Tuath na Dromann
Paróiste Baile Mhúirne/Cúil Aodha
Paróiste Cill na Martra / Réidh na nDoirí
An Séú Domhnach den Cháisc
(14/5/2023)
“A Ghobnait Mhúinte ó Bhaile Mhuirne, Guig orainn”
“Láimh Laichtín lonrach tharrainn”
Uimhir guthán don Sagart +353 (85) 878 3823 (Parish Phone)
Nuacht litir/newsletter nuacht@tuathnadromann.ie
Oifig an Pharóiste, Tigh an tSagairt, Baile Mhúirne Dé Luain and Dé Máirt 10-1
Tá an suíomh seo sealadach maraon le fógraí ar feadh tamailín beag/This site and arrangements are in the process of being rearranged
Aifrinntí sna Paróistí / Mass in the Parishes
Aifrinntí i rith na seachtaine /Masses during the week
Baile Mhuirne
Dé Luain – 9.30rn
Adhradh óna 10.00 go 5.00
Dé Máirt —9.30rn
Dé hAoine – 9.30rn
Sathairn—6.30in
Domhnach —11.30rn
Cúil Aodha
Dé hAoine —10.30rn
Domhnach– 10:00rn
Réidh na nDoirí
Satharn —8.00in
Cill na Martra
Dé Máirt —10.30rn
Dé hAoine – 7.00in
Domhnach 7ú – 11:30rn
Ár Mairbh
Dóibh sin a fuair bás ag an am seo den bhliain
Anne O Donoghue. Sliabh Riach Baile Mhuirne.
Liam Corcoran, Baile Mhic Íre
Caitríona Hickey (Ni Thuama), Na hUlláin Thiar
Hancy Uí Chéilleachair, Carraig an Adhmaid
Nóra O’Connell, Srón na gCaor, Cluain Droichead
Mary Lucey, Baile Mhic Íre
Danny & Nóra Ó Suilleabháin, Gort na Tiobratan
Andy Scannell, Baile Mhic Íre
Dónal Lehane, Na Cillíní
Eibhlín Uí Shuibhne, Sliabh Riach
John & Abby McCarthy, Sliabh Riach
Jimmy Scannell, Bóthar Abán
Peg Hoare, Gort Uí Rathaille
Patrick Leader, Baile Mhic Íre Thoir
Nóra Bn Uí Fhlanagáin, An Muileann
Michael O’Riordan, Ráthúna
An Séú Domnach den Cháisc
CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 8:5-8. 14-17
Leag siad a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh
Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh. Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin.
Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. Ar theacht dóibhsean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.
Briathar Dé.
Salm le Freagra Sm 65
Freagra Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.
Malairt Freagra Alleluia
1. Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile canaigí clú a ainm.
Tugaigí moladh mórghlórach dó. Abraigí le Dia: ‘Nach éachtach iad d’oibreacha.’ Freagra
2. Adhrann an talamh uile thú, canann sí duit, canann sí do d’ainm.
Tagaigí agus féachaigí oibreacha Dé, na héachtaí a rinne sé i measc na ndaoine. Freagra
3. Chlaochlaigh sé an mhuir ina talamh thirim; chuathas de chois thar an abhainn.
Dá bhrí sin déanaimis lúcháir! Rialaíonn sé lena chumhacht go síoraí. Freagra
4. Sibhse uile ar a bhfuil eagla Dé, tagaigí, éistigí, is inseoidh mé daoibh faoina ndearna sé dom.
Go mba bheannaithe é Dianár thug an diúltú do mo ghuí,
is nár tharraing siar a bhuanghrá uaim. Freagra
DARA LÉACHT
Sliocht as céad Litir Naomh Peadar 3:15-18
Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.
A clann ionúin, bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?
Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.
Briathar Dé.
Alleluia Véarsa Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin 14:15-21
Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail
Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.
Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile 
chun fanacht faraibh go deo – Spiorad na Fírinne,
nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é.
Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.
Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.
Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta;
ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.
An té a bhfuil m’aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom.
An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m’Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart
Fógraí
Oifig an Paróiste
Oifig Oscailte Dé Luain agus Dé Máirt óna 10.00 go 1.00
Parish Office open from 10am until 1pm.
Achmhainne Gairmeacha i rith ne bliana –Thinking of Vocations throughout the year
- Idirghuí ar son Gairmeacha bunaithe ar an Scrioptúr
- Scripture Prayers for Vocations
- Uair Beannaithe ar son Gairmeacha Holy Hour for Vocations
- Coróin Mhuire ar son Gairmeanacha A Rosary for Vocations
- Aifreann ar son Gairmeacha Mass for Vocations

Deagánach Deacons
Tugann an tEaspag Cluain Umhna Liam Ó Croidhean cuireadh do fear cáilithe, pósta nó singil, a bhfuil suim acu bheith mar deagánach sa deoise dul i dteangmháil le Canóin Bill Beringham, SP Eochail 083 868 7196
The Bishop of Cloyne invites eligible men, married or single, who are interested in becoming ordained deacons in the diocese to contact Canon Bill Beringham, PP Youghal (083) 868 7196
Seoladh Oifigiúil Leabhair – Óstán Ghobnatan Domhnach Cíncíse 28ú Bealtaine 2023. (Fógrófar an t-am nios déanaí)
Leabhar Nua ó Choncubhar Ó Loinsigh: “People & Places Associated with Saint Gobnait”
‘New Book by Cornelius Lynch : People & Places Associated with Saint Gobnait – official launch in The Abbey Hotel on Whit Sunday 28th May 2023. Times to follow’
Marymount Hospice
Beidh rith sean-gluaisteáin/tarracóir/ gluaisrothar I gcuimhne Nora Twomey ar Domhnach an 14ú Bealtaine. Costas €20. Clárú óna 10.30rn ag Cill na Martra CLG ag imeacht ag 12.30in. Airgead ag dul go Marymount Hospice.
Nora Twomey Memorial vintage car/ tractor/ motorbike run/walk will take place Sunday 14th of May.
Entry fee €20. Registration from 10.30 am in the Killnamartyra GAA Grounds leaving at 12.30pm. All proceeds going to Marymount Hospice.
Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Mhuirne/Bhaile Mhic Íre.
Tá achuinní práinneach dá dheineamh againn leis an Feachtas Bailithe Brúscair agus sinn ag lorg cabhrach ó gach éinne do chomortas 2023. Beidh na moltóirí ansa ar an 15ú. Áireofar gach píosa brúscair, butts toitíní san áireamh, agus bainfear as ár scór de 100 marc iad. Impímíd oraibh gach bluirín brúscair, a fheiceann sibh timpeal oraibh, a phioca suas agus deimhin a dheineamh de gur ag Shráid Bhaile Bhaile Mhuirne/Bhaile Mhic Íre a bheidh an craobh.
Ballyvourney Tidy Towns, Anti-Litter Competition Making an urgent appeal for everyone’s help in competing for the Anti-Litter competition 2023. Judges will be visiting regularly from May 15th, and every piece of rubbish, including cigarette butts, will count as points deducted from our score of 100. Please pick up any litter you see and help ensure Ballyvourney/Ballymakeera win best kept village.
Tuirín Dubh
‘Tuairín Dubh’ ceoldráma nua faoi Chogadh na Saoirse, ar stáitse sa halla i mBéal Átha’n Ghaorthaidh 11-13 & 18-20 Bealtaine.
A brand new bilingual musical based on real events during the War of Independence in Ballingeary and surrounding area. ‘Tuairín Dubh’ will be staged in the halla Ballingeary May 11-13 & 18-20. Tickets €20/15 available on eventbrite.ie. Full subtitles throughout. More info on Facebook ‘An Tuairín Dubh.’ Beidh fáilte romhaibh sa Tuairín Dubh!