar nós breithlá 7rl, ar fáil anois ó Shiopa Uí Luasa, Oifig an Phoist i Réidh na nDóirí agus Éardamh sa seipéal roimh nó i ndiaidh Aifreann agus in Oifig an Pharóiste Luan agus Máirt óna 10—1.
Memorial Mass cards as well as Mass cards for various occasions including Anniversary, Get Well, With Sympathy and birthday Mass bouquets—are available in the sacristy in Cúil Aodha church before or after mass, in Ó Luasa’s shop, the Post Office in Réidh na nDóirí and also now available from The Parish Office Mondays and Tuesdays from 10—1pm. Suggested offering is €12.
Baiste
Is féidir foirmeacha iarrtais chun baiste do bhailiú ón Éardamh roimh nó i ndiaidh Aifreann agus san oifig Dé Luain nó Dé Máirt idir 10rn agus -1.00in.
Applications for baptism—forms are available in both sacristies or parish office.