Nuacht Litir 22ú & 23ú Lúnasa 2020

CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Íseáia 22:19-23
Leagaim eochair theach Dháiví ar a ghualainn.

Seo mar a deir Tiarna na Slua le Seabna, máistir an pháláis:

Brisfidh mé as do phost thú,
as d’ionad stróicim thú anuas;
agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach,
Eiliácaím mac Hilciá.
Tá mé chun a ghléasadh i d’ionarsa,
chun é a fheistiú le do shursaing,
agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh,
agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim,
agus ag teaghlach Iúdá.
Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn;
má osclaíonn sé, ní dhúnfar;
má dhúnann, ní osclófar.
Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean:
déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.

Briathar Dé.  

Salm le Freagra             Sm 137
Freagra   A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí; na tréig obair do lámh.

  1. Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, ó mo chroí go hiomlán
    mar gur éist tú le briathra mo bhéil.
    I bhfianaisé na n-aingeal móraim thú;
    sléachtáim i dtreo do theampaill naofa.               Freagra
  2. Gabhaim buíochas leat as ucht do mhaitheasa is do dhílsé,
    mar gur mó fós do gheallúint ná do chlú.
    Nuair a ghlaoigh mé ort d’éist tú liom,
    agus thúg tú neart breisé do m’anam.                   Freagra
  3. Dá airde é an Tiarna, is cúram dó an t-íséal;
    ach breathnaíonn sé an t-uaibhreach i bhfad uaidh.
    A Thiarna, maireann do mhaitheas go síoraí;
    na tréig obairdo lámh.                                              Freagra

DARA LÉACHT 

Sliocht as céad Litir Naomh Pól chuig na Rómhánaigh 11:33-36
Is uaidh agus tríd agus dó gach uile ní dá bhfuil ann.

Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!  “Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”  Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?” Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa             Mth 16: 18
Alleluia, alleluia!
Deirimse leatsa gurtú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais,
agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.
Alleluia!

SOISCÉAL 

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Mhatha       16:13-20
Is tü Peadar, agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas.
San am sin ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d’fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal:
“Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.”

Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibhse mé?” Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”
D’fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d’fhoilsigh duit é ach m’Athair atá ar neamh. Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m’eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.”

Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.

Soiscéal Dé.

AN CHRÉ.       Chré Nicea-Constaintínópail

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a dhein neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin,
Íosa Críost, aon Mhac Dé
an té a rugadh ón Athair sara raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor Dhia ó fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna,
agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spiorad Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son fé Phontius Píoláit
D’fhulaing sé páis agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an triú lá, mar a d’fhógair na scrioptúr;
chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
b’ é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda.
Adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht.

AMEN

________________________________________________

Rúndiamhair an chreidimh.

Táimíd ag fógairt do bháis, a Thiarna, agus ag

comóradh d’aiséiri, no go dtaga tú.

The mystery of faith.

We proclaim your Death, O Lord, and profess

your Resurrection until you come again.

Baile Mhúirne / Cúil-Aodha

22ú & 23ú Lúnasa 2020

Fiche hAonú Domhnach den Bhliain

Is féidir féachaint ar léachtaí Gaeilge ar line    https://www.catholicireland.net/readings/?feature=sunday&lang=irish

Readings can be viewed online https://www.catholicireland.net/readings

Deoise Chluain Uamhu / Cloyne Diocesan Website http://cloynediocese.ie/

Athair Dónal Ó Briain   086-2530789.

IARRTAR BHÚR bPAIDREACHA AR SON ÁR MAIRBH

Marguerite McCarthy, Corcaigh & Caisleán na Martra

A fuair bás le déanaí

Máire O’Riordan, The Flatts

Mary O’Riordan, Árdán Ghobnatan

Fiachra Ó hAodha, Cúil-Aodha

Tomás Ó Mulláin, Screathan

Connie, Sheila & Denis Lynch, Na Cillíní

   A fuair bas ag an taca seo den bhliain

AIFREANNTAÍ   NA SEACHTAINE

   BAILE MHÚIRNE

Luan go hAoine              9.30 r.n.

Dé Satharn                    11.00 r.n.

Dé Domhnaigh           11.00 r.n. * * *

             (tabhair faoi deara go bhfuil an t-am athruithe          

             de bharr craoladh – feach nóta thios)

CÚIL-AODHA

Dé Máirt                       10.30 r.n.

Dé hAoine                     7.00 i.n..

