Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
Domhnach Deascabhála
(17/5/2026)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
085-8783823 (Oifig an pharóiste)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain agus Déardaoin 9:00-11:30 rn
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parish
Baile Mhúirne
Dé Sathairn 6:00
Dé Domhnaigh 11.30rn
Dé Luain 9:30rn Adhradh na Croise 10:00 – 5:00 in.
Dé Máirt 9:30
Dé hAoine 9:30r.n
Cúil Aodha
Dé Domhnaigh – 10:00rn
Réidh na nDoirí
Dé Sathairn
Céad Comaoine 10:00
5:00 in
Cill na Martra
Dé Máirt 10:30
Dé hAoine 7:00 i.n.
Dé Sathairn
Céad Comaoine 12:00
Dé Domhnaigh – 11:30rn
Cluan Droichead/Clondrohid
Dé Luain 9.30
Dé Céadaoin 9.30
Déardaoin 9.30
Dé hAoine 9.30
Dé Domhnaigh 9.30
Carraig an Ime
Dé Sathairn 6:00in
Ár Mairbh
Baile Mhúirne—Cúil Aodha
A fuair bás i rith na seachtaine
Máire Ní Shuilleabháin Doire an Chuillinn, Cúil Aodha
A fuair bás an tráth seo bhliana
Matt (Mike Hugh)_ Ó Tuama Doire Leathan Cúil Aodha agus Turners Cross
Batt Leahy na Milíní Cúil Aodha
Pádraig Ó Cróinín Na Milíní Cúil Aodha agus Túnlán
Nellie Ui Cheallacháin Cúil a Bhuacaigh
Paddy agus Joan Uí Chríodáin, Baile Mhic Íre Thoir agus Cúm na Cloiche
Cill na Martra/Réidh na nDoirí
A fuair bás an tráth seo bhliana
Nóra agus Gerry Ui Liatháin Lios a’ Chroasaigh, Cill na Martra
Stephen Lynch Cúil a Bhuacaigh, Cill na Martra
Dónal Vaughan Réidh na nDoirí
Máire John agus Séamus Hoare Na Cuil
Eileen O Sullivan Baile Uí Bhuaigh
Cluan Droichead
Deascabháil Ár dTiarna
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 1:1-11
Tógadh suas os comhair a súl é.
Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar,
“An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”
Ach d’fhreagair sé iad:
“Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. “A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 46: 2-3, 6-7 -8-9 R/v 2
Freagra Gabhann Dia in airde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Malairt Freagra Alleluia!
I. Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile, gairdigí do Dhia Ie teann lúcháire!
Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne. Freagra
2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dó Seinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó Freagra
3. Is é Dia rí na cruinne go léir. Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dó
Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na hEifísigh 1:17-23
Chui sé ina shuí ar a dheis fin sna flaithis é.
A bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Alleluia Véarsa Mt 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!
Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;
‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha 28:16-20 Glóir duit, a Thiarna.
Tá gach údardas tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
San am sin d’imigh an t-aon deisceabal déag leo go dti an Ghailil, go dti an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh, agus ar a fheiceãil dóibh d’umhlaiodar dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.
Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo:
‘Ta gach údarãs tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
Imigí dá bhri sin. déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, a mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil.
Agus féach tâim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost.
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Comhgaidreachas
Deagánach/ Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Uamha Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Bermingham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Bermingham, PP Youghal (083) 868 7196