Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
FÉILE AN TEAGHGLAIGH NAOFA – Bliain C
(29/12/2024)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
FÉILE AN TEAGHGLAIGH NAOFA Blian C
(Blian C: 2025)
CHÉAD LÉACHT
Sliocht as céad Labhair Shamúéil 1 Sam 1:20-22. 24-28
Thug Hanná Shamúéil don Tiarna é lena shaol
Ghabh Hanná gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air,
toisc, ar sí “gur iarr mé ar an Tiarna é.”
An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an
bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna. Ach ní
dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: “Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch,
tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go
brách.”
Dúirt Ealcáná a fear ansin léi:
“Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.”
D’fhan anbhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.
Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg. Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí.
Dúirt sí “A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna.
Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d’iarr mé air.
Uime sin thug mé suas don Tiarna é lena shaol.
Tá sé tugtha suas don Tiarna.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Salm 83:2-3.5-6. 9-10
Freagra Is Méanar dá ndéanann Cónaí i dTeach Dé
álainn go dearfa d’áras, |a Thiarna na slua!
Ag meirtniú le méin do m’anam, santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.
Gairdíonn mo chroí is mo cholainn, i nDia – an Dia bithbheo. Freagra
An gealbhan féin, fuair sé teach; fuair an fháinleog nead di féin
mar a gcuirfeadh sí a hál ag d’altóirí; a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia. Freagra
Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach; beidh siad do do mholadh de shíor.
Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart; an dream a mbíonn do shlite ina gcroí. Freagra
A Thiarna na slua, éist le mo ghuí; tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib.
Selah Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d’ungthaigh féin Freagra
An Dara Leact
Sliocht as céad Litir Naomhn Eoin :1-2, 21-24
Glaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn.
Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn.
Sé an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.
Chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach
nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é
mar atá sé.
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia.
Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go
ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in
ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d’ordaigh
seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean
ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Bhí Íosa ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.
Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile; agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d’fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais, agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg.
I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu. Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis:
“A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d’athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m’Athar nárbh fholáir dom bheith?” Ach níor thuig siad an focal a labhair sé leo.
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí. Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196