  • AIFREANN SCRÍN GHOBNATAN AISTRITHE GO DTÍ SÉIPÉAL BHAILE MHÚIRNE

Dé Domhnaigh, 30ú Lúnasa ag 11.00 r.n.

á chraoladh ar RTE1teilifís & RTE Radio 1

  • This mass has now been transferred to Ballyvourney Church, by agreement with KIROS and RTE
  • The mass will be broadcast on both RTE 1 Radio and Television and will be at 11 am
  • People are asked to attend Mass as normal and to observe social distancing. Numbers in the church are limited by regulations but people are also invited to attend Mass in the church grounds.
  • Communion will be distributed at the main door of the church as well as in the church.
  • Séipéal Bhaile Mhúirne will be out of commission from 12 noon on Saturday to facilitate preparations for the broadcast on Sunday.
  • No 6.30pm Mass in Baile Mhuirne on Saturday 29th
  • No Mass in Cúil-Aodha on that Sunday 30th

BAILIÚCHÁIN

         15ú & 16ú Lúnasa – €1,320 curtha sa bhanc.

MINISTÉIRÍ NA hEOCAIRISTE / EUCHARISTIC MINISTERS

Satharn, 29ú Lúnasa   John Murphy & Mary Lynch

Domhnach, 30ú Lúnasa    Colman Twomey & Brian McSweeney

BAILITHEÓIRIÍ – MÍ LÚNASA (GRÚPA A)

DOOR COLLECTORS FOR AUGUST (Group A)

Satharn, 6.30 i.n.

– Michael Kelleher, Paddy Hoare, Pat McSweeney,

– Mossy O’Connell

Domhnach, 11.30 r.n.Michael Lucey

CÉAD COMAOINE  

Beidh searmanaisi Céad Comaoine

á cheiliúradh ar an dátai seo leanas:

Baile Mhúirne  – Satharn 03/10/20

Cúil Aodha    – Satharn 10/10/20. 

CUMANN NAOMH UINSEANN DE PÓL

Tá cabhair ar fáil do dhaoine / teaghlaigh atá i ngátár ag an am seo. Déan teagmháil linn, faoi rún, ar 086/2400574 nó 021/4270444

St Gobnait’s Conference, St Vincent de Paul Society.

The Society invites any family or individual who wishes to

avail of supports the Society may be able to provide to contact them in strictest confidence on 086//2400574 or 021/4270444

LINN SNÁMH CONCHÚBHAR Ó LAOGHAIRE

Tá ana áthas orainn a fhógairt go bhfuil Linn Snamh Conchúbhar Ó Laoghaire ar oscailt. Tá socraithe nua curtha i bhfeidhmn  againn ag claoí le treoirlínte an Rialtas, an HSE agus an WHO le sabhailteacht ár bhfoireann agus ár gcustaiméirí san áireamh. Caithfear do snámh a bhocáil ar líne anois ag an suíomh www.klubfunder.com nó is

féidir glaoch a chuir ar 0830842839 chun

labhairt fé séisiún príobháideach.

We are delighted to announce that Linn Snámh

Conchúbhar Ó Laoghaire  is now open. We have

put measures in place in line with the Government, HSE and the WHO to ensure the safety of our staff and customers. You now have to prebook your swim on www.klubfunder.com or call 0830842839 to speak to someone about a private pool session.

Amannta Oscailte/ Opening Times

Luan-Aoine (Mon-Fri)      5 – 6 & 6 – 7

7 – 8 (Daoine fásta / Adults)

Deireadh Seachtain (Weekends)

12 – 1 (Daoine fásta / Adults)

1 – 2 &  2 – 3

AN CHORÓIN MHUIRE / THE ROSARY

Na Rúindiamhara Ghlórmhara / Glorious Mysteries

  1. Aiséirí Chríost ó Mhairbh

The Resurrection

  1. Deasgabháil ár dTiarna suas ar Neamh.

The Assencion

  1. Tuirlingt an Spioraid Naimh ar na hAspail

The descent of the Holy Spirit

  1. Deastógail na Maighdine Muire suas ar Neamh

The Assumption

  1. Córónú na Maighdine mar Bhanríon ar Neamh

The crowning of our Blessed Lady

Rúndiamhra an tSolais / Mysteries of Light

  1. Baisteadh ár dTiarna

The Baptism of Jesus in the Jordan

  1. An Pósadh i gCána

The Wedding Feast at Cana

  1. Fógairt Ríocht Dé

The Proclamation of the Kingdom of God

  1. Claochlú an Tiarna

The Transfiguration

  1. Bunú na Naomhshacraiminte

The Institution of the Eucharist.

Leave a Comment