Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Féile Bhaiste ár dTiarna – Bliain C
(12/1/2025)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Dé Máirt 10-1
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish (Ag brath ar an aimsir dian seaca is sneachta)
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6.00in
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9.30rn
Dé Máirt 9.30rn
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00n
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn 7:30in
Cill na Martra
Dé Máirt—10.30rn
Dé hAoine 7.00in
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
De Máirt 9:30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6.00
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Cluan Droichead
Dan O Suilleabháin Cluan Droichead
Féile Bhaiste ár dTiarna
(AN CÉAD DOMHNACH TARÉIS EANÁIR 6), Blian C
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia, Fáidh. 40:1-5. .9-11
Seo é mo shearbhónta a bhfuil páirt mo chléibhe leis.
“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,” a deir bhur nDia.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh,
go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Tá glór ag fógairt: “Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna.
Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc;
déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.
Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht.
Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.”
Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón.
Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim.
Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart,agus a lámh ag smachtú roimhe!
Tá a luach saothair leis ina sheilbh,agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó,
ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn,
á n-iompar ar chlár a uchta
agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 28: 1-4. 9-10 R/v 11
Freagra Beannóidh an Tiarna a phobal Ie síocháin
1. Tugaigí don Tiarna, a chlann Dé, tugaigí don Tiarna clú agus cumhacht.
Tugaigí don Tiarna glóir a ainm. Adhraigí an Tiarna ina phálás naofa. Freagra
2.Tá glór an Tiarna ar an uisce, I tá an Tiarna ar na huiscí móra.
Tá glór an Tiarna go lánchumhachtach, tá glór an Tiarna go lánmhaorga. Freagra
3. Tá Tiarna na glóire ag toirneach. Cluintear ‘glóir!’ ó gach aon neach ina theampall.
Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann; tá an Tiarna ina rí go brách. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 10:34-38
Rinne Dia é a ungadh leis an Spiorad Naomh.
Thosaigh Peadar ag labhairt le Coirnéilias agus lena theaghlach:
“Tuigim anois go fíor nach bhféachann Dia chun pearsan seachas a chéile ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d’fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost – an té atá ina Thiarna ar chách uile. Tá a fhios agaibh an rud a thit amach ar fud Iúdáia, tar éis dó tosú sa Ghailíl i ndiaidh an bhaiste a d’fhógair Eoin, an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Mc 9: 8
Alleluia, Alleluia!
Osclaíodh na flaithís agus cloiseadh glór an athar, á rá: ‘Is é seo mo Mhac muirneach: éstigí leis.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 3:15-16.21-22 Glóir duit a Thiarna.duit.
Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin,
go
mb’fhéidir gurbh é an Críost é, d’fhreagair Eoin á rá leo uile:
“Táimse do bhurmbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.”
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é
ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth
corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis:
“Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196